Comharthaí Gaeilge á n-ardú ag trodaithe sa Chordastáin


Tá briogáid idirnáisiúnta chléach atá ag troid in éineacht le haonaid chosanta na gCoirdíneach i dtuaisceart na Siria tar éis frásaí Gaeilge a úsáid ina gcuid comharthaí.

Is buíon de chuid Chathlán Idirnáisiúnta na Saoirse (International Freedom Battalion) í Briogáid Bob Crow ina bhfuil fir agus mná as an Ríocht Aontaithe agus as Éirinn ag troid taobh le Coirdínigh agus le grúpaí forásacha eile i gcoinne ISIS sa chuid sin den Chordastáin atá lonnaithe i stát na Siria.

Inné, cothrom an lae 33 bliain ó reachtáladh an 8ú leasú i mBunreacht na hÉireann, d’fhoilsigh mná ón bhriogóid grianghraf ag léiriú a dtacaíochta dóibh siúd anseo in Éirinn atá ag iarraidh an leasú a chur ar ceal agus cearta rogha a thabhairt do mhná.

Mar aon le ‘Repeal The 8th’, bhí ‘Ní Saoirse go Saoirse na mBan’ scríofa sa chló Gaelach ar chomhartha faoi bheirt bhan in éide mhíleata.

Mhínigh siad sa tweet go raibh siad ag seasamh i ndlúthpháirtíocht lena ndeirfiúracha in Éirinn ar mhian leo an leasú a aisghairm.

Sna sála ar an ghrianghraf seo thuas, d’fhoilsigh Briogáid Bob Crow tweet eile ar maidin a léirigh beirt fhear de chuid na buíne ag taispeáint dlúthpháirtíochta le tiománaithe bus Bhaile Átha Cliath atá ar stailc dhá lá mar gheall ar chúrsaí pá.

Le feiceáil ar bhalla taobh thiar de na fir tá an graifítí “Socialism Will Win. Beir Bua.”, mar aon leis an íomhá shóisialach phoblachtánach Éireannach, An Camchéachta (Stary Plough).

Tá Briogáid Bob Crow ainmnithe in ómós do cheardchumannaí aitheanta Sasanach agus gníomhaí glórach de chuid na heite clé a fuair bás in 2014.

Sóisialaigh agus cumannaigh iad na trodaithe sa bhriogáid, agus i gCathlán Idirnáisiúnta na Saoirse trí chéile, atá tar éis cinneadh a ghlacadh troid in éineacht le muintir na Cordastáine i gcoinne ISIS agus ar son na n-athruithe forásacha sochaí atá ag tarlú ar an talamh sa dúiche sin (Rojava, nó Cordastáin na Siria).

Tá ceangal á dhéanamh chomh maith idir idé-eolaíocht na dtrodaithe seo agus na daoine as codanna éagsúla den domhan a chuaigh chun na Spáinne le troid leis na Briogáidí Idirnáisiúnta i gcoinne fhórsaí faisisteacha Franco sna 1930í.

SCÉALTA EILE