Cá bhfios nach buille ar son Éireann Aontaithe a bheadh in athrú an chloig?

Chinn Parlaimint na hEorpa an tseachtain seo go n-iarrfaí ar bhaill an Aontais Eorpaigh deireadh a chur leis an gcleachtadh na cloig a athrú san earrach agus sa bhfómhar chuile bhliain, ón mbliain 2021 ar aghaidh. 

An chéad rud a rith le go leor daoine sa tír seo ná go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh dhá chrios ama againn mar gheall ar Brexit. Sa gcás go nglacfaí le moladh an AE i mBaile Átha Cliath ach go ndiúltófaí dó i London, d’fhágfadh sé go mbeadh uair an chloig de dhifríocht idir Corcaigh agus Doire. 

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil inné nach nglacfadh sé le dhá chrios ama in Éirinn, agus is dóichí ná a mhalairt go gciallaíonn sé sin go leanfadh sé treoir na Breataine ar an gceist. Mar sin féin, is fada an t-achar dhá bhliain i saol na polaitíochta agus tá seans maith ann nach é Leo de Varad a bheidh ina Thaoiseach in 2021. 

Ar ndóigh, ní haon rud aisteach é dhá chrios ama a bheith in aon tír amháin. Go deimhin, i dtíortha móra ar nós Stáit Aontaithe Mheiriceá, na Rúise, Mheicsiceo agus Cheanada, tá breis agus ceithre chrios éagsúla ama i bhfeidhm.Tá na tíortha sin i bhfad níos mó ná mar atá Éire, áfach, agus luíonn sé le réasún go n-aithneodh na húdaráis iontu gur gá criosanna éagsúla a bheith in úsáid.

Ní hamhlaidh an scéal i gcás na Síne. Níl ach aon chrios oifigiúil ama amháin sa tSín — am 北京市 (Béising). Tá an tSín chomh mór sin go bhféadfadh cúig chrios ama a bheith in úsáid ann, ach bheartaigh an rialtas cumannach gan ach aon cheann amháin a úsáid i ndiaidh Chogadh Cathartha na Síne ag deireadh na 1940idí. 

Fágann sé seo go mbíonn sé dorcha thart ar leathuair tar éis a trí sa ló i bhfíoroirthear na tíre agus ag deich chun a hocht tráthnóna i bhfíoriarthar na tíre. Chomh maith leis sin, tá an t-athrú ama is mó ar domhan idir an tSín agus an Afganastáin: cé go bhfuil an dá thír buailte ar a chéile, is gá do chlog a chur siar ceithre uaire an chloig agus tú ag taistil ón tSín go dtí an Afganastáin. 

Cén bhaint atá aige seo le cás na hÉireann, a deir tú? Tá ceantar sa tSín a thugann droim láimhe d’am oifigiúil na tíre— 新疆 (na Tiarnais Nua). Tá na Tiarnais Nua in iarthar na Síne, agus tá teorainn ag an gceantar leis an gCasacstáin agus leis an gCirgeastáin. Maireann dhá phobal eitneacha le taobh a chéile ann — an pobal Han (Sínigh) agus an pobal Uigiúrach (Tuircicigh). Leanann an pobal Han am Bhéising den chuid is mó agus leanann na Uigiúraigh am na dTiarnas Nua. 

Is minic a fheictear an dá am luaite ar fhógraí oifigiúla agus neamhoifigiúla, agus an dá phobal ag feidhmiú de réir a gcórais féin. D’fhéadfaí a rá gur córas ciotach é sin ach is cosúil go n-oibríonn sé sna Tiarnais Nua. 

Céard ba cheart dúinne a dhéanamh? Ba cheart do Rialtas na hÉireann glacadh le moladh an Aontais Eorpaigh, beag beann ar chinneadh Rialtas na Breataine. Níl aon chúis réasúnta ann go mbeadh muid na cloig a athrú faoi dhó sa mbliain, má bhí riamh. Anuas air sin, faoi láthair tá an Fhrainc agus an Bhreatain ag feidhmiú ar dhá chrios éagsúla ama agus gan ach achar 43km eatarthu – tá 88km idir Loch Garman agus an Bhreatain Bheag agus muid ag feidhmiú ar an gcrios céanna.

Dá mbeadh ciall ag pobal na teorann chloífeadh siad le ham Bhaile Átha Cliath ar aon chaoi, agus b’amaideach an beart é don chuid eile den Tuaisceart a bheith ag feidhmiú uair an chloig taobh thiar dá gcomharsan. 

Cá bhfios nach buille eile ar son Éireann Aontaithe a bheadh in athrú mar é?