Ár-as Arís

Agus an chuma ar an scéal gur chaith formhór mór mhuintir na hÉireann a vóta ar son Mhichíl D Uí hUiginn i dtoghchán an lae inné agus gurb é a bheidh in Áras an Uachtaráin go ceann seacht mbliana eile, tá bailiúchán beag de ráitis a rinne sé faoin nGaeilge i gcaitheamh na mblianta againn daoibh:

An Ghaeltacht

“Caithfimid aitheantas ar leith a thabhairt agus ceiliúradh ar leith a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta, agus gach iarracht a dhéanamh le cinntiú go mbeidh todhchaí inmharthanach acu. Is iad an Ghaeltacht tobar na  teanga sa tír seo, agus tá sé riachtanach go n-aithneoimid chomh luachmhar is atá sí.”

1916

“Níl a fhios agam an raibh ‘Garden Parties’ ag an Lord Lieutenant Lord Wimborne [Fear Ionaid an Rí in Éirinn in 1916] le linn shamhradh 1916 ach gach seans go gcuirfeadh sé scanradh air dá gceapfadh sé, céad bliain níos déanaí, go mbeadh Uachtarán na hÉireann ag reáchtáil cóisire, i nGaeilge, ina ghairdín féin.”

Duolingo

“As a person who appoints ambassadors all over the world, I always am so impressed they are hardly six months in a new location and they are speaking all of the languages where they find themselves. It’s just every now and again I think, [they should], maybe, spend half an hour or a few minutes on Duolingo to become competent in the language I appoint them in – the Irish language”

An Ghaelscolaíocht

“Ní chuireann sé iontas ar bith orm go bhfuil borradh chomh mór sin tagtha ar líon na nGaelscoileanna nuair a fheiceann tú cé chomh héasca is a théann páistí óga i ngleic leis an teanga. Tuigimid uile na buntáistí a théann leis an ilteangachas agus tá méadú ollmhór tagtha ar líon na dtuismitheoirí atá ag lorg bhua an dátheangachais, ar a laghad, dá bpáistí.”

TG4

“If you think of it another way, I looked at one journal which suggested that by the turn of the century we’ll have a choice of hundreds of channels on television. Wouldn’t it be quite extraordinary if not of those could be one  that would deal with the Irish language?”

An Státchóras

“Tá sé ag cur as dom le blianta fada go bhfuil easpa éigin inár státchóras maidir le sofheictheacht na Gaeilge ag na leibhéil is airde. Ó na ranna Rialtais éagsúla agus i measc ardfheidhmeannaigh na n-údarás áitiúil agus na n-eagras Stáit is annamh a chloistear an Ghaeilge agus dar liom féin tá fadhb chultúrtha éigin ag cur srian ar an gcóras, agus ar oifigigh shinsearacha sa chóras, an cheannaireacht a mbeadh muid ag súil léi a thaispeáint, agus ar chóir dóibh a thaispeáint.”

SCÉALTA EILE