Tá na mílte euro bailithe ag CLG Mícheál Breathnach, Liathróid Láimhe Mícheál Breathnach agus Cumann Sacair Chois Fharraige don charthanas Pietà House lena bhfeachtas ‘Bogadh na mBailte’ a reáchtáladh an deireadh seachtaine seo caite mar chuid den fheachtas idirnáisiúnta ‘Darkness Into Light’.
Is iondúil go mbíonn siúlóidí oifigiúla Darkness Into Light ann i mbailte beaga ar fud na Gaeltachta, agus reáchtáladh siúlóidí i gCorca Dhuibhne agus i dTír Chonaill chomh maith le háiteanna eile i mbliana, ach bheartaigh pobal Chois Fharraige casadh nua a chur ar an imeacht i bhfianaise an víris chorónaigh.
Bhí ‘Bogadh na mBailte’ ar siúl ón 9.00 go 21.00 Dé Domhnaigh an 9 Bealtaine, agus bhí uair go leith ag muintir gach baile fearainn i gceantar Chois Fharraige, ó Bhoth Chuanna go Ros an Mhíl, 125km a shiúl, a rith, nó a shnámh ag an luas is fearr dóibh féin.
Ghlac daoine atá ina gcónaí i gCeantar Chois Fharraige chomh maith leo siúd atá ar deoraíocht in áiteanna eile in Éirinn agus thar lear páirt sa dúshlán agus tá €6,885 bailithe go dtí seo ar an leathanach tiomsaithe airgid.
Iontach uilig 🥳🥳🥳
Posted by Micheal Breathnach on Dé hAoine 7 Bealtaine 2021
Cuireann Pietà House tacaíocht ar fáil do dhaoine a bhfuil an féinmharú ar intinn acu agus do dhaoine a fhágtar i ndiaidh na marbh. Is féidir tacú le pobal Chois Fharraige ag ar a leathanach GoFundMe.