Aire Gnóthaí Gàidhlig ceaptha in Albain Nua

Ceapadh Alan MacMaster ina Aire Gnóthaí Gàidhlig i rialtas na hAlban Nua i gCeanada an tseachtain seo. Beidh an tAire MacMaster freagrach as caomhnú agus cur chun cinn na Gàidhlig in Albain Nua, áit a bhfuil sí á labhairt ó thug na Albanaigh an bád bán orthu féin den chéad uair os cionn trí chéad bliain ó shin.

Maíonn os cionn dhá thrian de mhuintir na hAlban Nua gur de shliocht na Gaeltachta iad agus tá pobal láidir Gàidhlig sa gcúige inniu féin. Tá go leor de mhuintir na háite páirteach i dtograí teanga agus cultúir agus is leis an Aire nua MacMaster a bheidh siad ag plé agus tacaíocht ón stát á lorg acu do na gníomhaíochtaí sin.

Tá sé mar sprioc ag Roinn na Gàidhlig seirbhísí agus tacaíocht a chur ar fáil do na cainteoirí Gàidhlig atá in Albain Nua cheana féin agus deiseanna foghlama teanga a chur ar fáil dóibh siad atá ina gcónaí sa gcúige ach nach bhfuil teanga a sinsir acu.

“Tá an Ghàidhlig ag croílár fhéiniúlacht an chúige. Chabhraigh na Gaeil, agus iad ar cheann de ghrúpaí bunaithe teanga agus cultúir na háite, Albain Nua mar a aithníonn muid inniu í a mhúnlú. Is trí obair na Roinn Gnóthaí Gàidhlig a chaomhnófar an teanga agus an cultúr agus a chuirfidh siad le héagsúlacht na hAlban Nua do na glúnta atá le teacht,” a deirtear i ráiteas misin na Roinne.

Is mac leis an bhfidléir aitheanta as Ceap Breatainn Buddy MacMaster é an tAire nua Alan MacMaster. Rugadh i mbaile Siùdaig é i gCeap Breatainn é in 1974 agus tá sé ina bhall den Progressive Conservative Party. Tá céim sa riarachán gnó aige ó Ollscoil Francis Xavier agus d’oibrigh sé mar chomhairleoir infheistíochta sular toghadh ina chomhalta den tionól reachtach é in 2009. Toghadh arís é in 2013, in 2017, agus in 2021 agus bhí sé ina chathaoirleach ar Choiste na gCuntas Poiblí sa gcúige ar ó 2013 go 2018.

Bhí an tAire MacMaster ar dhuine de na daoine a cháin an t-athainmniú a rinneadh ar an Choláiste na Gàidhlig i gCeap Breatainn – ó ‘Cholaisde na Gàidhlig‘ go ‘Colaisde Rioghail na Gàidhlig‘ in 2013.

Athainmníodh an coláiste mar chomóradh ar 75 bliain a bhunaithe, tráth a thug Eilís Shasana “cead” do lucht an choláiste an mhír “ríoga” (Rioghail) a chur san ainm.

In agallamh a thug sé uaidh ag an am, dúirt MacMaster nach raibh “aon drochmheas aige” ar Bhanríon Shasana ná ar a muintir ach nach raibh “dearmad déanta aige” ar a ndearna fórsaí Shasana leis na Gaeil agus a gcultúr a dhíbirt as Albain san am a caitheadh.

SCÉALTA EILE