Tá scanradh ar bhunaíocht pholaitiúil agus mheán na Breataine i láthair na huaire agus gach cuma ar chúrsaí go dtoghfar Jeremy Corbyn mar an chéad cheannaire eile ar Pháirtí an Lucht Oibre.
Cé go bhfuil scothaicme (elite) an pháirtí, beagnach gach páipéar nuachtáin agus an tráchtaireacht i gcoitinne, ag tabhairt tacaíochta do “dhuine ar bith seachas Jeremy” – níl ag éirí leo.
Éiríonn sé níos cumhachtaí le gach ionsaí.
Tá na geallghlacadóirí cinnte go mbeidh an lá ag Corbyn, d’ainneoin go bhfuil sé 66 bliain d’aois agus gurbh ar na cúlbhinsí a shuigh sé ó leag sé cos sa Pharlaimint den chéad uair i 1983.
Seans go léiríonn sé sin an easpa muiníne agus spéise atá ag an duine ar an tsráid sna meáin agus i dtuairimí tráchtairí.
Mar sin féin, seans go bhfuil iontas ar Corbyn féin go bhfuil sé ar tí an bhua a bheith aige – muise, b’fhéidir go mbeadh scanradh air.
Beidh fios maith aige go mbeidh an chuid is mó d’fheisirí an Lucht Oibre dubh ina choinne ón chéad lá – má fhanann siad leis an pháirtí fiú – agus go mbeidh siad i mbun comhcheilge chun an ruaig a chur air.
An nglacfaidh ardcheannasaíocht an pháirtí leis ar chor ar bith fiú?
An ndéanfaidh siad neamhiontas de go díreach nó an imeoidh na Blairithe chuig páirtí nua, nó chuig na Tóraithe féin?
Tá dochar i ndán don pháirtí – bealach amháin nó eile.
Ach mar atá ráite ag Rupert Murdoch, a thacaíonn leis an Pháirtí Coimeádach dála an scéil:
“Is léir de réir a chéile gurb é Corbyn an buaiteoir i bPáirtí an Lucht Oibre. De réir cosúlachtaí is é an t-aon iarrthóir a chreideann i rud ar bith, ceart nó mícheart.”
Ba dhoiligh easaontú le hanailís an Mhuireadhaigh.
Tá na hiarrthóirí eile an-lag ar fad.
Níl aithne mhaith ag an phobal orthu: má tá sé doiligh ‘Prime Minister Jeremy Corbyn’ a rá os ard, bain triall as ‘Prime Minister Liz Kendall’ a rá gan gháire.
Ceann de na buanna atá ag Corbyn ná go raibh ballraíocht Pháirtí an Lucht Oibre i gcónaí níos faide ar chlé ná an páirtí Parlaiminte.
Agus ar an bhua is mó ar fad atá aige ná gur vótáil sé i gcoinne an chogaidh san Iaráic – cogadh a bhí ina thubaiste dar le beagnach cách.
(Sular ionsaigh an RA agus SAM an Iaráic bhí acmhainní ola na tíre sin faoi úinéireacht phoiblí, inniu tá siad faoi smacht ag comhlachtaí ola an Iarthair. Braon fola do bhraon ola, is doiligh gan smaoineamh gurbh í sin príomhaidhm an chogaidh ón chéad lá.)
Vótáil dhá iarrthóir eile, Andy Burnham agus Yvette Cooper, ar a shon agus ní raibh an t-iarrthóir eile sa rás, Liz Kendall, ina Ball Parlaiminte an t-am sin.
Labhraíonn Corbyn go díreach chomh maith – saor ó ‘spin’ – galar a bhí ar pholaiteoirí an pháirtí ó bhí aimsir Tony Blair ann.
D’éirigh polaiteoirí na Breataine ró-shleamhnánach slítheánta agus anois tá an pobal bréan de – tá rud éigin úr uathu.
Tá na sluaite ag freastal ar chruinnithe feachtais Corbyn agus fágann siad na cruinnithe sin tógtha agus spreagtha – tá an méid sin daoine ag clárú leis an pháirtí go bhfuil ‘gortghlanadh’ a chur i bhfeidhm.
I gcodarsnacht, is ócáidí ciúine measartha iad cruinnithe a chéilí comhairc.
Bheadh sé chomh héasca céanna greim a fháil ar eireaball eascaine ná a thuiscint cad atá ina gcroíthe siúd.
