An bhfoghlaimíonn siad choíche?

Agus Parlaimint na Breataine tar éis vótáil ar son ionsaithe marfacha eile a dhéanamh ar an tSiria, déanann Ciarán Dunbar scagadh ar ghnéithe éagsúla ‘an chogaidh’ agus ar cé a bheas thuas leis an bhforéigean breise – ní bheidh gnáthmhuintir na Siria, ná na cruinne, ar aon chuma…


An mbeidh sé thart roimh an Nollaig an uair seo, meas tú?

Cogadh eile, cogadh álainn eile.

Cogadh eile a ‘throidtear’ ón aer.

Cogadh eile ina mbeidh sibhialtaigh, páistí go háirithe, sa líne thosaigh.

Seans go bhfuil na céadta mílte acu fiú chun bás a fháil mar gheall ar throid eile idir ‘daoine fásta’.

Nuair a deirim daoine fásta, fir atá i gceist agam den chuid is mó ar ndóigh.

Fir nár throid go pearsanta riamh agus nach dtroidfeadh choíche.

Deirimse cogadh eile ach, déanta na fírinne, tá an tSiria á hollscriosadh ó bhí Márta 2011 ann.

Ní raibh sé chomh tábhachtach dúinn san Iarthar go dtí gur thosaigh na mílte teifeach ag teacht inár dtreo ag lorg tearmainn ón slad.

Sin má chreideann tú iad – táthar ann a déarfadh gur arm rúnda iad ar fad seachas daoine atá ar a dteitheadh ó uafás, na tachráin féin fiú.

Ansin, tháinig ionsaithe Pháras ina bhfuair 130 duine neamhurchóideach bás agus tháinig brú millteanach ó rialtas na Fraince cur le haer-ionsaithe sa tSiria.

Rud amháin áfach: níorbh as an tSiria aon duine acu sin a rinne an slad i bPáras.

Francaigh agus Beilgigh a bhí sna hionsaitheoirí seo de réir cosúlachta go dtí seo.

Ach is cosúil go raibh baint ag roinnt acu leis an Stát Ioslamach.

Anois, níl mórán daoine ar chlár na cruinne nach gcreideann nach gcaithfear deireadh a chur leis an Stát Ioslamach.

Agus, le bheith ionraic, creidim go nglacann móramh phobal na Breataine, mar shampla, go mbeadh foréigean éigin de dhíth chun sin a dhéanamh.

Ach ní féidir aon amhras bheith ann nach ndéanfaidh an bhuamáil seo pioc dochair dóibh go míleata.

buamail-siria

Ach ná glac uaimse é.

Dúirt an Ginearál Sir Richard Shirreff ag tús na seachtaine go bhfuil na haer-ionsaithe gan úsáid.

Dar leis go mbeadh sé riachtanach do thrúpaí an Iarthair troid ar an talamh i gcoinne ISIS, in éineacht le grúpaí áitiúla.

Ach in éineacht le cé go díreach?

Fronta al-Nusra, cuir i gcás?

Dream a deirtear go bhfuil baint acu le al-Qaeda agus atá chomh brúidiúil céanna le hISIS.

Maíonn David Cameron go seafóideach go bhfuil 70,000 trodaí “measartha” sa tír.

Dar leis an iriseoir Robert Fisk go bhfuil an uimhir níos giorra do 70 sa tír ar fad.

Ach tá an scéal chomh casta sin ná go bhfuil neamhaird á thabhairt againn ar na fíricí.

Seo duit iarracht mar sin.

Tá rialtas ann sa tSiria faoi ollsmacht Bashir al-Assad – tá beagnach gach dream seachas an Rúis, an Iaráin agus Hezbollah ina choinne.

Bhí rialtais an Iarthair ag iarraidh é a chur as cumhacht le blianta mar atá an Stát Ioslamach, na Coirdínigh, agus grúpaí eile.

Tá beagnach gach dream ag troid i gcoinne ISIS – cé nach bhfuil ach an Rúis ag ionsaí Al-Nusra, dream chomh holc céanna leo.

Tá an Tuirc, atá ina bhall de NATO, ag ionsaí na gCoirdíneach.

Déanta na fírinne, tá gach dream ag troid i coinne na gCoirdíneach – seachas an Bhreatain, An Fhrainc agus SAM.

Mar sin, tá siad seo ag tacú leis an Coirdínigh mar sin?

Bhál, is breá leis an Iarthar na Coirdínigh anois mar go bhfuil siad i gcoinne al-Assad, seachas nuair a leagann siad cos ann agus is sceimhlitheoirí arís iad ansin.

Agus ar ndóigh, tá an tIarthar dubh i gcoinne chúis mhór na gCoirdíneach – is é sin An Chordastáin neamhspleách – ach seachas sin, cinnte, tá an tIarthar ag tacú leo.

Tá an Rúis ag ionsaí gach namhad de chuid Assad – más ISIS sin, tá go maith ach ní minic sin is léir.

Tá an Fhrainc agus SAM ag ionsaí IS amháin, iad ag tacú leis na dreamanna atá á n-iosaí ag an Rúis.

Dar leo go bhfuil an ceart ag na grúpaí seo iad féin a chosaint ó ionsaithe na Rúise ach nach bhfuil an ceart céanna ag dream ar bith atá faoi ionsaí acu siúd… loighic.

