Tá dhá cheist le cur ar mhuintir na tíre ar 22 Bealtaine; ceist amháin a bhfuil an-chuid plé á dhéanamh uirthi, ach ceist eile atá á fágáil i leataobh.
Is cosúil go bhfuil dearmad déanta uirthi i measc mhuintir agus mheáin na tíre – sin an cheist maidir le haois iarrthóirí uachtaránachta.
D’fhéadfaí a rá nach ceist thráthúil í seo i gcomparáid leis an Reifreann ar an gComhionannas Pósta, ach in aon bhliain eile bheadh cur agus cúiteamh suimiúil ann ina leith.
Is ceisteanna comhionannais iad an dá cheist atá le cur os ár gcomhair i gceann trí seachtaine ach cé go bhfuil 78% de dhaonra Phoblacht na hÉireann ar son an Chomhionannais Phósta (Pobalbhreith RedC), níl ach thart ar 33-45% (Pobalbhreith The Irish Times) ar son an aois d’iarrthóirí uachtaránachta a laghdú ó 35 go 21.
Le seasamh don Uachtaránacht, ní mór do dhuine scór ball de Thithe an Oireachtais nó ceithre Chomhairle Contae a fháil le tacú leis/léi.
Is beag seans go gcaithfinn vóta ar son aon iarrthóra atá faoi 35 bliain d’aois, ach dá n-éireodh leis/léi tacaíocht a fháil ó scór Teachta Dála nó ó cheithre Chomhairle Contae, bheadh seans ann go n-athróinn m’intinn.
Lena rá go simplí, nár chóir dúinn an ceart a thabhairt do chách agus ligean don chóras daonlathach atá i bhfeidhm sa tír an rogha a dhéanamh?
Agus an cheist seo faoi chaibidil againn, ámh, caithfear Rialtas na hÉireann a cháineadh.
Mhol an Coimisiún Bunreachtúil roinnt blianta ó shin togra a chur faoi bhreith an phobail le reifreann maidir leis an aois íosta vótála a laghdú ó 18 mbliana d’aois go 16 bliana d’aois.
Bheadh toradh an reifrinn sin i bhfad ní ba shuntasaí ná an cheist atá idir lámha againn anois.
Trí na tograí seo a chur faoi bhreith an phobail, tá an Rialtas sa tóir ar vótaí dhream óg na tíre.
Is léir gur cleas polaitiúil é le vótaí a bhailiú roimh an Toghchán ar an mbliain seo chugainn.
Dá mbeadh an Rialtas dáiríre faoi thabhairt ar an aos óg bheith gníomhach sa chóras polaitíochta, is í an cheist eile a bheadh á cur ar an bpobal.
Is maith is eol dóibh go mbaileoidh na páirtithe eile, Sinn Féin agus páirtithe eile ar an eite chlé go háirithe, vótaí na n-óg.
Tá 25,000 mac léinn cláraithe ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn ó thús na bliana agus tá siad ar fad chun vótáil ar 22 Bealtaine.
Is é seo atá ag cur faitíos an domhain ar an Rialtas.
Is Leasuachtarán don Ghaeilge de chuid Aontas na Mac Léinn in Éirinn é Feidhlim Seoighe. Is féidir a chuid oibre a leanúint anseo.