Cá rachaidh do vóta san olltoghchán?
Amárach an sprioclá chun clárú


Tá feachtais na bpáirtithe polaitiúla faoi lán seoil ar fud an stáit anois agus súil chun cinn acu ar lá mór an olltoghcháin ar 26 Feabhra.

Ionas go mbeidh tú in ann vótáil ar son do rogha páirtí agus iarrthóirí caithfidh tú bheith cláraithe faoi dheireadh an lae amárach, muna bhfuil tú cheana féin.

Tá cead ag aon duine a bheas 18 bliain d’aois ar, nó roimh, dháta an toghcháin vóta a chaitheamh agus tá gach eolas faoi chlárú le fáil ar checktheregister.ie

Ach cén cineál rialtais a bheas againn faoi thús na míosa seo chugainn?

Cé hiad na páirtithe a mheallfaidh vótaí lucht léitheoireachta NÓS?

Roinn do rogha linn anseo thíos.