Ní buan an aird a thugann an domhan mór ar chás Bhurma, tír Bhúdaí atá á treascairt ag na ginearáil a rialaíonn í.
Chun léargas a fháil ar na cúiseanna atá leis an drochscéal, ní mór dúinn aird a thabhairt ar mhúnlú an mheoin mhíleata ann.
De réir mar a deir an tráchtaire sóisialta Saw Tun, duine a chaith na blianta ag scrúdú an scéil, creideann na saighdiúirí go bhfuil sé de cheart acu a bheith faoi réim de bharr a ndiansaothair agus a bhfulaingíonn siad ar son a dtíre.
Tá dalladh púicín, dar leo, ar ASEAN (Association of Southeast Asian Nations) agus ar an aicme oilte, agus creideann siad i ‘mbealach Burmach’ ar leith atá naimhdeach do pholateoirí agus do pháirtithe.
Níl sna heasaontóirí agus i lucht déanta léirsithe ach brabúsaithe leisciúla. Seo é an dearcadh a fhágann na ginearáil scoite amach ón bpobal.
FADHB AN GHEILLEAGAIR
Na ginearáil féin is ciontaí le geilleagar na tíre a bheith i ndroch-chuma, ach cuireann siadsan an milleán ar na smachtbhannaí.
Shíl gníomhaithe freasúra na tíre go mbeadh an-éifeacht leis na smachtbhannaí céanna, in éineacht le feachtais shíochánta, brú idirnáisiúnta agus cogadh cois teorann.
Maíonn cuid acu anois gur toradh eile a bhí ar an scéal: bacadh na hiarrachtaí a tugadh ar an ngeilleagar a oscailt ón taobh istigh, agus b’éigean do na mílte oibrí mná tionscal na fíodóireachta a fhágáil agus tabhairt faoi obair eile, leithéid an mheirdreachais agus jabanna thar teorainn.
Thaitin smachtbhannaí le hAung San Suu Kyi agus leis an National League for Democracy (NLD), ach b’fhéidir gur mithid anois athchomhairle a dhéanamh.
Deir daoine áirithe gurb iad na heagraíochtaí neamhrialtais agus na grúpaí sibhialta eile is fearr a fhéadann saol na ndaoine a fheabhsú, i gcúrsaí oideachais, sláinte, talmhaíochta, gnó, taighde agus taistil.
Ach fágann sin an cheist pholaitiúil gan réiteach, cuma cé chomh minic is a théann Aung San Suu Kyi and an Ginearál Sinseartha Than Shwe chun cainte le chéile.
Ní hé go bhfuil an-chur amach ag an NLD féin ar ghnóthaí geilleagair, rud a admhaíodh i ‘ráiteas speisialta’ a chuir siad amach i Mí na Feabhra faoi na comhráití a bhí acu leis na ginearáil.
Chuir seo ionadh ar thráchtaire amháin ar a laghad, agus an oiread sin saineolaithe ann a d’fhéadfadh cuidiú leo.
BAOL ACHRAINN
Is fusa do na ginearáil díriú ar easaontóirí i lár na tíre anois agus sos comhraic déanta acu le seacht ngrúpaí déag cheannairceacha de chuid mhionphobail na tíre.
Tá buntáistí eile ag baint leis an sos, sa mhéid go ligeann sé don rialtas dul i gcomhar leis na comharsana (go háirithe an tSín agus an Téalainn) i gcúrsaí gnó, agus go dtugann sé dlisteanacht do na ginearáil.
Ach tá tuar achrainn ann.
De réir an bhunreachta nua agus i bhfianaise na dtoghchán a bheidh ann sa bhliain 2010, tá atheagrú le déanamh: na Burmaigh a choinneáil i gceannas fós mar ghrúpa eitneach, iarraidh a thabhairt ar na ceannaircigh a dhí-armáil agus áitiú orthu páirtithe polaitiúla a dhéanamh díobh féin.
Ní cosuil go ngéillfidh na ceannaircigh.
Tar éis an tsaoil, ba mhó an tairbhe dóibh cur suas don dí-armáil agus a chur in iúl do na tíortha máguaird go bhfuil gá le fíor-réiteach polaitiúil.
Tá 40,000 saighdiúir acu, agus beidh imní ar an tSín go háirithe faoin achrann atá á thuar cois teorann.
Idir an dá linn tá brabach á bhaint as acmhainní na réigiún úd ag gnólachtaí míleata, ag cairde na nginearál, ag infheistitheoirí ón iasacht agus ag tiarnaí áitiúla drugaí.
B’fhiú breis airde a thabhairt ar dhrochiarsmaí na míréire i gcúrsaí timpeallachta.
Tochailt óir, agus an leagarnach atá ag roinnt léi, is cionsiocair le lagú an Irrawaddy, príomhabhainn na tíre, agus tá calaí abhann á n-aistriú go háiteanna eile dá bharr.
DEORAITHE AGUS PLÉASCANNA
I dtír shuaite bíonn deoraithe ann.
De réir tuairisce de chuid an Internal Displacement Monitoring Centre, ruaigeadh timpeall 66,000 duine de chuid na mionphobal eitneach in oirthear Bhurma sa bhliain 2008.
I Stát Karen ba mheasa an scéal, agus 100,000 deoraí ann.
Tá cúiseanna seachas ionsuithe míleata leis an ruaigeadh, mar atá sclábhaíocht éigeantach, coigistiú talaimh agus eile, rudaí a tharlaíonn sna bailte móra féin agus de dheasca tionscadail stáit go minic.
Ní hé an rialtas amháin atá freagrach as.
Coinníonn grúpaí eitneacha smacht ar mhuintir na háite chun go mbeadh údarás lena rialú féin agus chun fáil a bheith acu ar bhia, ar fhaisnéis agus ar oibrithe.
Idir an dá linn tá an rialtas ag faire a naimhde sa bhaile.
Mar shampla amháin, gabhadh an gníomhaí cearta daonna Thein Thein Yin, bean óg, in Stát Arakan ar 11/2/09 agus é curtha ina leith go raibh sí ag soláthar scéalta do ghníomhaireachtaí eachtrannacha nuachta.
Shíl na húdaráis go raibh gá le trí phóilín déag lena gabháil, agus tugadh í go dtí bunáit airm. Tá a mac, páiste sé bliana, faoi chúram a tuismitheoirí ó shin.
Titeann rudaí eile amach agus gan aon mhíniú soiléir orthu.
Pléascadh dhá bhuama ar 3/3/09, ceann in iarthar Rangúin agus an ceann eile in aice leis an ollscoil, agus baint acu le sraith pléascanna beaga a thosaigh sa chéad chuid den bhliain 2008.
Tharla na cinn is déanaí tar éis cruinniú mullaigh de chuid ASEAN, mar ar éirigh le baill na heagraíochtaí dul timpeall cheist Bhurma, mar is gnáth, agus iad ag dul i muinín eadráin na Náisiún Aontaithe.
Mar is gnáth, arís, d’fheann na gníomhaithe iad as a n-anbhainne croí.
Ach ní chuirfeadh dearcadh ASEAN iontas ort agus tú ag cuimhneamh ar an tábhacht atá le cúrsaí tráchtála agus ar an dúil atá ag baill na heagraíochta sa tsocracht pholaitiúil.