Tá an turas carthanachta rothaíochta ar thug eagarthóir NÓS, Maitiú Ó Coimín, faoi an mhí seo caite curtha i gcrích aige agus an ceann scríbe — barr Shliabh Oilimpeas sa nGréig — bainte amach aige ag an deireadh seachtaine.
Thaistil Maitiú ó Bhaile Átha Cliath, tríd an mBreatain agus trasna na hEorpa, go Litóchoro na Gréige, áit ar fhág sé an rothar ag leibhéal na mara agus dhreap an sliabh cáiliúil. Ceathracha lá a thóg sé an turas 3,700km a dhéanamh agus an sliabh 2,918m a dhreapadh, agus go dtí seo tá beagnach €4,900 bailithe aige.
Goideadh roinnt airgid uaidh ag tús an turais agus é ag trasnú na teorann idir an Bhreatain Bheag agus Sasana. Ar an leathanach GoFundMe a shocraigh Maitiú i ndiaidh na heachtra sin, mhínigh sé go gcuirfeadh sé “chuile phingin” i dtreo Chumann Ailse na hÉireann agus MS Éireann i ndiaidh don airgead a goideadh sa mBreatain a chúiteamh. Sáraíodh an méid sin an chéad lá den fheachtas tiomsaithe airgid agus rachaidh na mílte Euro anois i dtreo na n-eagraíochtaí carthanachta.
Ní gan dua a bhain Maitiú a sprioc amach. Anuas ar an ngoideadh airgid ar an dara lá den turas, bhuail tinneas é i Londain a d’fhág sa leaba é ar feadh lae, chuaigh sé amú i gcoill taobh amuigh de Bonn na Gearmáine ar feadh dhá uair a chloig, briseadh a fhón i Nürnberg agus b’iomaí poll a cuireadh i rothaí a rothair ar feadh an bhealaigh.
“Tá mé an-sásta gur éirigh liom ceann scríbe a bhaint amach ar deireadh agus an méid sin airgid a bhailiú do na heagraíochtaí carthanachta. Bhásaigh m’athair de bharr na hailse ag deireadh na bliana seo caite, agus déanann Cumann Ailse na hÉireann obair iontach ar sthaon daoine a bhfuil an galar uafásach sin orthu agus ar son a muintire. Tá súil agam go gcabhróidh an t-airgead seo le teaghlaigh eile atá ag fulaingt faoi láthair.
“Anuas air sin, tá MS ar chara dílis liom, agus cuireann an galar sin isteach go mór ar a shaol, cé nach gceapfá riamh ó a bheith ag caint leis go raibh rud ar bith mícheart leis. Is maith liom go gcabhróidh cuid den airgead le duine atá fós agam i mo shaol agus atá thar a bheith tábhachtach dom freisin,” a dúirt sé.
Tá Maitiú anois ar a bhealach ar ais go hÉirinn agus súil aige Baile Átha Cliath a bhaint amach tráthnóna Dé Céadaoin. Beidh an leathanach GoFundMe oscailte go dtí Dé Domhnaigh agus súil aige an sprioc €5,000 a leag sé síos a shárú idir seo agus sin. Is féidir cuntas Mhaitiú ar a thuras a fheiceáil ar a leathanaigh Instagram agus Twitter, agus airgead a dheonú anseo.
⛰🇬🇷⚡ pic.twitter.com/9gnhXdd8OS
— Maitiú (@maitiuocoimin) 16 Meán Fómhair 2018