Cé go bhféachann siad gleoite, neamhurchóideach, soineanta, tá rónta ag déanamh an diabhail ar fad ar stoc éisc na n-iascairí beaga i gCorca Dhuibhne.
Tá sé feicthe agam féin, pollóga breátha snaptha, ite, agus an ceann fágtha ina ndiaidh sna líonta ag na rónta. Sin iad na rónta láimh leis an mBlascaod Mór, mar a bhfuil na pollóga go flúirseach.
Bhí sé sna cinnlínte náisiúnta in 2012 nuair a maraíodh rón, agus crochadh a cheann le tairne, ar chomhartha adhmaid lasmuigh den dtearmann rónta a bhí i Lios Póil ag an am.
Bhí na hiascairí chomh bailithe sin den slad ag an am, agus níos bailithe fós den laghad cabhrach a bhí Roinn na Mara agus na polaiteoirí ag tabhairt dóibh, go bhféachadar chuige go mbeadh na rónta á lámhach acu féin mura gcuirfí plean tacaíochta éigin i bhfeidhm dos na hiascairí. Táid fós den tuairim sin, faoi iad a lámhach iad féin.
Tá iascairí na háite ar an dé deiridh ar fad anois, agus is gearr nach mbeidh aon slí bheatha ann dóibh níos mó, a deir siad.
Chaith fear óg amháin, Alan Flannery ón Daingean, a bhád féin a dhíol mar nach raibh sé ag tuilleamh aon airgead toisc go n-íosfadh na rónta an t-iasc a bhí bailithe aige. Tá ocras ar na rónta leis, áfach, agus cad a íosfaidh siad mura n-íosfaidh siad iasc? Sin é an saol.
Ainmhí faoi chosaint is ea an rón glas ach tá na hiascairí ag éileamh plean bainistiú rónta, seachas a dhíothú ar fad.
Caith lá amuigh ar an mBlascaod, agus cífidh tú na céadta rónta ar an dtráigh, agus bolg le gréin acu. Radharc aoibhinn, taibhsiúil, neamhghnách, go dtagann na céadta daoine ag féachaint air.
Ceist leochaileach, chasta, thromchúiseach í ceist na rónta. An bhfuil eagla ar an Rialtas tabhairt faoin gceist a réiteach? Conas nach bhfuil sí réitithe ó 2012, nó roimhe sin arís? Sin í an cheist a bheidh ag iascairí Chorca Dhuibhne as seo go ceann 3 seachtaine, nuair a thiocfaidh polaiteoirí ag cnagadh agus ag lorg vótaí.
Rón, rón eile, a haon, a dó.
Na mìlte rónta, och, ochón.
Iascairí scriosta, is líonta briste,
Is a bhoilgín lán ag an róinìn cliste…”