Polaiteoir agus ginearál de chuid Phoblacht na Róimhe, ba dhuine clúiteach é Iúil Caesar a rinne déachtóir de féin agus a chruthaigh áit ar leith sna leabhair staire dá bharr. Rugadh é cothrom an ama seo 2116 bliain ó shin.
Tá suntas ar leith ag baint le 12 Iúil anseo in Éirinn ach tá fáth eile ann a bhfuil tábhacht leis an lá seachas cath ceoch, paráidí péacacha agus tinte truaillithe.
Mar ba ar an lá glórmhar úd – nó inniu, 13 Iúil, níl na staraithe cinnte – a rugadh Iúil Caesar (Gaius Iulius Caesar) sa Róimh sa bhliain 100 Roimh Chríost.
Clann chumhachtach pholaitiúil ba ea iad muintir Iúil a mhaígh gur shíolraigh siad ón rí miotaseolaíochta Ascanius.
Níorbh fhada gur lean Caesar a shinsir ar bhealach na polaitíochta agus rinne sé dul chun cinn mór taobh istigh de Phoblacht na Róimhe agus ceapadh ina ghobharnóir ar chúige Rómhánach na Spáinne é sa bhliain 61 RC, é 39 bliain d’aois.
Go gairid ina dhiaidh sin rinneadh gobharnóir ar an Ghaill de, áit ar chuir sé iomlán chríocha comhaimseartha na Fraince agus na Beilge faoi smacht na Róimhe agus ar chaith sé ocht mbliana san iomlán.
Ina chuntas scríofa ar a thréimhse sa Ghaill, a foilsíodh timpeall 50 RC, rinne sé an chéad tagairt a rinne aon scríbhneoir Rómhánach d’Éirinn riamh.
Is mar gheall ar chaidrimh, ar chaimiléireacht agus ar chonspóid is mó a bhfuil iomrá ar Caesar sa lá atá inniu ann áfach agus chuir sé bonn ceart faoin chuid sin dá shaol ar filleadh chun na Róimhe dó sa bhliain 49 RC.
In ionad a arm a chur ar scor, thrasnaigh Iúil Caesar abhainn an Rubicon i dtuaisceart na hIodáile in éineacht lena chuid fórsaí fós armtha, gníomh arbh ionann é agus cogadh a fhearadh ar Phoblacht na Róimhe.
Sa chogadh cathartha a lean, theith ceannaire na Poblachta, Poimpéas, chun na hÉigipte – áit ar dúnmharaíodh é – agus bhí Iúil in ann seilbh déachtóra a ghlacadh ar an Róimh.
Chuaigh Caesar féin trasna na Meánmhara chuig an Éigipt chomh maith in 48 RC agus thacaigh sé le Cléópatra sa chogadh clainne lena deartháir óg.
Cé nár phós siad, bhí caidreamh ag an bheirt lena chéile agus sa bhliain dár gcionn rugadh a céad mhac do Chléópatra, Caesarion, ainmnithe i ndiaidh a athar.
Ar ais sa Róimh, d’úsáid Iúil Caesar a chumhacht chun leasaithe polaitiúla a chur i gcrích, fiacha a bhainistiú, an seanad a mhéadú agus fiú an féilire a athrú.
Chuir a uaillmhian agus a rath isteach go mór ar roinnt mhaith seanadóirí áfach agus cuireadh plean le chéile chun é a mharú.
Ar 15 Márta, íodh na míosa sin, sa bhliain 44 RC feallmharaíodh Caesar sa Seanad ag grúpa ar a raibh na seanadóirí Cassius agus Brutus i gceannas.
Spreag bás Iúil Caesar, in aois 55 bliain, sraith cogaí a chuirfeadh deireadh le Poblacht na Róimhe agus a chuirfeadh tús ina dhiaidh sin le himpireacht a mhairfeadh na céadta bliain.
Ní hamháin sin ach spreag a shaol an iliomad staraithe, dealbhóirí, scríbhneoirí, drámadóirí agus scannánóirí dul i mbun oibre, rud a chiallaíonn go bhfuil caint ar an fhear go fóill, 2116 bliain go dtí an lá inniu (nó inné!) tar éis dó theacht ar an saol.