Sa dara colún raidió aige ar RnaG, amharcann Ciarán Dunbar siar ar an reifreann stairiúil ar son an chomhionannais phósta. Dar leis go bhfuil sciar suntasach den phobal fós an-choimeádach anseo agus cuireann sé ceist faoin iomarca béime ar an liobrálachas sa tír…
Do dhaoine heitrighnéasacha, ní bheidh an 23 Bealtaine 2015 beo i bhfad ina gcuimhne óir, den chuid is mó, gnáth-lá a bhí ann.
Ní féidir an rud céanna a rá faoi dhaoine aeracha ar ndóigh.
Chonaic muid na mílte duine aerach agus na mílte duine díreach in éineacht le chéile ag ceiliúradh a mbua ar shráideanna Bhaile Átha Cliath an lá údaí.
Bhí an lámh in uachtar ag an taobh TÁ sa reifreann ar phósadh aon-inscne – 62.07% i gcoinne 37.93%.
Cuireadh an toradh i láthair mar ollbhua don chomhionannas.
Caithfidh mé easaontú le mo chuid comhghleacaithe sna meáin áfach – sciar mór go leor den phobal é 38%.
Bhain na Tóraithe olltoghchán na Breataine le 36.9%.
60.5% an ráta vótála – arís, caithfidh mé easaontú le bunús mo chomhghleacaithe ar an cheann seo mar is ráta cosúil ard é sin, chan iontach ard.
Ciallaíonn sé sin nár vótáil ach 37.55% ar son an chomhionannais phósta, ach is cuma faoi thuairimí na ndaoine nár chaith a vóta i ndáiríre.
I ndeireadh na dála, bua iontach a bhí ann don taobh TÁ.
“Lá an Chomhionannais” a thug an Irish Times air.
“Tá an chuma air gur bua é seo d’Éirinn Liobrálach thar Éire Choimeádach,” a scríobh Fintan O’Toole, “ach tá sé níos suntasaí ná sin”.
“Is ionann é agus an deireadh leis an deighilt steiriúil, neamhthorthúil, gan úsáid ar fad,” a lean sé agus an bua mór á fhógairt aige, “níl aon Éire Liobrálach agus Éire Choimeádach ann a tuilleadh.”
Is maith an scéalaí an aimsir ach ní dóigh liom go bhfuil an ceart aige.
Tá sé glactha aige go n-imeoidh na coimeádaithe as radharc, as éisteacht agus as cló.
B’fhéidir go n-imeodh, ach chan ionann sin is a rá nach mbeidh siad ann.
Tá Éire “Choimeádach” fós ann agus ba léir sin ón toradh.
Céatadán mór den phobal é 38%, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh easpa tacaíochta sna meáin agus nuair nach raibh ach ball amháin den Dáil sásta a admháil go raibh sé chun vótáil i gcoinne an athraithe.
An bhfuil ábhar páirtí polaitiúil nua ann sa sciar sin? Sin an cheist a bheadh agamsa.
Ach buille trom a bhí ann don Eaglais Chaitliceach, cé go bhfuil cumhacht polaitiúil na hEaglaise briste le 10 mbliana ar a laghad.
Cé a chreidfeadh 10 mbliana ó shin go mbeadh níos mó údaráis mhorálta ag Panti Bliss ná mar a bheadh ag an Ardeaspag?
Nó an ionann Panti agus an tArdeaspag nua?
Nár thug an Taoiseach cuairt ar an Panti Bar mar a thabharfadh De Valera cuairt ar an Chairdinéal fadó?
Ach chuaigh an Irish Times thar fóir – cha raibh anseo ach cath amháin, ní an cogadh iomlán.
Agus, ar ndóigh, níl aon phósadh aon-inscne sa tuaisceart – agus níl aon bhaol go dtarlódh sé sin ach an oiread – ach is ionann ‘Éire’ agus an 26 chontae nach bhfuil sa Ríocht Aontaithe a thuilleadh i súile na meán ó dheas sa lá atá inniu ann.
Ní cuimhin liom féin aon imní á léiriú fiú maidir le cearta daoine aeracha sna Sé Chontae ach admhaím gur féidir gur chaill mé é.
Rinne an taobh NÍL iarracht an feachtas a thiontú ina reifreann ar an teaghlach agus ar chearta páistí – tá an chuma ar an scéal gur theip orthu ach níor theip go hiomlán.
Rinne an taobh TÁ iarracht é a thiontú ina reifreann ar ‘ghrá’ agus ar a bhfiúntas mar dhaoine – tá an chuma ar an scéal gur éirigh leo ach ní fíor ach go pointe é.
Is dóigh liom gur vótáil tromlach na ndaoine ar an cheist féin amháin.
Cuireadh ceist iontach simplí ar dhaoine: “Féadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí.”
Vótáil an gnáthdhuine ar an ábhar sin amháin agus is é ‘TÁ’ a vótáil an chuid is mó acu.
Dá mba rud é gur cuireadh ceist orm trí nó ceithre mhí ó shin, cuir Gaeilge air ‘equality’ an Bhéarla, is dóigh liom go bhfreagróinn le ‘Cothrom na Féinne’, bíodh sin cruinn nó ná bíodh.
‘Cothromaíocht’ an focal eile a bheadh agam ar an choincheap.
Ach tá an dá fhocal sin as faisean agus tháinig comhionannas ina n-áit.
Is é comhionannas, ‘equality’ go cinnte, ach ‘uniformity’ agus ‘congruence’ atá ag Niall Ó Dónaill ar an fhocal fosta.
Agus cuireann sin ag smaoineamh mé – an é sin an praghas atá le híoc as chomhionannas, go gcaithfidh muid uilig bheith díreach mar an gcéanna?
An gceadófar easaontas go fóill san Éirinn Nua seo?
Bím in amhras faoi sin in amanna, bhí an comhdhearcadh ar an ábhar seo as an ghnáth, mínormálta fiú do stát daonlathach, mar a léiríonn an díospóireacht san Astráil agus sa Ghearmáin faoi láthair.
Tá an colúnaí Una Mullaly ar son “independent homophobia watchdog” a bhunú chun monatóireacht a dhéanamh ar chaint a bhaineann le daoine aeracha.
I bhfianaise an leithcheala a dhéantar i gcoinne daoine aeracha, tá sé intuigthe cén fáth a mbeadh duine ag iarraidh foras faire a bhunú ach ní mór bheith cúramach faoi cé chomh cumhachtach ollsmachtach is a d’fhéadfadh a leithéid a bheith.
Tá an chuma ar an scéal gur Útóipe Liobrálach atá á moladh ach léiríonn an stair go bhfuil ollsmachtachas ag teastáil ó gach fís Útóipeach.
Ní féidir a bheith in amhras faoi cé chomh sásta is a bhí Éireannaigh – aeracha agus heitrighnéasacha – na 26 Chontae an 23 Bealtaine ach tá sé ceart a bheith in amhras i gcónaí faoi iarrachtaí srian a chur ar ár saoirse.
Agus an ann don chomhionannas i ndáiríre nó an é nach bhfuil ann ach meandar beag de chothromaíocht agus cóimheá na cumhachta ag aistriú ó dhream amháin go dream eile?
Níl sa pholaitíocht ach streachailt ar son cumhachta i ndeireadh na dála.