Tugann an t-iriseoir polaitiúil Gearóid Ó Colmáin léargas beacht ar na cúiseanna gránna taobh thiar den chogadh sa tSiria agus míníonn sé conas atá SAM, an Bhreatain agus tíortha eile NATO ag tacú le sceimhlitheoireacht sa tír agus níos faide i gcéin…
Dúirt rialtas na Rúise le déanaí go raibh bunchuspóir míleata bainte amach acu sa tSiria agus go raibh siad chun a dtrúpaí a tharraingt amach as an tír.
Bhí arm na Rúise ag troid in aghaidh an Stáit Mhoslamaigh ó Mheán Fómhair 2015.
Fuair eagras sceimhlitheoireachta an ‘Stáit Mhoslamaigh’ seilbh ar chuid den tSiria sa bhliain 2014, i gcomhthéacs an anoird a bhí ann sa ‘chogadh cathartha’ sa tír.
Ach anois, tá Arm Arabach na Siria ag dul ó neart go neart.
Tá trealamh míleata den chéad scoth acu agus dealraíonn sé go bhfuil siad in ann anois an tír a shaoradh ó smacht na n-antoisceach.
Ach nach bhfuil sé fíor freisin go bhfuil an tír faoi smacht na deachtóireachta?
Nach bhfuil an tír ag fulaingt ó ainghníomhartha ‘réimeas’ Bashar Al-Assad?
Nach bhfuil an comhaontas idirnáisiúnta ag iarraidh daonlathas a chur chun cinn sa tír agus cabhair a thabhairt do ‘reibiliúnaigh mheasartha’?
Níl.
Chun é sin a mhíniú, áfach, ní foláir dúinn cúpla pointe tábhachtach a thuiscint faoi bheartas eachtrach na Stát Aontaithe agus a gcomhghleacaithe san Eoraip agus sa Mheánoirthear.
Tar éis thitim Bhalla Bheirlín in 1989, d’athraigh beartas eachtrach na Stát Aontaithe maidir le réimis a raibh siad ag brath orthu sa Mheánoirthear, réimis cosúil leis an Iaráic de chuid Saddam Hussein.
Tar éis chéad Chogadh na Murascaille (Gulf War), bhí sé soiléir nach raibh siad ag brath ar réimis mar sin níos mó mar ní raibh aon bhagairt ón Aontas Sóivéadach a thuilleadh.
Chuir na Stáit Aontaithe Saddam Hussein i gcumhacht in 1968 chun na Cumannaigh san Iaráic a scrios, agus bhí siad ag brath ar réimeas san Éigipt chomh maith ina gCogadh Fuar in aghaidh an Aontais Shóivéadaigh.
Ach tar éis lanscor an Aontais Shóivéadaigh áfach d’athraigh geopholaitaíocht an domhain agus ní raibh gá níos mó ag Washington le réimis cosúil le Saddam agus Mubarak.
Mar sin, in 2005, chinn Washington réimeas Mubarak san Éigipt a chur as cumhacht, mar nach raibh Uachtarán na hÉigipte ag comhoibriú leis na Stáit Aontaithe i gcogadh na hIaráice.
Bhí Mubarak i gcoinne dheighilt na Súdáine freisin, tionscnamh atá ar súil ag Washington agus Tel Aviv le roinnt blianta.
Thosaigh ullmhucháin an Earraigh Arabaigh in 2005 nuair a sheol Foras Náisiúnta an Daonlathais (National Endowment for Democracy) roinnt eagras ‘chearta daonna’ agus ‘cothú an daonlathais’ chuig an Éigipt agus an Túinéis chun daoine óga sna tíortha sin a thraenáil ar conas ‘réabhlóid neamhfhoréigeanach’ a chur ar bun.
Bhí sé ar intinn ag Washington agus Tel Aviv na Bráithre Moslamacha a chur i gcumhacht chun an réigiún a dhíchobhsú ionas go mbeadh Iosrael in ann tiarnas an Stáit Ghiúdaigh a bhunú sa Mheánoirthear de réir Phlean Yinon, cáipéis a d’fhoilsigh feidhmeannaigh Stát Iosrael sa bhliain 1982.
