Is ráiteas é a chuirfeadh iontas ar thacadóirí sacair sa taobh seo den Eoraip ach tá cáineadh láidir déanta ag club sacair Barcelona ar na gníomhartha is déanaí de chuid rialtas na Spáinne i gcoinne reifreann neamhspleáchais na Catalóine.
Tá an teannas polaitiúil ag ardú sa tír roimh an vóta atá beartaithe do 1 Deireadh Fómhair ach cuireadh an lasair sa bharrach inniu nuair a thug póilíní na Spáinne ruathar ar oifigí de chuid rialtas na Catalóine agus gabh ar a laghad 13 oifigeach sinsearach.
Rinneadh ruathar fosta ar cheannáras an pháirtí chlé atá ar son neamhspleáchais, la CUP, i mBarcelona.
Tháinig na mílte duine amach ar shráideanna na tíre ar maidin chun seasamh in éadan ghníomhartha an Guardia Civil.
Tá oibríocht na bpéas ag leathnú tríd an Chatalóin faoi láthair agus iad ag déanamh iarrachta ábhar clóite breise a bhaineann leis an reifreann – atá á eagrú ag rialtas na Catalóine ach atá ‘mídhleathach’ de réir Mhaidrid – a choigistiú.
Sa ráiteas atá eisithe ag FC Barcelona deir an club go gcáineann sé aon rud a chuireann bac ar shaoirse cainte agus ar léiriú an daonlathais.
I mí Bealtaine shínigh an club sacair, atá ar na foirne is aitheanta ar domhan, conradh ar son an reifrinn, in éineacht leis an iliomad eagras agus institiúidí eile sa Chatalóin.
Níl ach seachtain go leith fágtha anois go dtí an reifreann féin agus go leor éiginnteachta ann faoi cad eile a thriailfidh údaráis na Spáinne chun stop a chur leis an vóta.
— FC Barcelona (@FCBarcelona_cat) 20 Meán Fómhair 2017
Ráiteas Barça:
I bhfianaise na n-eachtraí a tharla le laethanta beaga anuas, agus go háirithe inniu, maidir le cúrsaí polaitiúla sa Chatalóin, déanann FC Barcelona – atá dílis dá thiomantas stairiúil do chosaint na tíre, an daonlathais, saoirse cainte agus cead féinchinntiúcháin – cáineadh ar aon ghníomh a chuirfeadh bac ar na cearta seo.
Sa dóigh seo fógraíonn FC Barcelona go poiblí a thacaíocht do gach duine, eagras agus institiúid a oibríonn chun na cearta seo a chinntiú.
Leanfaidh FC Barcelona, le meas iomlán ar iolarthacht a bhallraíochta, ag tabhairt tacaíochta do thoil thromlach phobal na Catalóine, ar bhealach sibhialta, síochánta agus dea-shamplach i gcónaí.