Cuireann Corbyn síos air féin mar Shóisialaí Daonlathach ach tá polaitíocht sa Bhreatain tarraingthe ag Thatcher agus Blair chomh fada sin ar dheis ná go bhfuil sé glactha ag na meáin gur idé-eolaíocht den lár é an nua-liobrálachas.
Déantar cur síos air mar ‘left-wing’ sna meáin go rómhinic, ar an BBC san áireamh, ach ní chuirtear ‘right-wing’ ar na hiarrthóirí eile.
Is suimiúil go bhfuil Burnham ar son na hiarnróid a ghlacadh ar ais faoi úinéireacht phoiblí chomh maith áfach ach, ar an drochuair dó, tá na meáin ró-ghnóthach ag ionsaí Corbyn chun mórán airde a thabhairt dó.
Blairite é Burnham.
Dála an scéil, tá Burnham ina Chaitliceach, ní raibh Caitliceach riamh ina Phríomh-aire sa Bhreatain.
Tá “coimitmint” tugtha aige go ndéanfadh sé athbhreithniú ar pholasaí an pháirtí maidir le hiarrthóirí toghcháin i dTuaisceart na hÉireann – déanfaidh sé a chinntiú go mbeidh an páirtí ag éisteacht, a deir sé – mar a luaigh mé, eireaball eascainne.
Ní dóigh liom go dtarlóidh sé sin choíche, cosúil le cás Fhianna Fáil sa Tuaisceart, níl ann ach caint agus an mhéar fhada.
Tá Liz Kendall ina Blarite amach is amach – maítear go measann na Tóraithe gurb í an bhagairt is mó dóibhsean.
Tá Yvette Cooper pósta ar Ed Balls, a chaill a shuíochán Parlaiminte san olltoghchán deiridh, d’ainneoin gur Seansailéir an Státchiste Chúil (an fhreasúra) a bhí ann.
Meastar gur ‘Brownite’ é seachas ‘Blairite’ í Cooper, más fiú an t-idirdhealú sin a dhéanamh.
Cosúil le reifreann ar neamhspleáchas na hAlban, tá an feachtas seo ag léiriú laigí i meáin na Breataine maidir le cothromas agus neamhchlaontacht – tá beagnach gach tráchtaire agus páipéar dubh i gcoinne Corbyn.
Cad é mar is féidir a leithéid i dtír ina bhfuil ‘saormheán’ ann?
Cuireann sé an coincheap ‘comhthoil tairgthe’ nó ‘manufactured consent’ i gcuimhne dom agus, cé gur daonlathas é an Ríocht Aontaithe, is teoranta amach is amach an pholaitíocht atá “inghlactha”.
Táthar ag súil leis an toradh ar 12 Meán Fómhair.
Ar an taobh eile den aigéan, is suimiúil go bhfuil Bernie Sanders chun tosaigh ar Hilary Clinton i gcúpla pobalbhreith chun ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh do thoghchán uachtaránachta SAM a bhuachan, rud nach bhfuil á thuairisciú go forleathan anseo.
Tá cosúlachtaí idir é féin agus Corbyn – tá stíl dhíreach chumarsáide aige, é saor ó chlaonbholscaireacht – agus arís cuireann sé síos air féin mar Shóisialaí Daonlathach.
Cén fáth a bhfuil an focal seo ‘sóisialachas’ ag sleamhnú isteach sa dioscúrsa polaitiúil arís, 25 bliain tar éis gur cuireadh i gcré na cille é?
An é go bhfuil a sáith ag daoine leis an déine seo nár éirigh leis rath a chur ar an gheilleagar nó fiachas ceannasach a ísliú fiú?
An é go bhfuil a sáith ag daoine leis an bhun-mhí-chothromas sa chóras eacnamaíochta mar atá agus go dtuigeann siad nach bhfuil a dhath laissez-faire faoi?
An é go dtuigeann daoine go mbíonn tionchar á imirt ar chúrsaí airgeadais i gcónaí – chun na torthaí cearta a bhaint amach do lucht an rachmais?
An cheist atá agam áfach ná – mura bhfuil seans dá laghad ann gur féidir le Corbyn a bheith ina Phríomh-aire ar an Bhreatain – cén fáth a bhfuil an bhunaíocht chomh buartha sin faoi?
An é go bhfuil imní orthu go bhfuil lear mór daoine ag smaoineamh taobh amuigh de na teorainneacha smaointeoireachta a leagadh amach dóibh?
Muise, a deirim, “má tá dóchas ann, is i measc na prólatáireachta atá sé,” mar a dúirt an fear a dúirt.