Caitheann Eoin Ó Catháin súil siar ar an deichaois atá imithe tharainn agus pléann cuid d’imeachtaí móra polaitíochta ár linne…
Cé gur minic a scríobhaim le greann do NÓS – tá mé dáiríre faoi chúpla rud sa saol: an Ghaeilge, conas mar atá Oscar tuillte ag Saoirse Ronan, agus an pholaitíocht. Ag féachaint siar ar na deich mbliana atá imithe tharainn, is dóigh liom gur iomaí eachtra polaitíochta a gcuimhneoidh muid orthu agus muid níos sine – is cinnte gur athraigh an domhan agus ár sochaí go mór ó 2010. Déanfaidh mé iarracht achoimhre a dhéanamh ar na scéalta a bhain an anáil dínn le blianta beaga anuas.
10. Géarchéim na dTeifeach agus Willkommenskultur na Gearmáine
Ba mhinic scéalta uafáis a fheiceáil agus a chloisteáil ó theorannacha na hEorpa, agus an-chuid inimirceach ar theastaigh uathu teacht chomh fada linn san Eoraip ag fáil bháis agus iad ag dul trasna na dtonnta.
Údar imní do thíortha na hEorpa a bhí ann chomh maith, agus cuid acu buartha (go neamhthrócaireach) faoin mbrú a chuirfeadh na teifigh seo ar sheirbhísí sóisialta. Athraíodh meon na ndaoine nuair a bádh Alan Kurdi, agus nuair a foilsíodh íomhá chumhachtach bhrónach dá chorp.
Bheartaigh Angela Merkel, Seansailéir na Gearmáine, teorannacha a tíre a oscailt agus cuireadh fáilte roimh mhilliún inimirceach chun na Gearmáine. Lean cuid de thíortha na hEorpa í. Mar sin féin, ní hé nár eascair fadhbanna ó theacht isteach na milliún — tá deacrachtaí i gcónaí le tithíocht chuí a fháil dóibh, agus ba mhinic gur mór an deighilt idir cultúr na hEorpa agus cultúr na dteifeach. Ainmníodh Merkel mar Phearsa na Bliana 2015 tar éis dí an oiread crógachta a léiriú.
9. Atoghadh Barack Obama in 2012
Bhí ar Barack Obama dul i ngleic leis an iliomad fadhbanna tar éis dó Uachtaránacht Mheiriceá a bhuachan sa bhliain 2008. Thit an tóin as geilleagar Mheiriceá le linn an fheachtais, agus cheap go leor daoine nach n-atoghfaí é tar éis dó polasaithe déine eacnamaíochta a chur i bhfeidhm leis an earnáil airgeadais agus earnáil na gcarranna a shábháil — agus árachas cuimsitheach sláinte a d’ardaigh cáin sna Stáit a thabhairt isteach chomh maith. Chuir Obama iontas ar go leor nuair a d’éirigh leis a lucht vótála (mionlaigh Mheiriceá, daoine óga, agus chéimithe meán-aicmeacha) a thabhairt leis — agus vótáil siad ar son an dara téarma cinniúnach sin a thabhairt dó.
8. Géarchéim Eacnamaíochta in Éirinn – réabhlóid na bpeann luaidhe
Ar ndóigh, bhí tionchar ag an ngéarchéim eacnamaíochta ar an bpolaitíocht sa bhaile. Cuireadh náire ar an tír nuair a bhí orainn glacadh le tarrtháil airgeadais ón gCiste Airgeadais Idirnáisiúnta agus nuair a cuireadh iachall ar rialtas na tíre srianta déine airgeadais a chur i bhfeidhm. Bhain pobal na tíre a ndíoltas amach ar Fhianna Fáil, páirtí an rialtais ag an am, nuair a chaill siad 51 suíochán — agus níl éirithe leo an méid cumhachta a bhí acu a fháil ar ais ó shin. Ghlaoigh Ruairí Quinn réabhlóid na bpeann luaidhe ar an toghchán seo — ach níorbh í an uair dheireanach í go gcloisfeadh an domhan guth na nÉireannach.
7. Bás na Chuckle Brothers
Níor cheap éinne go suífeadh an bheirt acu síos in aon seomra amháin, gan trácht ar dhul i gcomhrialtas lena chéile, ach sin mar a rinne Ian Paisley, bunaitheoir an DUP agus Dr. No Chúige Ulaidh agus Martin McGuinness, iar-cheannaire de chuid an IRA, nuair a bunaíodh Stormont sa bhliain 2007. Faraor, is deacair a dhéanamh amach má tá rian den dearfacht fós le brath ann ó shin. Tá an bheirt imithe ar shlí na fírinne — Paisley ach go háirithe tréigthe ag a pháirtí féin –—agus Sinn Féin ar thóir ceannaireacht mhaith ó d’imigh McGuinness. Tréimhse chinniúnach i stair an Tuaiscirt atá ann anois, agus mothaíonn muid uainn ceannaireacht na Chuckle Brothers.
6. Toghchán Boris Johnson
Níl mé ag iarraidh deireadh Macbeth a insint duit, ach is é a “vaulting ambition” a chliseann air. An mhalairt ar fad atá i gcás Bhoris Johnson, a thosaigh na 2010idí ina Mhéara ar London agus a chríochnóidh ina PhríomhAire na Breataine. Is cinnte nár chuir a uaillmhian shoiléir agus bhorb isteach ar a shaol polaitíochta.
Thréig Johnson a sheanchara David Cameron le linn fheachtas na Breatimeachta, thréig sé a PhríomhAire Theresa May nuair a bhí sí ag déanamh iarracht Socrú um Tharraingt Siar na Breataine a chur trína rialtas féin agus thréig sé baill dá pháirtí féin (ar aontaigh sé leo — a dheartháir Jo Johnson ina measc) nuair a chiceáil siad amach óna pháirtí iad tar éis vótáil ina choinne. Ba shoiléir ó thús deireadh cad a bhí taobh thiar den tréigeadh sin: céim chun tosaigh. Agus d’éirigh leis an post ar theastaigh uaidh ó bhí sé ina ghasúr a bhaint amach i dtoghchán in 2019 nuair a bhuaigh sé go héasca ar Pháirtí an Lucht Oibre agus ar Jeremy Corbyn. An chéad dúshlán eile: Get Brexit Done — ach sin scéal d’alt na bliana 2030.
Foilseofar an chuid eile den liosta amárach.