Ní raibh mórán de chliú riamh agam faoi liricí Come Out Ye Black And Tans go dtí go raibh mé ag breathnú ar Alan Partridge anuraidh, nuair a chan ‘Martin Brennan’ ar an BBC é.
D’fhéach mé air beo ar an aer, agus seans maith míle uair ó shin mar tá sé ar cheann de na rudaí ba ghreannmhara a cuireadh ar an teilifís le fada an lá. Cé a cheapfadh go mbeadh an t-amhrán ag barr na gcairteacha anseo agus sa mBreatain taobh istigh de bhliain, mar gheall ar an gcomóradh a bhí beartaithe ag Charlie Flanagan?
Tá an ócáid anois ar ceal, ar ndóigh, tá beagán airgid breise déanta ag na Wolfe Tones agus tá ceacht staire faighte ag go leor againn nach mbeadh againn go brách. Ach an bhfuil?
I mo thuairim beag suarach féin, tá muid ag druidim níos gaire agus níos gaire i dtreo Éireann Aontaithe, ar chúiseanna éagsúla. Nó bhí, go dtí gur thaispeáin an ruaille buaille nach bhfuil muid réidh.
Nílimse ag rá go mbeadh aon deifir orm dul amach ag comóradh an RIC ná aon phóilíneacht a bhí orainn mar gheall ar an gcoilíniú, ach mura bhfuil muid in ann breathnú orainn féin, agus glacadh leis go bhfuil ár stair casta, cén chaoi ar bith faoin spéir go mbeadh muid in ann geallúint do mhuintir an Tuaiscirt atá breá sásta fanacht faoin gCoróin go mbeadh áit acu faoi bhrat na Poblachta?
Bhí gearáin ann nuair a nochtadh leacht cuimhneacháin i Reilig Ghlas Naíon i 2016. Uirthi, bhí ainmneacha gach duine a maraíodh, ba chuma cérbh hiad féin, fiú más baill de fhórsaí na Breataine a bhí iontu. Tugadh gach duine chun cuimhne. Rud a léiríonn fás. Comóradh, ní ceiliúradh.
Tuigim go maith na húdair atá ag daoine cur in aghaidh aon chomóradh ar an ‘taobh eile.’ Sin é an chéad rud a déarfainn féin freisin. Ach tá polaiteoirí in ainm agus a bheith níos aibí ná muid, agus in áit míniú do dhaoine gur fás míchompordach a thabharfaidh aibíocht dúinn mar náisiún, is ag caoineadh agus ag tabhairt amach a bhí siad.
A fhad agus a bhí na mílte gan dídean agus gan leaba in ospidéal. Arís eile, thaispeáin polaiteoirí gur a gcuid poiblíochta féin, agus ní na daoine atá ina gcónaí sa tírín bheag iontach seo a bhí ar an gcloch ba mhó ar a bpaidirín.
Má táimid le comóradh a dhéanamh ar ár náisiún, caithfear gach cuid den stair a chomóradh, agus ní an chuid nach bhfuil meas againn uirthi a scuabadh amach an doras.
Tá na blianta caite ag an DUP cur in aghaidh Acht Gaeilge in Stormont. Cén mhaith a rinne sé sin chun na pobail a nascadh? Ar an gcaoi chéanna, mar a luaigh Mary Lou McDonald, chaithfí plé a dhéanamh ar an gcomóradh a dhéantar sa Tuaisceart ar an 12 Iúil, a leathnú amach ar oileán na hÉireann dá mbeadh pobalbhreith ann ar cheist na teorann.
Dúirt sí go gcuirfeadh daoine iontas orthu féin leis na rudaí a bheadh muid in ann glacadh leo dá mbeadh Éire Aontaithe againn. Dá mbeadh mise i mo Aontachtach ó thuaidh, ní mórán misnigh a bheadh agam.