Oíche Shathairn 10 Aibreán bhailigh na mílte léirsitheoir le chéile ar shráideanna Mhaidrid.
Bhí siad i mbun agóide i gcoinne na ndlíthe nua gobáin (gagging laws) a chuireann cosc iomlán ar réimse leathan d’agóidí poiblí i stát na Spáinne.
Eagraigh mórshiúl taobh amuigh d’fhoirgneamh parlaiminte? Seans go gcuirfear fíneáil €600,000 ort.
Reáchtáil agóid a chuireann in éadan díshealbhú tí? Sin €30,000 le do thoil.
Dóigh an bhratach náisiúnta? Gearrfar pionós suas le €30,000 ort.
Is liosta le háireamh iad na cúinsí atá clúdaithe faoin dlí úr agus is mór an chonspóid atá cruthaithe aige ó fógraíodh é ag deireadh na bliana seo caite.
Bhí an eachtra is déanaí i gcoinne na reachtaíochta úire seo ar siúl thar an deireadh seachtaine taobh amuigh d’fhoirgnimh pharlaiminte an Cortes Generales.
Ghlac 18,000 duine páirt san agóid ach chun fíneáil nó príosúnacht a sheachaint, is i bhfoirm holagraim a bhí siad i láthair.
An grúpa Hologramas por la Libertad (Holagraim ar son na Saoirse) a chuir an mórshiúl le chéile trí holagraim de dhaoine ar fud na tíre a bhailiú agus ansin a theilgean taobh amuigh den pharlaimint.
Radharc éifeachtúil a bhí ann, mar atá le feiceáil san fhíseán thuas, agus is léiriú é ar sheiftiúlacht lucht agóide na Spáinne agus iad ag troid in éadan na cinsireachta agus na ngobán.
Bí ag súil lena thuilleadh eachtraí den saghas seo.
Tuilleadh eolais, i Spáinnis agus Béarla, anseo.