Tá sé ráite ag beirt de na hiomaitheoirí atá ag iarraidh ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann sa Eurovision gur cheart cosc a chur ar Iosrael páirt a ghlacadh sa chomórtas.
Tá breis agus 25,000 Palaistíneach maraithe ag fórsaí armtha Iosrael le ceithre mhí anuas agus inniu féin d’ordaigh an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta do rialtas Netanyahu gníomhartha cinedhíothaithe a sheachaint in Gaza, cé go raibh díomá ar go leor ar fud an domhain nár éiligh an Chúirt sos comhraic láithreach.
Is iad Erica-Cody agus Bambie Thug an bheirt amhránaithe a bhfuil sé curtha in iúl acu nár cheart cead a thabhairt d’Iosrael a bheith i gcomórtas Eurovision na bliana seo, a bheidh ar siúl i Malmö na Sualainne i mí na Bealtaine.
“Ceapaim gur chóir dúinn an cur chuige céanna a fheiceáil agus a úsáideadh i leith na Rúise nuair a rinne siadsan ionradh ar an Úcráin,” arsa Erica-Cody, ceoltóir R&B as Baile Átha Cliath nach bhfuil in éadan baghcat a dhéanamh ar an chomórtas má roghnaítear í mar iarrthóir na hÉireann.
Agus í ag déanamh tagairt don chosc a cuireadh ar an Rúis, dúirt an Corcaíoch Bambie Thug gur cheart “na rialacha céanna a bheith ann do chách” chomh maith.
Tá feachtas ar siúl faoi láthair chun brú a chur ar RTÉ gan ionadaí a sheoladh chun na Sualainne má bhíonn Iosrael páirteach ann ach tá sé ráite ag an chraoltóir náisiúnta nach bhfuil sé i gceist tarraingt siar.
Is anocht a roghnófar amhrán na hÉireann nuair a bheidh an comórtas náisiúnta Eurosong á chraoladh mar chuid de The Late Late Show.
Mar aon le rianta Erica-Cody agus Bambie Thug tá ceithre amhrán eile san iomaíocht. Ina measc sin tá ‘Go Tobann’, á cheol ag Ailsha, a phléann, ar bhealach beagán diamhair, leis an easpa Gaeilge a bhíonn ag go leor daoine tar éis dóibh an scoil a fhágáil.