Pléann Ciarán Dunbar Éirí Amach na Cásca 1916, an troid mar gheall ar an stair agus an chosúlacht le hinsint staire na hIodáile.
In Éirinn síleann muid i gcónaí nach mbíonn deacrachtaí áirithe dár gcuid le fáil ach amháin sa tír bheag seo féin.
As na tréithe cultúrtha ar fad atá againn seans gurb í ár n-ábaltacht chun muid féin a fhéin-sciúrsáil (self-flagellate) an t-aon cheann atá fíor-uathúil áfach.
Creideann muid nach mbíonn argóintí faoi theangacha, faoi chúrsaí staire ná faoi theorainneacha le cloisteáil in áit ar bith eile ach anseo in Inis Fáil.
Má tá, téim chuig an Iodáil go mion minic – anois sin tír ar féidir lán a léine a thabhairt d’Éirinn, cé go bhfuil sí níos éifeachtaí ar go leor bealaí d’ainneoin a laigí soiléire maidir le polaitíocht agus coirpeacht eagraithe.
Tá dúspéis agam i gcúrsaí polaitíochta agus i gcúrsaí cogaíochta, uime sin chuir mé spéis i stair mhíleata na tíre ón chéad lá ar leag mé cos inti – ag tabhairt cuairte ar iarsmalanna agus ar iarsmaí coincréite ón Dara Cogadh Domhanda.
Ach tá trí riail iontach tábhachtach san Iodáil:
1) Ná labhair faoi chúrsaí polaitíochta go poiblí.
2) Ná luaigh an Mafia.
3) Agus, ar son Dé, ná luaigh an cogadh.
Cha dtuigeann siad faoin spéir cén fáth a bhfuil dúil ag ‘Angla-Shacsanaigh’ sa chogadh go dtí an lá atá inniu ann.
(Dar le Francaigh, Iodálaigh srl. gur Angla-Shacsanaigh iad muintir na hÉireann. Tá siad mícheart ar fad… nach bhfuil?)
Ach, cosúil le beagnach gach sráidbhaile beag agus mór sna Sé Chontae, tá leacht nó gallán cuimhneacháin ina n-onóir siúd a thit sa Chéad Chogadh Domhanda le fáil go forleathan.
Bíonn siad mór, ollmhór go minic, agus iad suite de ghnáth i lár an bhaile, fiú sna bailte is lú faightear leacht éigin ann.
Fuair idir 1,052,400 agus 1,243,400 Iodálach bás sa chogadh úd.
Rud atá suimiúil áfach nach luaitear ar na leachtanna seo de ghnáth na daoine sin a fuair bás sa Dara Cogadh Domhanda.
Admhaím nár fhiosraigh mé gach leacht san Iodáil ach d’amharc mé ar go leor acu.
Tuairim ar 450,000 Iodálach a fuair bás sa Dara Cogadh.
Ar ndóigh tá sé casta – chuaigh an Iodáil i leith an taoibh eile in 1943.
Fuair Iodálaigh bás ag troid ar an dá thaoibh.
Fuair siad bás i gcampaí géibhinn an dá thaobh.
Agus sa deireadh, throid siad eatarthu féin fiú.
Cha bheinn ag súil le leacht cuimhneacháin a fheiceáil á gceiliúradh siúd a fuair bás ag troid taobh le taobh leis na Gearmánaigh ar son an stáit fhaisistigh phuipéid “Poblacht Shóisialta na hIodáile”.
Ach bhí 204,346 saighdiúir Iodálach marbh sular shocraigh rí na hIodáile, Victor Emmanuel III, dul i bpáirt leis na Comhghuaillithe.
Níorbh fhiú bás ar bith acu, ach ní chuimhnítear orthu go fabhrach agus déantar iad a shéanadh mar ‘fascisti’ – cé gur saighdiúirí coinscríofacha a bhí sa tromlach acu.
Ach i ngach aon áit i dTuaisceart na hIodáile tá leachtanna ann in onóir na Partigiani, na treallchogaithe a throid i gcoinne na nGearmánach agus na bhfaisistithe Iodálacha tar éis an tsosa chogaidh – minic go leor san áit ar thit siad.
Cuireann sé sin Iarthar Bhéal Feirste i gcuimhne dom agus leachtanna in onóir bhaill den IRA a maraíodh.
