Is iomaí duine a chastar ar oilithreach ar an mbóthar go Santiago, agus ó thosaigh mé ag siúl dhá lá dhéag ó shin tá daoine den uile chineál, chreideamh agus chine aimsithe agam.
Texach a bhfuil 47 gunna ina sheilbh aige agus a thacaíonn go mór le polasaithe a uachtaráin; lánúin as Washington a bhfuil náire shaolta orthu faoin bhfear céanna; na céadta Cóiréach; muintir na Spáinne; Bascaigh; cainteoirí Gaeilge agus Gáidhlig; agus go leor leor eile.
An bheirt ba spéisiúla, agus ba chairdiúla seans, a casadh orm go fóill ná an bheirt Chatalónach óg a shiúil liom ar feadh trí lá. Ferran agus Bruna, iad beirt sna luathfhichidí, as baile beag sa gCatalóin a choinnigh comhluadar liom ó Los Arcos go Lorgoño.
Is Catalónach duine de na cairde scoile is fearr liom, ach d’fhág sé an Chatalóin agus é ocht mbliana d’aois agus dáiríre píre is mó d’Éireannach anois é ná Catalónach, agus cé go bhfuil bá aige leis an ngluaiseacht reatha ina thír dhúchais, is beag is féidir a fhoghlaim fúithi uaidh.
Níorbh amhlaidh an scéal le mo bheirt charad nua. Ba léir ó chomhráite éagsúla leo go bhfuil a muintir féin báite i ngluaiseacht na saoirse sa gCatalóin. Bhí scéalta acu faoina sinsir, a cuireadh chun báis le linn réimeas Franco, agus faoina dtuismitheoirí féin a sheasann in aghaidh na Spáinne gach bealach is féidir leo.
Agus muid ag teacht isteach i mbaile Viana, chonaic muid slua mór cruinnithe timpeall an tséipéil. Shíl muid ar dtús gur cuid de ghnásanna na Cásca a bhí ann (leaindeáil muid ann Aoine an Chéasta) ach ba léir ó na ceamaraí móra gur duine tábhachtach a bhí ar cuairt ar Viana.
Cé eile ach Pedro Sanchez, uachtarán na Spáinne. Níl Sanchez chomh righin céanna ar cheist na Catalóine agus an fear a tháinig roimhe, Mariano Rajoy, ach mar sin féin ní cara de chuid na tíre é ná de chuid lucht na saoirse ann.
“Cén Chatalóinis atá ar ‘An Chatalóin Abú!’?” a d’fhiafraigh mé go leathmhagúil de mo chairde nua. Tháinig cuma ghruama ar a n-aghaidh.
“Ná habair é sin os ard.”
Chaith siad súil sciobtha timpeall na cearnóige agus thit na súile ar bhaill Guardia Civil a bhí ina seasamh sna cúinní, carranna mór ar a gcúl agus cuma fheargach ar a n-aghaidh. Bhí faitíos cheart ar mo chairde roimh na póilíní seo.
Agus muid slán sábháilte sa mbrú óige an oíche sin, cheistigh mé iad tuilleadh faoi chúrsaí sa mbaile. Labhair siad faoin lá a thug Guardia Civil ruathar faoin mbaile beag a bhfuil siad ina gcónaí ann, agus an scéin a bhí ar mhuintir na háite go scríosfaí a dtithe. Labhair siad faoin mbaol atá ann go mbainfí rialtas nua ar an eite dheis de stádas na Catalóinise sa gCatalóin, a dteanga dhúchais, agus an dochar a dhéanfar dá bhféiniúlacht má chuirtear a stáisiún teilifíse, a nuachtán, agus a saol trí chéile faoi chois.
Tá Ferran agus Bruna sé bliana níos óige ná mé, difríocht shuntasach agus tú sna fichidí, ach chonaic mé go leor díom féin agus de mo chuid cairde iontu nuair a lasadh a súile agus iad ag caint faoina n-oidhreacht, a dteanga, a ndúchas, agus níos tábhachtaí ná rud ar bith eile, a dtodhchaí.
Cé go bhfuil údar maith gearán againne in Éirinn faoi chúrsaí teanga agus oidhreachta, níl an baol céanna ar chor ar bith ann don Ghaeilge agus atá don Chatalóinis ná do chultúr na hÉireann agus atá do chultúr na Catalóine.
Tá súil agam go bhfíorófar mianta mo charad nua sna blianta amach romhainn agus go mbeidh an tsaoirse chéanna acu a bhféiniúlacht a léiriú sa mbaile agus thar lear agus atá agamsa agus ag formhór na gcainteoirí eile Gaeilge in Éirinn.