“Cuirfear an ruaig ar éigneoirí gallda” — Daonlathaithe na Sualainne, feachtas toghchánaíochta Lúnasa 2018.
Nach deas mar a cuireadh fáilte romham agus an tSualainn á sroistint agam níos luaithe sa mhí?
Táim ag tagairt, dar ndóigh, don scéala a tháinig chun solais go gairid tar éis dom táille €126 a dhíol de bharr leas a bhaint as Oresund – droichead tráchta a cheanglaíonn Cóbanhávan na Danmhairge go daor feanntach le Malmö na Sualainne.
Tá aga fachta ó shin agam ar chuntas éigin ar an nuacht shuaite a thabhairt. Is ea, is amhlaidh a cuireadh tine le nach mór 80 gluaisteán le dubh marbh na hoíche Dé Luan an 13 Lúnasa. Ní ar aon láthair a amháin a dódh na feithiclí ar fad, a dheimhnigh na póilíní, ach thar líonra loitiméireachta a chuimsigh fiche áit ar fad, cuid díobh in Gothenburg in Iarthar na Sualainne, agus cuid eile in ardchathair Stockholm.
Níor gortaíodh duine ná daon, ach gabhadh beirt de dhéantóirí na coire an mhaidean dar gcionn, agus iad in aois na ndéag déanach. Baineadh úsáid as na meáin shóisialta, a deirtear linn, d’fhonn an drochghníomh a sheiftiú.
Níor chuir polaiteoirí na Sualainne fiacail ann agus iad ag dul i ngleic lena raibh tarlaithe sa darna cathair is mó sa tír. Bhí eascainí éagsúla Sualannacha ina ndlúthchoda den ráiteas a d’eisigh an Príomh-Aire Stefan Löfven i dtaobh na heachtra. Dúirt sé gur theastaigh uaidh féin “agallamh” a chur ar na drochbhuachaillí ina mbeadh “cad sa diabhal atá ar siúl agaibh?” mar cheist aige orthu.
“Beidh sochaí na Sualainne anuas go trom ar a leithéid de ghníomh,” arsa ceannaire na nDaonlathaithe Sóisialta a chuir iontas ar leith in uainíocht agus i leithead na n-ionsaithe. An raibh aon tábhacht, cuirim i gcás, leis an eachtra seo a tharlú le linn Lá Fhéile Muire san Fhómhar a bheith á cheiliúradh ag an bpobal Críostaí?
“Tá cuma an-eagraithe ar na hionsaithe seo, ní mór ná go ndéarfá gur oibríocht mhíleata a bhí ann” a dúirt Löfven agus na móidí á dtabhairt amach aige go bhfaighfí amach cad ba chúis leis an ionsaí.
“Ionsaithe déistineacha” a bhí mar a phort ag Aire an Cheartais agus nGnóthaí Baile, Morgan Johansson agus é i mbun tvuíteála. Mhínigh sé sin go bhfuil dlíthe níos déine curtha i bhfeidhm le bliain anuas sa tslí is gur féidir príosúnacht sé bliana a chur anois ar éinne a fhaightear ciontach as tromloitiméireacht den chineál seo. Bíodh súil againn anois, arsa é sin, go mbéarfar orthu seo agus go ngearrfar orthu an pionós atá ag dul dóibh.
Tá daoine áirithe tar éis suntas a thabhairt do shuíomh na n-ionsaithe – dealraíonn sé gur tharla cuid mhaith díobh in Frölunda, bruachbhaile de chuid chathair Gothenburg ina maireann céatadán ard daoine óga gan fostaíocht gan dóchas.
Thabharfadh lucht an dearcaidh leithscéalaigh seo le tuiscint go mb’fhéidir gur aicme éigin agóidíochta a bhí i gceist leis an ngníomh seo. Níl a leithéid d’fhoighne ag ceannaire na Lárnach Deasach, Ulf Kristersson, a dúirt gurb olc an ghaoth atá anois ar séideadh sa tSualainn, agus nach aon ‘léirsithe’ atá ina leithéid ach sabaitéireacht a bhfuiltear ag cur suas le rófhada léi sa tSualainn — agus ar gá stop a chur go pras anois léi.
“Ní mór na tuismitheoirí a tharraingt isteach sa scéal,” arsa Roger Haddad, urlabhraí ceartais thar cheann na Liobrálach, “ní mór a chur ar a súile cén drochghnó ina mbíonn gclann mhic sáite go déanach san oíche”.
Dar ndóigh, is minic reitric toghchánaíochta ina hábhar iontach ó thaobh na foghlamtha teangan de, ach nuair a taibhríodh ar dtúis domsa an tSualainnis a fhoghlaim, níor shamhlaíos riamh go mbeadh orm dul i ngleic chomh luath sin sa phróiseas lena leithéid de chainteanna agus “utländska våldtäktsman ska utvisas”. Is é atá a fhógairt ag na Daonlathaithe Sualannacha i rith an fheachtais reatha: “cuirfear an ruaig ar éigneoirí gallda” a chiallaíonn sé mar abairt inar léir imeartas focal a bheith ar siúl idir ‘val’ a chiallaíonn ‘toghchán’ agus ‘våldtäktsman’ a chiallaíonn ‘éigneoir’. Is ea, dioscúrsa antoisceach go maith, ach creid é nó ná creid, ba é an fógra seo thíos a sheas sa tslí orm agus mé ar rothaíocht abhaile tráthnóna aréir: