Tá an Ghréig i mbéal an phobail san Eoraip, ar fud an domhain fiú, agus tá a fhios sin go maith ag na Gréagaigh.
Tá iriseoirí agus ceamaradóirí ag gach craoltóir mór agus ag gach nuachtán ar an láthair san Aithin.
Ó tháinig mé féin agus an t-iriseoir Caoimhe Ní Laighin anseo maidin Dé Luain níor cuireadh ach fáilte mhór romhainn, go leor de na daoine áitiúla ag iarraidh cur in iúl dúinn an ceangal ársa idir Éire agus an Ghréig agus go gceapann siad go dtuigeann muid féin deacrachtaí na mbeartas déine atá á bhfulaingt ag muintir a dtíre.
Mar cheamaradóir, tá sé furasta fadhbanna an gheilleagair a aithint agus tú i mbun scannánaithe.
Tríd an lionsa tá an saol atá anois ag na Gréagaigh leagtha amach os do chomhair go soiléir.
Inniu chonaic mé scuainí móra ag go leor inneall airgid agus taobh amuigh de na bancanna.
Ní thig le daoine ach €50 a fháil amach in aghaidh an lae (ní bhíonn ach nótaí €50 ar fáil cé gur chóir go mbeadh €60 ar fáil do gach duine) agus iad siúd nach bhfuil cárta bainc acu – pinsinéirí don chuid is mó – caithfidh siad fanacht i scuaine le dul isteach sa bhanc.
Tá tuairiscí ar fáil ar beagnach gach stáisiún agus gach suíomh idirlín ar cad atá ag titim amach i gcruinnithe idir an rialtas agus an tAE, IMF srl. ach tá muidne ag díriú isteach ar dhearcadh na ndaoine a chasann linn ar an tsráid.
Chuaigh muid go teach anraith ar maidin, ní fhaca mé andúileach drugaí ná alcólach (tá mé cinnte go bhfuil siad in áiteanna eile) ach díreach gnáthdhaoine ar an ghannchuid.
Tá an teach anraith seo á reáchtáil ag Eaglais Cheartchreidmheach na Gréige agus cuireann siad fáilte roimh chách, ach tá na huimhreacha ag teacht chucu ag méadú go suntasach ó thosaigh an ghéarchéim eacnamaíochta.
Tá na Gréagaigh a chas linn iontach réchúiseach mar dhaoine, ach tá siad buartha.
Mothaíonn go leor acu gur fágadh san fhaopach seo iad, nach raibh aon neart acu air agus go bhfuil siad thíos de bharr cinntí atá déanta ag lucht an rachmais.
Tá go leor feirge orthu leis na Gearmánaigh, tá rudaí cloiste agam nach scríobhfainn.
Beidh reifreann sa tír seo Dé Domhnaigh ar ndóigh ach bhuail mise le go leor daoine nach dtuigeann cén tionchar a bheas ag an toradh, cibé bealach a rachadh sé.
Ó na daoine ar labhair muid leo go dtí seo, is léir go mbeidh an tromlach acu ag vótáil in éadan an mholta sa reifreann.
Agus leanfaidh an éiginnteacht ina saol ar aghaidh.
Tá tuairiscí Chaoimhe Ní Laighin le feiceáil gach oíche an tseachtain seo ar Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4.