Tá eitleáin na Fraince, SAM agus na Rúise ag eitilt san aerspás céanna ag tacú le dreamanna éagsúla ach gan a bheith ag ionsaí a chéile – cé gur scrios an Tuirc buamadóir de chuid na Rúise ar ndóigh.

An dtuigeann tú leat i gcónaí mé?

Níl éinne ag ionsaí na hAraibe Sádaí, an tír as a thagann idé-eolaíocht an Stáit Ioslamaigh agus an múnla polaitiúil agus creidimh ar a bhfuil an stát bunaithe.

Dála an scéil, tá an dá oiread níos mó daoine dícheannaithe ag an Araib Shádach ná an Stát Ioslamach i mbliana – ach fós féin níl aon duine ag iarraidh iad a bhuamáil.

Thug Enda Kenny moladh dóibh anuraidh fiú as a gcur chuige maidir le cearta daonna.

Sea, léigh tú sin i gceart, cuir ceist ar Google go bhfeice tú.

Mhol ár dTaoiseach féin iad as a gcuid measarthachta.

Cén fáth?

De bhrí go bhfuil ola acu ar ndóigh.

Dá mbeadh ola ag an Chóiré Thuaidh bheadh Enda á moladh, níl aon dabht faoi.

Ar an ábhar seo, ba bhreá le Putin dá dtiocfadh leis an Araib Shádach a mhealladh isteach sa chogadh mar go gcuirfeadh sé praghsanna ola tríd an spéir, rud a chabhródh go mór le geilleagar lag na Rúise.

Agus shíl tusa go raibh sé ag cuidiú le hAssad de bhrí gur fear deas é.

Tá an fhadhb iontach simplí, nach bhfuil?

londain-agaoid-siria

Bhí tuilleadh agóidí ar siúl le déanaí chun cur i gcoinne na buamála ach tá daoine eile ann a déarfadh go gcabhródh cúpla buama sa bhreis go mór le cúrsaí.

Sa chaoi chéanna ar chabhraigh buamáil go mór leis an Libia agus leis an Iaráic?

Dar le halt sa Huffington Post ar na mallaibh meastar gur shibhialtaigh iad 90% a fuair bás in ionsaithe ladrann (drone) le tamall anuas.

Mar sin, do gach ‘sceimhlitheoir’ a maraítear in ionsaithe buamaí, faigheann 50 sibhialtach bás.

Nach mbeadh cuid dá ngaolta ag iarradh díoltais?

Goille, dá maródh Meiriceánach, Sasanach, Rúiseach nó Francach do pháistí, cad a rachadh tríd do cheann?

Ach le bheith cothrom, níor chuala mé éinne ag maíomh go raibh cúis mhíleata leis na hionsaithe aeir seo ar ISIS atá beartaithe ag an Bhreatain.

Glactar leis gur gníomh polaitiúil é seo atá riachtanach chun freagra a thabhairt ar ionsaithe Pháras.

Nó, i bhfocail eile, díoltas.

Sea, sibhialtaigh is mó a gheobhaidh bás ach tá fios maith ag Hollande agus Cameron nach bhfuil sé sin tábhachtach do thromlach na dtoghlach sa dá thír.

Labhair mé le Meiriceánach a bhí “ag iarraidh rud éigin” a dhéanamh chun troid i gcoinne IS ach d’admhaigh sé féin nár thuig aon chuid den pholaitíocht.

Labhair duine eile liom go hoscailte ag maíomh go raibh siad ag iarraidh uileloscadh ar gach cainteoir dúchais Araibise ar an saol, gach 420 milliún acu.

Nuair a cuireadh ceist orthu faoi na Críostaithe agus eile atá ina nArabaigh, ní raibh freagra acu.

Gan trácht ar na hAmazaigh (Beirbeirigh) agus na céadta milliún eile Moslamach nach Arabaigh iad ar chor ar bith.

Léiriú eile go bhfuil easpa tuisceana agus oideachais ag croí na ceiste.

Níl an bhuamáil seo chun ionsaithe ar nós Pháras a stopadh – is dócha go spreagfaidh sé níos mó.

Ach athróidh na hionsaithe nua seo an plé ionas nach gá smaoineamh ar chor ar bith ar an fháth a ndearna saoránaigh na hEorpa ionsaí ar thíortha s’acu féin.

Ní gá smaoineamh ach an oiread ar cad a ba chóir a dhéanamh chun a leithéid d’ionsaí a sheachaint sa todhchaí.

ISIS agus na liúdramáin san Iarthar (rialtais agus lucht na n-arm) atá ag iarraidh cogadh domhanda – iadsan amháin a bheas thuas leis an bhuamáil seo.

Chun deireadh a chur le hISIS is riachtanach réiteach polaitiúil sa tSiria ach, chomh maith leis sin, caithfear deireadh a chur le tobar na nimhe sa dúiche: an Araib Shádach.

Ach ní tharlóidh sé sin choíche, a fhad is a bhfuil a cuid ola de dhíth orainn chun tiomáint chun na hoibre ar maidin.

Tá rudaí chun dul in olcas sula n-éireoidh siad níos fearr.

SCÉALTA EILE