Le cúpla bliain anuas tá ceann de na cogaí seicteacha is brúidiúla ar domhan ar siúl i bPoblacht na hAfraice Láir (Central African Republic). Is oibrí daonnúil leis na Náisiúin Aontaithe é an Gael Feirsteach, Angus Lambkin, a bhí freagrach as cosaint daoine díbeartha agus comhordú na gcumann carthanachta sa tír i mbliana. Seo a smaointe faoin tréimhse a chaith sé ann.
Ba ag tús 2013 a thosaigh na scéalta ag teacht aniar aduaidh orainn faoi chogadh cathartha seicteach sa tír is boichte ar domhan.
Is tír mhór í Poblacht na hAfraice Láir (PAL), le daonra sách beag, suite i gcroílár na hilchríocha, agus murach go raibh mé ag obair sa Chongó (an chomharsa ó dheas) roimhe, ní bheadh fiú príomhchathair na tíre ar eolas agam.
Ach chuir an nuacht úd Bangui agus an tír ar fad go barr na gceannlínte, san Afraic ar aon nós.
Bhí gá le cuidiú ó na Náisiúin Aontaithe (NA) a bhí lonnaithe sa Chongó (áit a raibh mé ag obair) agus bogadh corrdhuine anall ar chonradh gearrthéarmach agus scealtaí an uafáis ag teacht ar ais maidir le fuacht, gráin, glanadh eitneach agus an cinedhíothú féin.
Agus níor stop na tuairiscí.
Bhí “an cruachás daonnúil is measa nár chuala aon duine faoi” á thabhairt ar cad a bhí ag titim amach.
Saighdiúirí na Fraince agus na hAfraice Theas buailte go dona agus na ceannaircigh in uachtar agus, faoi dheireadh, sos cogaidh nár chuir deireadh le haon rud seachas na caismirtí móra míleata: lean an cogadh cathartha agus seicteach ar aghaidh, cé gur cuireadh fórsaí na Náisiún Aontaithe, na hEorpa agus na Fraince isteach chun na sibhialtaigh a shábháil.
Fuair mise mo sheans a bheith i lar an aonaigh uafásaigh seo i mbliana, lonnaithe leis na Náisiúin Aontaithe in Kaga Bandoro, an príomhbhaile i lár na tíre.
Áit í seo a raibh na ceannaircigh i gcumhacht, an mórphobal ina gcoinne agus grúpaí armtha ag ionsaí a cheile go leanúnach.
Ar a bharr sin bhí cogadh talún ar siúl idir feirmeoirí tréadacha fánaíochta agus feirmeoirí arúla – bhí baint áirithe ag an chomhlint sin leis an mhórchogadh agus leis an seicteachas ach ollfhadhb eadarthu féin le blianta fada anuas.
Bhí muidne ag iarraidh an chabhair a bhí ar fáil do na daoine díbrithe a chomhordú agus fios a thabhairt don domhan mór faoin donas a bhí ag tarlú.
Sluaite móra daoine bailithe thart ar na fórsaí síochána, dídean s’acu curtha trí thine ag dream amháin nó dream eile, agus dídean eile déanta as féar curtha in airde.
Na cumainn charthanachta ag iarraidh leigheas, uisce, bia agus leithris a chur ar fáil agus níos mó ná duine amháin ag iarraidh airgead a dhéanamh as, lucht an rialtais san áireamh.
Bhí cónaí orainn féin taobh thiar de bhallaí arda deilgneacha agus gardaí armtha inár gcuideachta.
‘Staid Khaga Bandoro’ a chuir muid ar an suíomh seo toisc nach raibh leictreachas 24/7 ag aon duine i lár an bhaile seachas muid féin agus bhí na soilse le feiceáil fud fad na háite ar nós go raibh cluiche mór spóirt ar siúl.
Bhí oibrithe na NA slán sábháilte, ach ní raibh muintir na háite, agus is beag nach dtiocfadh nuacht chugainn gach uile lá maidir le hionsaí eile ar bhaile éigin agus scaifte ag teacht inár dtreo ag lorg tearmainn.
Ar an deá-uair, tháinig biseach de shaghas éigin ar chúrsaí le linn na tréimhse a raibh mé ann.
Cinnte, chuir an séasúr fliuch bac ar ghluaiseachtaí armtha thart ar an tír, ach is dócha leis gur chuidigh obair na bhfórsaí síochána agus na ngníomhaíochtaí eile a bhí ag iarraidh obair thrasphobail a dhéanamh chun an teannas a laghdú.
In áit a bheith i mbun oibre ón deargmhaidin go dtí go dtitfeá i laige, bhí saol sóisialta éigin a chothú againn chun dul i ngleic leis an uafás agus daoine sásta a bheith amuigh ann ag cuidiú.
Cluichí peile (níor shíl mé riamh go gcaithfinn léine Cheiltigh Ghlaschú i gcluich trasphobail ach cuireadh foireann iomlán chun páirce agus na ‘hoops’ orthu!), ócáidí damhsa agus ceoil.
Bhí an damhsa thar cionn agus ba léir gur iontach an leigheas é do dhaoine.
Ní fhéadfeá a bheith cinnte faoin ‘Eau de Kaga’ – an poitín áitiúil – déanta as mil ach déarfainn ar an iomlán gur tháinig maitheas leis an olcas, mar a tharlódh i ngach áit eile.
Bhí ceol agus canadh ann chomh maith, agus dá mbeadh cúis cheiliúrtha ann thiocfadh an ceol amach.
Ag ócáid maoinithe ag na NA tugadh deis cainte dom.
Chuir an lucht féachana in iúl dom gur cheart labhairt i Sango, an teanga náisiúnta – bhí mise ag ceapadh go mbeadh an Fhraincis deacair go leor.
Bhuel, amach liom leis an chúpla focal a bhí agam, agus amach go gasta leis an fheadóg stáin díreach ina dhiaidh, mé ag rá go raibh sé coitianta do na hÉireannaigh píosa cultúir a chur i láthair ag a leithéid d’imeacht.
Seo daoibh cúpla ríl, ‘An Bhean Taobh Thiar den Bheár’ agus ‘Lá an Bháistigh’.
Ba chosúil gur bhain siad sult as, agus ba léir an difear idir an lá sin agus na laethanta nach raibh sé ach de chead agam cur i gcéill trí óráid fhada Fraincise a thabhairt.
D’fhág mé an tír i ndiaidh sé mhí le dearcadh dearfach agus diúltach.
Gach áit a mbíonn cogadh ann déantar iarracht éigin, más féidir, leanúint leis an ghnáthshaol chomh maith, rud atá riachtanach.
Ar laghad anois tá seans, seans nach raibh ann roimhe, ag muintir na tíre a gcuinsí a athrú leis an chúnamh atá á chur ar fáil dóibh ach is mór an dúshlán atá rompu, agus murach go nglacfaí leis na comharsana agus leis an éagsúlacht dhaonna ann, níl a fhios agam an mbrisfear an cogadh ciorclach go brách.