Níor chuir an bháisteach isteach ar na céadta duine a bhailigh le chéile i gCearnóg Mhargadh na Feirme, BÁC, inniu lena dtacaíocht a léiriú don phósadh comhghnéis.
Ba é Aontas na Mac Léinn in Éirinn a d’eagraigh an ócáid sa phríomhchathair ag ar labhair ionadaithe éagsúla faoin reifreann agus inar chruinnigh slua mór dearg le chéile i gcruth croí.
Cé nár baineadh aon churiarracht dhomhanda amach don chroí is mó riamh – is ag muintir Mheicsiceo atá an gradam sin tar éis gur bhailigh 11,116 le chéile i Monterrey i bhFeabhra 2010 – bhí ardmheanma i measc na rannpháirtithe agus teachtaireacht shoiléir á tabhairt acu faoi chomhionannas pósta in Éirinn.
Tá dlús á chur leis an fheachtas ar son an phósta chomhghnéis roimh an reifreann ar 22 Bealtaine agus tá imeachtaí samhlaíocha eile beartaithe idir seo agus an lá vótála.
Is é #MakeGráTheLaw an haischlib is coitianta i measc mhuintir an chroí mhóir inniu agus i measc vótóirí Tá ar líne.
Seo thíos grianghraf den chroí mór:
Look how big our heart is! #MakeGráTheLaw #MarRef #YesEquality pic.twitter.com/bz2n9WJfTl
— MakeGráTheLaw (@MakeGraTheLaw) April 25, 2015