Bhí Seaghan Mac an tSionnaigh i dteach tábhairne sa Fhrainc an tseachtain seo caite nuair a chuaigh foireann sacair an tuaiscirt chun páirce i gcoinne na Polainne. Agus é ann ba ríléir dó gur fearr i bhfad an bráithreachas ná an seicteachas ó thaobh an spóirt de anseo, go háirithe agus muid ag iarraidh dul i ngleic leis an “deighilt leanúnach mhí-ámharach” úd a scoilteann an tír i gcónaí.
Thug comhdháil ar an bhféiniúlacht teangan go Montpellier mé an tseachtain seo a d’imigh tharainn, agus nuair a bhí mo pháipéar tugtha agam, is sin í an uair a cuireadh orm na cruacheisteanna i dtaobh thodhchaí náisiún na hÉireann.
Bhí san go maith agus ní raibh go holc, ach is mise a bhí i mbun na gcruacheisteanna a chur go gairid i ndiaidh dom Páras a bhaint amach ar an Domhnach.
Go Beár na Reibiliúnaithe a chuas, Tigh Uí Shúilleabháin ar Shráid des Lombards, agus an ócáid?
An chéad chluiche a d’imir aon fhoireann ó Thuaisceart na hÉireann i gComórtas Sacair na hEorpa, agus iad ag tabhairt faoin bPolainn an iarracht seo, i Nice an Chósta d’Azur.
Isteach sa chúinne liom, piúnt Leffe i mo ghlaic, agus nuair a tháinig deireadh leis an gcluiche caide idir Sligeach agus Ros Comáin, cad a bhí le clos agam ach ‘Come on you boys in green’ ó scaifte ógfhear bogtha, geansaithe na Poblachta á gcaitheamh acu.
D’ainneoin na hiarrachta fíor-mhíbhinne ar an ngligín úd a chanadh, agus cé nach raibh geansaí an Tuaiscirt le feiscint in aon áit in aon chor, cheapas gur deas an chuma go raibh bráithreachas éigin á léiriú idir an dá fhoireann Éireannacha ar glas a rogha datha dóibh araon.
Ní mar a shíltear a bhítear, áfach; d’aimsigh an Pholainn cúl, agus tháinig liú comhghairdis ó Bhuachaillí Dána an Fheistis Ghlais.
Lean faíreach bhagrach roinnt d’iarrachtaí fhoireann na sé chontae – a raibh oiread céanna de shloinnte Gaelacha ina measc, chuirfinn geall, agus a bheadh i measc ghallóglaigh an deiscirt.
Ó Néill atá ar bhainisteoirí an dá fhoireann, cuirim i gcás.
Pé scéal é, chun cainte a chuas ina dhiaidh sin leis na fir a bhí ag caitheamh gheansaithe na Poblachta.
Bhuaileas le Bleá Cliathaigh agus le fear ó Ros Comáin leis, ach b’as Béal Feirste cuid mhaith acu, iad tagtha go dtí an Fhrainc le tacaíocht a thabhairt d’fhoireann na Poblachta a d’imir sárchluiche Dé Luain, ina dhiaidh sin, i gcoinne Lochlannaigh na Sualainne.
Bhí sé de mhí-ádh ar Phoblacht na hÉireann gur le comhscór a fágadh iad.
Bhí scéala báis Darren Rodgers tar éis teacht chughainn faoin tráth sin, agus athrú, b’fhéidir, ar mheon lucht tacaíocht Phoblacht na hÉireann i bhfianaise na tragóide sin; ba an-deas an chomhartha ómóis é gur chanadar ‘Stand Up For the Ulstermen’ i rith chluiche na Sualainne i gcuimhne ar ógfhear Chontae Aontroma.
Bhí fear an Bhaile Mheánaigh tar éis taisteal go Nice le tacaíocht a thabhairt d’fhoireann an Tuaiscirt, ach cailleadh é nuair a thit sé den chosán cois trá ann.
Ach cén bunús a bhaineann le bheith ag cur i gcoinne fhoireann an Tuaiscirt ar an tslí a luas cheana?
An féidir léamh go doimhin isteach sa scéal agus a rá gurb ionann é agus ráiteas polaitiúil dlisteanach agus intuigthe i dtreo dlisteanacht a bhaint de stát Thuaisceart na hÉireann?
Nó an amhlaidh nach raibh i gceist ach gníomhartha dalla ó phaca asal?
Pé rud a bhí laistiar de seo, mheabhraigh sé dhom an chaint a deineadh cúpla bliain ó shin ar fhoireann Uile-Éireann a bhunú sa sacar, ar nós lucht an rugbaí atá ag dul ó neart go neart.
Rug foireann uile-Éireann an rugbaí bua stairiúil i gcoinne fhathaigh an spóirt sin, An Nua-Shéalainn, i gCorn an Domhain Faoi 20 an tseachtain seo caite.
Maidir leis an sacar mar sin, mhol an Taoiseach Enda Kenny sa bhliain 2013 nár mhiste cluiche bliantúil carthanachta a chur ar bun idir foireann Uile-Éireann agus Sasana, agus é sin mar chéim i dtreo feabhas a chur ar an gcaidreamh idir lucht an dá thraidisiún ar oileán na hÉireann.
Ní miste ag an bpointe seo a mheabhrú gur tháinig a leithéid d’fhoireann le chéile sa bhliain 1973, agus nár mhór gur bhuadar sa tréimhse shuaite sin ar fhathaigh an tsacair .i., an Bhrasaíl.
4 – 3 an scór deiridh a bhí ann.
Bheadh buaite ar an bPolainn agus ar an tSualainn, a déarfainn, marach an deighilt leanúnach mhí-ámharach seo.
Idir an dá linn, go mbaine an dá Éire a chéile amach níos déanaí sa chomórtas.