Cumhacht na gCos

Bliain chorraithe a bhí in 2014 ar go leor bealaí. Amharcann Rónán Mac Aodha Bhuí siar ar thrí eachtra nó grúpa a thug misneach dó…


Muintir na hÉireann

Sa deireadh thiar thall d’éirigh muid amach agus chuir muid ár míshástacht in iúl don rialtas reatha. Bhí muid ag amharc le fada ar thíortha ar nós na Gréige agus na Spáinne a raibh sé de chrógacht acu dul chun na sráideanna agus brú fiánta a chur ar a rialtais féin.

Bhí cuid againn ag smaoineamh go raibh a croí caillte ag tír seo na réabhlóide, tír a throid in éadan na himpireachta is mó ar domhan, ach is léir go bhfuil an troid ionann ar fad.

Tá muid ag súil lena tuilleadh gníomhaíochais in 2015.


dearg-le-fearg

Dearg le Fearg

Má d’éirigh pobal na hÉireann amach i gcoinne táillí uisce agus ar son sochaí níos cothroime, léirigh na Gaeil an bealach ag tús na bliana.

Thug na mórshiúlta i mBaile Átha Cliath, Béal Feirste, Conamara agus Gaoth Dobhair misneach dúinn arís agus bhí spiorad pobail ann nach raibh le mothú le blianta.

Ní mór dúinn an dlús a choinneáil leis an fheachtas Dearg a chairde agus níos mó céimeanna chun tosaigh a ghlacadh sa bhliain úr amach romhainn.


APTOPIX CUBA MAY DAY

Fidel Castro

Rinne Rialtas na Stát Aontaithe iarracht Cúba a scrios agus Castro a mharú le blianta fada.

Ach níor ghéill sé agus níor buaileadh é riamh.

Déantar tuairisciú claonta i gcoinne Chúba sna meáin mhóra ach tá réabhlóid shóisialta fhorásach ar siúl acu le 50 bliain anuas agus saol na ndaoine feabhsaithe go mór, in ainneoin na smachtbhanna.

Tá soiscéal Chastro go fóill á scaipeadh ag muintir Chúba gur féidir saol níos fearr bheith ag cách.

Viva Cuba. Viva Che. Viva Fidel.


Grianghraf le Dara Robinson, Flickr.

SCÉALTA EILE