Inniu Lá Náisiúnta na Catalóine agus bíonn sé de nós ag muintir na tíre an ‘Diada’ a cheiliúradh le muinín, le dath agus le fuinneamh.
Bhí na milliúin páirteach in imeachtaí an lae le tamall de bhlianta anuas ach beidh faobhar sa bhreis air i mbliana mar nach bhfuil ach trí seachtaine fágtha go dtí an reifreann stairiúil ar neamhspleáchas ón Spáinn.
Tá sé beartaithe ag Rialtas na Catalóine an reifreann a reáchtáil Dé Domhnaigh 1 Deireadh Fómhair agus é ráite acu go neamhbhalbh go dtabharfaidh siad Fógra Neamhspleáchais Aontaobhach má vótálann tromlach na ndaoine a ghlacann páirt sa reifreann ar son neamhspleáchais.
Is reifreann mídhleathach é dar le Rialtas Mhaidrid ar ndóigh agus tá iarrachtaí tugtha ag an Spáinn ar chur isteach ar eagrú an vóta, an dlí a bhagairt ar aon duine a chuidíonn lena reáchtáil san áireamh.
Tá an teannas ag ardú sa Chatalóin de réir a chéile agus beidh blas láidir polaitiúil ar mhórshiúlta an Lae Náisiúnta inniu.
“Cloífimid iad go síochánta agus go daonlathach, mar a dhéanaimid i gcónaí,” arsa an tUachtarán ar Pharlaimint na Catalóine, Carles Puigdemont.
Eagraítear an ‘Diada’ ar an 11 Meán Fómhair mar chomóradh ar thitim Barcelona roimh fhórsaí Rí Pilib V na Spáinne sa bhliain 1714 agus tá suntas i bhfad Éireann níos mó ag an lá i mbliana agus muid ag druidim i dtreo an reifrinn mhóir.
Déantar ceiliúradh ar an lá go hidirnáisiúnta chomh maith agus an lá inné bhailigh Catalónaigh agus Éireannaigh i mBaile Átha Cliath taobh amuigh d’Ard-Oifig an Phoist lena dtacaíocht a léiriú.
Chun cur leis an lá, anseo thíos tá liricí amhrán náisiúnta na Catalóine, ‘Els Segadors’, aistrithe go Gaeilge den chéad uair riamh.
Déanann an focal ‘segadors’ tagairt do chosmhuintir na tíre a d’úsáid an corrán mar uirlis troda i gcoinne fhórsaí na Spáinne sa 17ú Céad.
Feliç Diada a tothom!
Na Corránaithe
An Chatalóin chathbhuach,
Fillfidh do shaibhreas agus flúirse,
Ruaigimis an dream seo,
Atá lán mórtais agus sotail.
Buille maith den chorrán,
Buille maith den chorrán,
Cosantóirí na talún,
Buille maith den chorrán.
Seo an uair, a chorránaithe,
An uair le bheith san airdeall,
Nuair a thiocfaidh Meitheamh arís,
Cuirfidh muid faobhar ar na huirlisí.
Buille maith den chorrán,
Buille maith den chorrán,
Cosantóirí na talún,
Buille maith den chorrán.
Go gcroitear an namhaid,
Ar fheiceáil dóibh ár gcomhartha,
Mar a bhainimid diasa óir,
Is amhlaidh a bhainfimid na slabhraí dínn.