Chuaigh Tomás Ó Loingsigh ar an ordóg chun na Gréige an mhí seo le tuairisciú ar staid na tíre i gcomhthéacs na géarchéime polaitíochta agus eacnamaíochta. Seo a léamh ar a bhfuil tar éis tarlú…
Blianta fada amach anseo beidh línte borba an chirt agus an éigirt soiléir le feiscint.
Admhófar an droch-imirt, i bhfad i ndiaidh dheireadh an chluiche, i bhfad tar éis chomhaireamh na dtorthaí.
Foilseofar leabhair amach anseo agus craolfar cláracha faisnéise a thabharfaidh léargas dúinn ar an méid atá ag tarlú sa Ghréig le tamall anuas.
Rachaidh fir agus mná léinn i mbun díospóireachta ar an gceist – ní bheidh na frontaí faoi cheilt mar atá siad anois – ach ní bheidh ann ach stair faoin dtráth sin.
Cúis aiféala eile, deis eile imithe ar strae.
Agus sin atá uathu is dócha.
Faoin am sin beidh an chéad éagóir eile faoi lán seoil agus an ceart agus an t-éigeart curtha as riocht arís eile.
Is cinnte, sna blianta amach romhainn, go ndíreoidh na saineolaithe a n-aird ar chaimiléireacht na maorlathaithe neamhthofa ón Aontas Eorpach, agus ar an iarracht radacach a rinne Syriza chun an Eoraip a athghabháil ar mhaithe leis an daonlathas agus an cur le céile.
Feicfear dúinn nár ghealtacht é an t-éileamh a rinneadh ar son faoiseamh fiachais don Ghréig, ach éileamh ceart agus cóir.
Go raibh tábhacht ag baint le bráithreachas Eorpach tráth ach go ndearnadh dearmad air.
Gur chuid eile den tsean-idé-eolaíocht chéanna í an déine, idé-eolaíocht an phríobháidithe agus an nua-liobrálachais atá feicthe againn go minic sa Tríú Domhan ach nár shíleamar riamh a fheiscint chomh cóngarach don mbaile.
Macallaí na staire
In 1990 thit stocmhargadh na hAfraice Theas as a chéile ar an lá a shiúil Nelson Mandela amach ón bpríosún.
Gach uair a ndearna an ANC iarracht an rud ceart a dhéanamh – an sean-chóras eacnamaíoch agus cumhacht dhiabhlaí bhán na cinedheighilte a bhriseadh – thit luach rand na Afraice Theas.
Nuair a labhair urlabhraithe an ANC amach maidir le ceart eacnamaíoch, thit luach an rand.
Nuair a labhair Mandela faoi náisiúnú, thit an rand.
Fiú amháin nuair a luaigh ceannaire an pháirtí a mheon gur spórt bán a bhí sa rugbaí, thit luach an rand.
Léirigh na nuachtáin na sean-réabhlóidithe seo mar bhagairt do gheilleagar, d’fás agus d’infheistíocht na tíre.
Agus seans gurbh í sin an fhírinne: d’éiligh an Freedom Charter, forógra bunaidh an ANC, fíor-‘Rainbow Nation’ a bhí bunaithe ar athdháileadh eacnamaíoch, náisiúnú, athriar talún agus cearta oibre.
Is é sin le rá, d’éiligh siad an rud cóir tar éis na mblianta den éagóir – ní cearta éadoimhne daonlathacha amháin ach athrú iomlán sóisialta sa tír.
Ach cibé uair ar thug an ANC aghaidh ar na gealltanais sin, thit luach an rand.
Go dtí gur sheasadar siar.
Ní thugann an saormhargadh deis don rud cóir teacht chun cinn.
In 1984 maraíodh breis agus 16,000 duine nuair a tharla sceitheadh gáis i monarcha ceimicí i Bhopal na hIndia.
In 2004, ar chomóradh 20 bliain na tragóide, shiúil beirt fhear isteach i stiúideo an BBC agus lig siad orthu gur ionadaithe de chuid DOW Chemicals iad agus gur ghlacadar le freagracht DOW do na híospartaigh.
Agus tharla an rud céanna.
Nuair a bhí an chuma ar an scéal, ar feadh tamaillín beag gairid, go raibh sé ar intinn acu an rud ceart a dhéanamh, thit luach margaidh scaireanna DOW go tobann i gcúpla uair an chloig de thrádáil sular dhiúltaigh DOW Chemicals an fhreagracht sin.
Ní féidir leis an saormhargadh deis a thabhairt don rud cóir teacht chun cinn.
An chóir faoi chois
Agus arís inniu, agus na nuachtáin liobrálacha fós ag gáire faoi Tsipras maidir lena thaidhleoireacht “anordúil”, agus ag insint dúinn faoin gcaoi a bhfuil sé tar éis spealadh eacnamaíochta na Gréige a chur in olcas le 3% – cibé rud gur brí leis sin – is é an scéal céanna atá le feiscint.
Ach ní ar ‘pholaitíocht radacach’, ná ar ‘taidhleoireacht dhainséarach’ ar cheart an milleán a leagadh maidir le hateip gheilleagar na Gréige.
Tá an locht sin ar uamhan an mhargaidh roimh an deis go mbeadh bua ag an daonlathas.
Bhí uafás ar an gcóras go gcuirfí an rud cóir i bhfeidhm.
Cinnte gur tharla coup sa Ghréig an mhí seo.
Ach ní coup é a cuireadh i bhfeidhm le tancanna ar na sráideanna, nó fiú i gcruinniú idir oifigigh an Aontais Eorpaigh.
Is coup é seo a tharlaíonn lá i ndiaidh lae.
Is é coup síoraí an tsaormhargaidh é, coup a iompaíonn ár gceannairí i saineolaithe eacnamaíocha.
Coup laethúil a iompaíonn ár ndaonlathas ina chleas páistiúil agus ina chomhartha folamh.
Is féidir Tomás a leanúint ar Twitter anseo.