Cén chuma a bheadh ar Pharlaimint na nGael?

Más Gael nó réabhlóidí thú, seans maith go bhfuil díomá ort le toradh an toghcháin i dTeach Laighean ar na mallaibh. Cad a tharla ach go raibh toghchán cothrom gan chaimiléireacht ann? Toghchán a thit amach laistigh de chóras an-chothrom sa mhéid is go mbíonn an-chosúlacht idir an vóta agus cé a bhaineann na suíocháin.

Ciallaíonn sé sin go mbíonn deis ag iarrthóir neamhspleách agus páirtithe amuigh ar an imeall suíochán a bhuachan. Ní féidir é sin sa Bhreatain, cuirim i gcás.

Cibé ar bith, vótáil an pobal agus vótáil siad mar a vótáil siad, ach táthar ann a déarfadh gur soineantas agus aineolas an phobail is cúis le toradh an toghcháin. Gur vótáil siad in aghaidh a leasa féin, gur buaileadh bob orthu.

Is pobal an-oilte iad muintir na hÉireann a bhfuil fáil acu ar go leor eolais agus ar roghanna polaitiúla áfach. 

Ní bheadh rath orthu siúd atá ar son athrú a dhéanamh ar na cearta vótála. Ní fheicfear ‘epistocracy’ go luath in Éirinn, is é sin le rá go mbíonn siadsan ‘a bhfuil eolas acu’ i gceannas, nach mbeadh vóta ag daoine ‘aineolacha’.

Cé a dhéanfadh an cinneadh sin? Ní bhaineann sé le hábhar, baineann Éireannaigh barraíocht suilt as vótáil agus as an chomhaireamh. Ach cloistear an aisling ó am go céile go fóill. Smaoineamh eile a bhíonn ag daoine ná ‘sortition’ nó ‘lottocracy’, is é sin go roghnófaí baill pharlaiminte go randamach: ‘crannchurachas’. 

Tá cuma mhire air sin ar an chéadamharc ach nach é sin an rud atá i gceist le tionóil na saoránach? Ní chinnteodh sé rud ar bith ach amháin nach mbeadh polaiteoirí gairmiúla agus páirtithe polaitiúla i gceist – ar feadh cúpla lá cá bith.

Mar sin féin, cé go bhfuil éagsúlacht pholaitiúil ann sa Dáil, ní féidir a mhaíomh go bhfuil ‘guth’ ag gach duine, dream nó mionlach sa chóras. Cén dóigh a dtugann muid ‘guth’ ar leith do dhreamanna áirithe gan scothaicme a dhéanamh díobh agus gan fearg a chur ar an ‘ghnáthdhuine’ áfach?

Bealach amháin chun é sin a dhéanamh in Éirinn ná duine ó mhionlach a cheapadh mar sheanadóir – ról ina mbeadh glór agus tionchar acu ach ní cumhacht. Ach ní oibríonn an Seanad mar is cóir; tá muid uile go léir aontaithe air sin is dócha. 

Dar le tuairisc.ie, tá Gaeilge ag 40 de na 174 TD sa Dáil nua. Ábhar dóchais b’fhéidir. Ní féidir a mhaíomh gur ceist lárnach í an teanga i bpolaitíocht na hÉireann agus ní féidir a mhaíomh gur ‘bloc’ láidir ar son na Gaeilge a bheidh sa dá scor sin.

Níl aon suíochán curtha i leataobh don Ghaeltacht nó do Ghaeilgeoirí sa Seanad ná sa Dáil. Ar chóir go mbeadh, dar leat? Ní dócha go dtarlódh a leithéid de shocrú beag beann ar an tuairimíocht atá ann faoi.

Cad faoi ‘Pharlaimint na nGael’ áfach? Fóram nó ‘tionól sóivéide’, más maith leat? Rud Gallda é Parlaimint dar le Gaeil áirithe ach nach raibh ‘Pairlement Chloinne Tomáis’, ‘Párliament na mBan’ agus ‘Párliment na bhFíodóirí’ againn?

Chuir mé ceist ar lucht na meán sóisialta ar mhaithe le scléip: ’Dá mbeadh tionól ag na Gaeil, cé a thoghadh pobail na Gaeilge?’

Is beag duine ar mheall mé iad leis an cheist sin; ba é an toghchóras a bheadh in úsáid a bhí ar an cheist is tábhachtaí dar leis an slua.

Toghcháin nó ceapacháin? Cé a dhéanfadh an cinneadh nó na ceapacháin? Cé hiad na Gaeil féin? Cé a dhéanfadh cinneadh maidir leis an chur síos sin? Ar chóir go mbeadh níos mó ná vóta amháin ag cainteoirí dúchais Gaeltachta? Cén fáth a mbeadh an vóta céanna ag bunfhoghlaimeoir is a bheadh ag Gael ó theaghlach Gaelach gan bhriseadh?

Ach dá socrófaí na ceisteanna sin uile go léir – cén cruth a bheadh ar Pharlaimint na nGael?

Is cuimhin liom a bheith ag caint le seanfhondúir blianta ó shin. Bhí muid ag plé na ceiste seo. Bhí mé féin den tuairim go mbeadh guth láidir údarásach ag comhairle thofa Ghaelach ach bhí mo dhuine dubh in aghaidh an smaoinimh. Dar leis go bhfaigheadh na páirtithe polaitiúla greim ar an phróiseas agus ar an pharlaimint ar an toirt, a bheag nó a mhór. 

Ach dá mb’amhlaidh an scéal, nárbh é daonlathas agus toil an phobail, toil na nGael? An é go gcuireann polaitíocht de shaghsanna áirithe an Gaelachas ar an mhéar fhada? Tá muid ar ais ag an bhuncheist mar sin: cé hiad na Gaeil, cad é an pobal?

An duine féincheaptha é an Gael féin? Arbh fhearr comhairle a cheapadh ar bhealach éigin? Dá ndéanfaí amhlaidh, cén t-údarás a bheadh aige? 

Tar éis dul i gcomhairle le roinnt iriseoirí ar an cheist theoiriciúil seo bhí sé suimiúil fáil amach, d’ainneoin na tuairime coitianta faoi lucht labhartha na Gaeilge a bheith go mór ar an eite chlé, gur mheas siad go bhfuil tacaíocht Gaeilgeoirí d’Fhianna Fáil agus d’Fhine Gael ar leibhéal cothrom leis an tacaíocht atá acu beirt sa phobal Béarla. Agus ar ndóigh, is baill den phobal Béarla beagnach gach Gaeilgeoir. 

Mar sin féin, bheadh Parlaimint na nGael suimiúil, caithfidh tú sin a admháil. Bheadh spórt ann cibé ar bith.

SCÉALTA EILE