Bobby Sands: 66 days


“I am a political prisoner; because I am a casualty of a perennial war that is being fought between an oppressed Irish people and an alien unwanted regime that refuses to withdraw from our land.”

Is ar dhialann phríosúin Bobby Sands a bunaíodh Bobby Sands: 66 Days, mórscannán faisnéise a dhíríonn ar a shaol agus ar imeachtaí corraitheacha na stailceoirí ocrais a tharraing aird an domhain mhóir thiar in 1981.

Tá focail Bobby féin mar chnámh droma d’insint an scéil, ina dtugtar léargas as an ghnách ar Bobby agus ar a chuid tuairimí ina laethanta deiridh.

Chaith Bobby Sands a óige i Ráth Cúile ar imeall thuaisceart Bhéal Feirste.

I ndiaidh go ndearnadh ionsaí ar theach a mhuintire, d’aistrigh siad go Cill Uaighe in iarthar na cathrach nuair a bhí Bobby 18 mbliana d’aois.

Faighimid léargas óna chairde sa scannán ar a óige.

Cuireadh stailceoirí ocrais, staraithe agus daoine eile a bhí lárnach in imeachtaí na aimsire sin faoi agallamh chomh maith, agus tá ábhar cartlainne agus beochan fite fuaite ann.

Bobby

Is é Brendan J. Byrne, scannánóir as iarthar Bhéal Feirste, a bhí i mbun stiúrtha.

Dúirt Brendan go raibh sé ag iarraidh Bobby Sands mar dhuine a chur i láthair agus insint fhíorúil a chur ar fáil ar imeachtaí na tréimhse.

“Seasann scéal Bobby agus stailc ocrais 1981 amach i dtréimhse na dtrioblóidí i dtuaisceart na hÉireann. Scéal é ina bhfítear an iliomad snáitheanna le chéile chun an mórscéal a léiriú.”

Dúirt an stiúrthóir go raibh spéis aige “tochailt isteach i saol duine a bhí sásta déanamh de réir a choinsiasa agus bás a fháil.”

66 lá a mhair Bobby Sands ar stailc ocrais agus bhí sé 27 bliain d’aois nuair a tháinig deireadh lena shaol.

Ba dhuine de naonúr príosúnaithe poblachtánacha é a fuair bás ó bheith ar stailc ocrais sna H-Blocks.

Cor cinniúnach é bás na stailceoirí ocrais i scéal an tuaiscirt agus mhúscail sé spéis idirnáisiúnta réiteach a fháil ar an choimhlint.

Is ag Féile Faisnéise Idirnáisiúnta Cheanada ‘Hot Docs’ i mí Bhealtaine na bliana seo a taispeánadh Bobby Sands: 66 Days den chéad uair, cothrom an lae a bhásaigh Bobby 35 bliain ó shin.

Taispeánfar Bobby Sands: 66 Days in Amharclann Halla na Cathrach, Gaillimh inniu os comhair teach lán de lucht féachana ag Fleadh Scannán na Gaillimhe agus beidh an stiúrthóir féin, Brendan J. Byrne, agus Fintan O’Toole (The Irish Times) i láthair don phlé iarscannáin.

Beidh ar an chuid eile againn fanacht go dtí an 5ú Lúnasa, nuair a sheolfar an scannán i bpictiúrlanna na tíre.

SCÉALTA EILE