Ach bhí tuairim ar 82,000 duine sna grúpaí treallchogaíochta seo agus fuair tuairim ar 17,488 bás.
Is méid beag bídeach é sin i gcomparáid le líon na saighdiúirí a fuair bás sa chogadh go dtí 1943 – ar son aislingí Mussolini.
Ach déantar a mhór as Partigiani agus ceoltar fúthu go seadh – tá a n-amhrán ‘Bella Ciao’ (thíos) ar eolas ag cách.
Cuirtear an argóint chun tosaigh go raibh an Iodáil faoi smacht ag an Ghearmáin, sa chaoi chéanna a raibh an Pholainn agus an Fhrainc cuir i gcás ach gur éirigh na Partigiani amach agus gur scaoil siad féin an tír saor.
Scéal deas atá ann gan amhras.
Ach níl ach rian na fírinne ann agus le bheith ionraic tá mé go mór in amhras faoi cén éifeacht mhíleata a bhí acu.
Cuireann an scéal sin a insíonn an Iodáil di féin eispéireas na hÉireann i gcuimhne dom i gcónaí.
I gcomparáid leis na hÉireannaigh a chuaigh isteach in arm na Breataine aimsir an Chéad Chogaidh – ba bheag bídeach iad líon na bpoblachtach riamh.
Mar sin féin, d’éirigh leis an Phoblachtachas saoirse éigin a bhaint amach d’Éirinn.
Ach mar thoradh air sin, rinneadh ‘dearmad’ thar oíche ar na hÉireannaigh a throid le harm na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda agus roimhe sin, agus ar na mílte Éireannach a throid i gcoinne an IRA, beag beann ar thuairimí s’acu ar neamhspleáchas na tíre.
Deirimse ‘dearmadta’ ach ag magadh atá mé, scríobhtar alt orthu in aghaidh na seachtaine ag cur i gcuimhne dúinn go ndearnadh dearmad orthu.
Blár cogaíochta é an stair féin.
Agus cé go raibh ár léamh ar an stair beagán aontaobhach agus neamhiomlán go dtí seo in Éirinn, agus go ndearnadh neamhaird ar Éireannaigh a throid leis an Bhreatain, níl aon amhras ann faoi cá háit a bhfuil bá thromlach bhunaíocht na meán in Éirinn inniu.
Ar an bhliain seo chugainn beidh muid – ag bráth ar do dhearcadh – ag ceiliúradh, ag comóradh, ag cáineadh nó ag moladh Reibiliúnaithe Sheachtain na Cásca 1916.
Beidh sé ina chogadh dearg idir poblachtaigh chomh maith le dreamanna éagsúla ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar an Éirí Amach.
Ar an lámh eile, tá clú ar dhaoine ar nós David Norris, John Bruton, Eoghan Harris agus Kevin Myers as an seasamh a ghlacann siad i gcoinne náisiúnachas na hÉireann i dtólamh.
Ach tá bunaíocht na hÉireann i gcoitinne i gcoinne fhir agus mhná 1916 agus i gcoinne na haislinge taobh thiar dóibh.
Ach ag an am céanna níor mhaith leo go mbeadh poblachtaigh ag baint aon leas as – mar sin beidh siad i mbun gnímh ag argóint gur bán dubh agus gur dubh bán agus go mbaineann 1916 leo ar bhealach éigin.
Beidh athscríobh na staire faoi lán seoil.
Ach sílim féin gur soiléir cén fáth ar throid Pádraig Mac Piarais agus a lucht leanúna in 1916: chun an tír ar fad a shaoradh go hiomlán, chun an Ghaeilge a athbheochan agus ar son an lucht oibre.
Mura féidir le duine nó dream a mhaíomh go bhfuil siad ar son na gcúiseanna céanna, cén gnó atá acu a bheith ag eagrú ceiliúrtha nó comórtha ar Éirí Amach 1916 ar chor ar bith?
Fiú 100 bliain ó cuireadh chun báis é, tá an Piarsach ina bhagairt.
Ní luann poblachtaigh an lae inniu é fiú.
Measaim féin gur i measc na nGaeilgeoirí amháin a fhaightear dílseacht do smaointeoireacht an Phiarsaigh agus 1916.
Pictiúr: ‘Birth of the Irish Republic’ le Walter Paget