Seo an tseachtain a fhillim ó na Stáit Aontaithe ar mo bhaile dúchais i gContae an Chláir. Cinnte, caithfidh go bhfuil mo mhuintir agus mo chairde ar bís le mé a fheiceáil agus, ar ndóigh, tá mise ag tnúth leis an scéal is déanaí a fháil uathusan chomh maith.
Anois is féidir liom m’aistear a roinnt libh agus na drochrudaí ar fad faoi Mheiriceá a phlé libh. Bímis ag gáire agus ag spochadh faoin drochbhealach a fheidhmíonn a dtír-ne – nach méanar dúinne go bhfuilimid in Éirinn chomh foirfe sin!
Faraor, baineadh an mórtas asam nuair a chuala mé nach bhfuil mise agus m’fhilleadh ar an seanfhód ina scéal mór. Tá duine eile tagtha go Co an Chláir ó SAM agus é níos mó i mbéal an phobail, agus ní mó ná sásta atá mo theaghlach, mo chairde nó muintir na hÉireann faoin gcuairt seo.
Tá an Trumpach tagtha — ar lá mo bhreithe, rud amháin eile atá millte ag an mbacach lofa dom! An smaoineamh atá ar bharr intinn na nÉireannach ná cé a bheidh ag taisteal go hiarthar an Chláir le hagóid a dhéanamh i gcoinne an chonbhua uachtaránachta.
Is coirpeach é an Trumpach a bhfuil coireanna i leith na mban, na n-inimirceach, daoine trasinscneacha, agus an i leith chine daonna i gcoitinne déanta aige.
Agus muid ag féachaint ar gheáitsíocht mhuintir iarthar an Chláir, áfach, caithfear cuimhneamh gur eisean an coirpeach sa chás seo, agus is íospartaigh iad muintir an Dúin Bhig.
Briseann sé mo chroí muintir an bhaile seo a fheiceáil ag crochadh a gcuid bratach Meiriceánach taobh amuigh dá dteach. Cuireann sé lagmhisneach orm a bheith ag éisteacht leo á mholadh agus “an éacht” atá déanta aige don Dún Beag.
Ní maith liom an smaoineamh go mbeidh súil an domhain mhóir á caitheamh ar Chontae an Chláir de bharr an asail oráiste seo. Ach ní féidir dearmad a dhéanamh go bhfuil lámh in uachtar aige ar cheann de na grúpaí is leochailí inár bpobal.
Agus mé i mo Chláiríneach, i m’Éireannach bródúil, i m’iar-eisimirceach atá tar éis bliain a chaitheamh sna Stáit Aontaithe, briseann sé mo chroí go bhfuil greim ag ceann de na daoine is dainséaraí ar domhan ar ár muintir féin.
Taitníodh sé linn nó ná taitníodh, is í fírinne an scéil go bhfuil an Trumpach ag soláthar na bpost agus an n-infheistíochtaí atá ag teastáil go géar ón mbaile tuaithe seo. An seanscéal arís – creachann Donald Duck na héin is leochailí sa tsochaí nach bhfuil an dara rogha acu ach tacú leis.
Ní bheadh i ndán dóibh ach an chríoch chéanna a tháinig leis na céadta bailte eile tuaithe in Éirinn – easpa seirbhísí, ganntanas infreastruchtúir, dífhostaíocht agus eisimirce na n-óg.
Ní acmhainn dóibh siúd atá i ngéibheann saoirse a dhiúltú má thagann an diabhal ag cnagadh ar an doras leis an eochair, agus galfchúrsa agus óstán álainn á dtairiscint!
Tá cúpla ráiteas tar éis teacht ón bpobal iad féin – cuid acu a deir nach maith leo a bheith páirteach sa chomhrá polaitiúil, cuid a deir gur fear uasal é an tAsal atá théis beocht a chur sa Dún Beag.
Aithníonn siopadóir amháin sa bhaile a gcuid ainghníomhartha ar fad ach deir sí nach bhfuil sé ar a gcumas acu in Dún Beag a bheith éisealach faoin bhfear a spreagann an gnó sa cheantar, is gá obair leis le go mbeidh forbairt agus borradh faoin ngeilleagar ann.
Tá sé míchruinn a rá gurb é Trump a bhunaigh Doonbeg Resort – d’fhan mé féin is mo theaghlach ann blianta ó shin sular ghlac sé seilbh ar an áit mí Feabhra 2014. Tá an t-ionad saoire galánta ar fad. Tá na daoine a oibríonn ann níos deise fós. Agus is baile álainn gleoite é an Dún Beag agus croí maith i muintir an bhaile.
Ba chúis bhróid i gcónaí é Uachtarán na Stát Aontaithe a óstáil i mbaile ar bith in Éirinn, in ainneoin na lochtanna ar fad a bhain leis an ról — ní duine gan locht a bhí in Obama ach oiread, bíodh a fhios agaibh!
Is fíor, áfach, gur cuma leis an Trumpach faoina daoine agus an tírdhreach álainn sa Dún Beag. Tá sé ráite aige os comhair gceamara fiú. Is cuma leis faoi Éirinn agus is cuma leis má dhéanfar aon agóid ina choinne agus é ar chuairt anseo.
Is cuma leis go bhfuilimid tar éis dul chun cinn mhór a dhéanamh ó thaobh chearta na mban agus cearta LADT+ de, agus is cuma sa tsioc leis má fhágtar Dún Beag i bponc má tharraingíonn siar an infheistíocht amach anseo.
An rud is measa gur féidir linn déanamh sa chás sin ná cúl a thabhairt ar an mbaile seo de bharr an fháilte a chuir siad roimhe nuair a tháinig sé go hÉirinn.
Bíodh tuairimí láidre againn, cinnte, agus nár múchtar an t-uafás atá orainn riamh. Is mar sin a bheidh muid i gcónaí in ann athrú a spreagadh sa tsochaí. Ach cosúil liomsa agus díomá orm go bhfuil an tAmadán é féin tar éis an spotsolas a ghoid uaimse agus mé fillte ar an tír, ní fiú faic ár bhfearg mura bhfuilimid feargach faoin rud ceart.
Caithfear an fáth a bhfuil fáilte á cur roimh shlíomadóir a thuiscint mar cheist níos doimhne ná tacaíocht a thabhairt dá pholasaithe uafásacha, agus caithfear a bheith feargach go bhfuil faillí á dhéanamh ag an rialtas ar cheantair tuaithe na hÉireann le blianta anuas.
Bígí feargach leo siúd a bhraitheann ar mhilliúnaí lofa baile beag in iarthar na tíre a tharrtháil in áit a fhadhb a réiteach iad féin, agus seasaigí ar son an Dúin Bhig agus na gcéadta bailte eile faoin tuath nach bhfaigheann an tacaíocht chuí.