Mar sin, nuair a d’éirigh le ‘réabhlóidigh’ sa Túinéis agus san Éigipt an réimeas a athrú – le cabhair ó naoscairí (snipers) proifisiúnta a scaoil póilíní agus léirsitheoirí go léir chun anord a chruthú – socraíodh chun díriú ar an Libia.
Bhain Ionad Fiosrúcháin na Stát Aontaithe (CIA) úsáid as naoscairí freisin ansin nuair a sheol Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO/ECAT) gallóglaigh Mhoslamacha antoisceacha chun an Libia a scrios.
Bhí scéal eile ar fad, áfach, ag na meáin chumarsáide.
Dúirt siad go raibh Muammar Gaddafi ciontach as sléacht a dhéanamh ar a phobal féin agus gur foláir do ‘chomhaontas idirnáisiúnta’ rud éigin a dhéanamh chun ‘daoine a chosaint’.
Ní raibh ann ach casus belli agus ocht mí níos déanaí bhí an Libia, an tír ba shaibhre san Aifric agus dóchas na mór-roinne, scriosta.
Mar sin, sheol ECAT a shaidhdúirí turastail agus a ghallóglaigh Mhoslamacha antoisceacha chuig an tSiria.
Níor athraigh an modus operandi míleata.
D’eagraigh na Bráithre Moslamacha agóid in Daara, cathair i ndeisceart na tíre, ar 17 Márta 2011.
Scaoil naoscairí le póilíní agus mharaigh siad ochtar ach, cosúil le cás na Libia, dúirt na meáin chumarsáide scéal eile, scéal a bhí scríofa dóibh ag séirbhísí rúnda ECAT.
Bhí ‘Cogadh na Siria’ curtha sa tsiúl acu.
Bhí mise ag taisteal sa tSiria ag an am agus bhí a lán daoine ag gearán nach raibh a dhóthain saighdúiri sna sráideanna chun daoine a chosaint ó na sceimhlitheoirí.
Ó shin i leith tá formhór na meán cumarsáide ag brath ar ráitis Fhaireachlann na Siria um Chearta an Duine (Syrian Observatory for Human Rights), eagraíocht a d’fhorbair Roinn Gnóthaí Eachtracha na Breataine chun bolscaireacht a dhéanamh i gcoinne rialtas Bashar Al-Assad.
Mar sin, nuair a dhéanann na ‘réibiliúnaigh’ coireanna, insíonn Faireachlann na Siria um Chearta an Duine le preas an domhain go raibh Arm Arabach na Siria ciontach astu.
Oibríonn sé sin go han-mhaith mar bholscaireacht chogaidh mar ní bhíonn a dhóthain eolais ag gnáthdhaoine san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe faoin réaltacht laethúil i dtíortha ar nós na Siria.
Sílim go bhfuil iriseoirí a insíonn bréaga gan aon iarracht a dhéanamh a bheith oibiachtúil ina dtuairiscí, sílim go bhfuil siad comhpháirteach le cinedhíothú agus le coireanna in aghaidh na daonnachta.
Caithfimid a bheith soiléir faoi rud amháin.
Tá ECAT ag cothú agus ag tacú le sceimhlitheoireacht sa tSiria agus caithfimid é sin a thabhairt chun solais nuair a mhaíonn siad go bhfuil siad ag iarraidh pobal na hEorpa a ‘chosaint’ ó na sceimhlitheoirí céanna!
Má theastaíonn uainn an cogadh sa tSiria a stopadh, ba chóir dúinn éisteacht le feachtasóirí síochána, daoine mar Máiread Maguire, sealbhóir dhuais Nobel, Alan Lonergan, stiúirthóir SADAKA (Eagraíocht na Dlúthpháirtíochta idir Éire agus an Phalaistín) agus a lán daoine eile.
Chuaigh siad go dtí an tSiria roinnt uaireanta agus is féidir leo a dhearbhú gach rud atá scríofa anseo.
Ní bheidh aon síocháin ar domhan gan an fhírinne agus is fírinne shearbh shamhnasach í an cogadh atá á fhearadh ag an impiriúlachas in aghaidh mhuintir na Siria.
Is iriseoir é Gearóid Ó Colmáin le American Herald Tribune agus tráchtaire le RT International, Press TV agus Sputnik France. Is féidir é a leanúint ar Twitter anseo.