Os cionn €2,000 bailithe ag colúnaí NÓS ar son na n-otharcharr aeir

Tá os cionn €2,000 bailithe ag Sláine Ní Chathalláin, a bhíonn ag scríobh go rialta don iris seo, ar son na n-otharcharr aeir. Bheartaigh Sláine páirt a ghlacadh sa dúshlán ‘Marching Through March’ agus 310,000 coiscéim – 10,000 coiscéim sa ló – a shiúil idir an 1 Márta agus an 31 Márta. Tá an beart déanta anois aici agus dhá mhíle euro bailithe aici don tseirbhís.

Tá daoine ar fud na tíre ag glacadh páirte sa dúshlán ar mhaithe leis an gcarthanas ICCR Air Ambulance atá lonnaithe i gCorcaigh. Is féidir leis an tseirbhís héileacaptair othair a thabhairt ón Daingean i gCorca Dhuibhne go ospidéal Chorcaí in imeacht 20 nóiméad agus is seirbhís an-tábhachtach í do mhuintir na Mumhan trí chéile.

“Creidim go mór sa tseirbhís. Bhí orthu teacht go dtí mo chomharsana, ar cairde liom iad, anuraidh. Bailíodh airgead don tseirbhís ag an snámh i mBaile na nGall aimsir na Nollag agus theastaigh uaim cur leis sin. Is féidir leo beatha daoine a shábháil mar tá an héileacaptar níos tapúla ná an t-otharcharr go háirithe in áiteanna ar nós Chorca Dhuibhne. Íocann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte na hoibrithe leighis, ach is airgead a dheonaítear an chuid eile agus cosnaíonn sé an-chuid an tseirbhís a rith,” a dúirt Sláine le NÓS.

Is féidir airgead a dheonú tríd an leathanach Facebook anseo.

SCÉALTA EILE