Tá deimhnithe ag Comharchumann Thoraí do NÓS go mbeidh “rí na banríon i dToraigh arís”. Tá súile an domhain mhóir ar an mBreatain Mhór le seachtain anuas ó bhásaigh Banríon Shasana Éilis II. A luaithe agus a d’imigh sí ar shlí na fírinne, tháinig a mac, an Prionsa Séarlas, i gcomharbacht uirthi agus an teideal an Rí Séarlas anois air.
Éilíonn Séarlas III dleathach de chuid bheag den tírín seo i gcónaí, ach tá cuid eile den tír atá níos lú fós nach bhfuil rí ná banríon uirthi ó d’éag an duine deireanach a raibh an teideal sin air – Patsaí Dan Mag Ruaidhrí, Rí Thoraí.

Bhí Patsaí Dan in a rí ar an oileán ó 1993 go 2018. Tháinig sé i gcomharbacht ar an Rí Pádraig Óg Mag Ruaidhrí (ní raibh gaol ag an mbeirt fhear lena chéile) nuair a thug mac an iar-rí le fios nach raibh spéis aige sa chúram.
“Ní raibh suim ag mac an rí, Pól, a bheith ina rí, mar sin chuir an pobal ceist ar Phatsaí Dan ar mhaith leis-sean é a dhéanamh. Bhí cruinniú ann san oileán agus bhí achan duine sásta go mbeadh Patsaí Dan ina rí. Tá cuid mhór daoine ag cur ceisteanna faoi agus bhí mé féin ag caint le clann Phatsaí an tseachtain seo caite faoi, agus ba mhaith leis an bpobal go mbeadh duine eile ann.
“Tá beirt nó triúr ann a d’fhéadfadh é a dhéanamh, tá iníon ag Patsaí Dan féin a bheadh sásta a bheith ina banríon. Tá caint air anois, ach níl cinneadh ar bith déanta go fóill. Beidh orainn a bheith ag caint leis na daoine a bhfuil spéis acu ann agus ag caint le pobal an oileáin faoi dtaobh de. Is dóiche go mbeidh duine nua ann taobh istigh de thrí mhí nó mar sin,” a dúirt Marjorie Uí Chearbhaill, bainisteoir Chomharchumann Thoraí le NÓS.
Ealaíontóir, ceoltóir, fear feachtais, agus ambasadóir dá oileán ab ea Patsaí Dan Mag Ruaidhrí a raibh aithne agus meas air i bhfad is i gcéin – sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di. Bhí spéis ag an rí san oileán eile, Séarlas III, cuairt a thabhairt ar Rí Thoraí nuair a bhí sé féin ina phrionsa agus ar cuairt ar Thír Chonaill in 2016.
Tugadh isteach go Toraigh Patsaí Dan nuair a bhí sé ceithre bliana d’aois. D’uchtaigh teaghlach sna oileán é agus d’athraigh sé a shloinne go hoifigiúil ó Mac Ionnrachtaigh go Mag Ruaidhrí nuair a bhí sé ceithre bliana déag d’aois.
Teideal oinigh is ea ‘Rí Thoraí’ i bhfírinne agus níl aon chumhacht cheart ag an monarc i saol an oileáin. Mar sin féin, ghlac Patsaí Dan go fonnmhar leis an teideal agus chuireadh sé fáilte roimh thurasóirí a thagadh chun an oileáin agus bhíodh sé ina urlabhraí agus ambasadóir don oileán ar an mórthír.
Bhí ceathrar clainne ag Patsaí Dan agus a bhean Caitlín – Breda, Majella, Seán, agus Christina.