Tá os cionn míle duine cláraithe cheana féin do Lá Mór na Gaeilge 2018 ‘Beo – Gaelach agus Bródúil’ a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath ag tús na míosa seo chugainn. Seolfar an “fhéile shráide Ghaeilge is mó” inniu ag meán lae i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath.
Slógfaidh Gaeil na hÉireann ag Cearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath ar an 3 Márta ag meán lae agus siúlfaidh siad go Cearnóg Mhuirfean ar an taobh eile den chathair mar chuid den cheiliúradh lae ar an nGaeilge.
Is é ‘Beo’ an imeacht is mó a bheidh ar siúl in Éirinn mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018, a seoladh sa Daingean i gCorca Dhuibhne ag tús na bliana. Beidh óráidí, ceol agus siamsaíocht eile ar an ardán mór a thógfar ag Cearnóg Mhuirfean ón 2 a chlog ar aghaidh.
Dúirt Síomha Ní Ruairc, eagraí na féile, le NÓS go bhfuil “roinnt mhaith” bannaí ceoil le bheith páirteach san ócáid ach go mbeifear á gcoinneáil faoi rún go ceann cúpla seachtain eile.
“Beidh ceol, craic agus roinnt óráidí ann chomh maith. Beidh ceol ann ar feadh an mhórshiúil féin chomh maith, tá muid ag súil go mbeidh roinnt ceoltóirí agus grúpaí ceoil ag siúil agus beidh roinnt amhrán á gcasadh againn agus muid ag siúl chomh maith.
“Tá os cionn 50 grúpa éagsúla agus 1,000 duine, idir dhaltaí bunscoile agus meánscoile, chlubanna, Chumann Lúthchleas Gael, chumainn tríú leibhéal, chraobhacha de chuid an chonartha, chomharchumainn agus ghrúpaí pobail, cláraithe cheana féin. Tá busanna eagraithe fud fad na tíre agus beidh léarscáil á heisiúint maidir leo sin Dé Luain,” a dúirt Síomha.
Tá ‘Beo’ ag teacht i gcomharba ar ‘Lá Mór na Gaeilge’ agus ‘An Lá Dearg’ a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste in 2014 agus in 2017 ach dúirt Síomha gur “ceiliúradh seachas agóid” a bheidh i gceist leis an Lá Mór i mbliana cé go mbeifear ag baint úsáide as an lá le haird a tharraingt ar chruachás na Gaeilge agus na Gaeltachta freisin.
“Is ceiliúradh a bheidh ann agus beimid ag iarraidh ár mbród as an teanga a léiriú ach ag an am céanna sílim gurb í Bliain na Gaeilge an deis is mó atá againn le haird a tharraingt ar na deacrachtaí agus na dúshláin atá roimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. An easpa maoiniú, tacaíochta agus infheistíochta ón Rialtas sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht, agus beidh an-chuid daoine ó na meáin ann an lá sin mar sin bheinn ag súil go ndíreofaí air sin freisin. Ní dhéanfar dearmad ar na rudaí sin ar an lá,” a dúirt sí.
Bhí tuairim is 10,000 i mBéal Feirste anuraidh agus thart ar 8,000 i mBaile Átha Cliath ceithre bliana ó shin, ach dúirt Síomha go bhfuiltear ag tuar go mbeidh thart ar 4,000 duine ann i mbliana cé go bhfuil súil aici go dtiocfaidh i bhfad níos mó ná sin.
“Tá mé ar bís don lá, tá an-chuid oibre fós le déanamh ach tá coicís go leith fágtha go dtí an lá. Sílim gur an deis í le taispeáint do pháistí scoile beocht na teanga taobh amuigh den seomra ranga. Tuigim gur lá do gach duine a bheidh ann, do mhuintir na Gaeltachta, do phobal na Gaeilge ach tá roinnt mhaith scoileanna tar éis teacht i dteagmháil linn le rá gur an-deis atá ann a léiriú do pháistí go bhfuil an Ghaeilge beo ar fud na tíre,” a dúirt sí.
Tá pacáistí ar fáil do dhuine nó do ghrúpa ar bith a chláróidh le Beo, Gaelach agus Bródúil ina mbeidh ábhar bolscaireacht agus ábhar eile.
Bhí an dearg mar chroíchuid de na mórshiúlta eile go dtí seo, agus cé go bhfuil lógó an lae seo dearg arís, dúirt Síomha gur “grá don Ghaeilge” seachas “fearg” atá i gceist leis agus nach mbeifear ag súil go mbeidh gach duine a shiúlfaidh ó Chearnóg Pharnell ag caitheamh éadaí dearga.
“Tá an dearg ann ar an lógó arís ach ní hé dearg téama ná dath an lae. Beimid ag súil le han-chuid dathanna agus siúlóid gheal spleodrach,” a dúirt sí.