Éire nua aontaithe: seo an t-am


An lá inné d’fhoilsigh Sinn Féin cáipéis dhátheangach 60 leathanach faoi thodhchaí na tíre darb ainm ‘I dTreo Éire Aontaithe’. Anseo déanann Uachtarán an pháirtí, Gerry Adams, cur síos ar an deis ar leith a cheapann sé anois bheith ag muintir na hÉireann tír nua aontaithe a thógáil.


Ar bhreathnú siar dúinn anois, an molfadh aon duine críochdheighilt na hÉireann chun coimhlint a réiteach, chun sochaí chothrom rathúil a thógáil nó chun athmhuintearas a spreagadh?

Ní dóigh liom é.

Is teip iomlán í an chríochdheighilt.

Chruthaigh sé na blianta fada de mheath eacnamúil sa tuaisceart agus sa deisceart, agus ní raibh de rogha ag daoine ach dul ar imirce.

Bhris an chríochdheighilt ceangail thábhachtachta trádála trasna an oileáin, chothaigh sé blianta de choimhlint agus éagóir, agus bhunaigh sé dhá scothaicme choimeádacha thuaidh agus theas.

Ba é leithcheal agus rialachas éagórach an toradh ar an easpa cothromais agus ar an ghanntanas éagsúlachta a bhí ann sa chóras polaitíochta.

Ghlac frith-réabhlóid choimeádach áit na luachanna réabhlóideacha sóisialta, eacnamúla agus cultúrtha a gealladh dúinn in 1916.

Le linn bhlianta na coimhlinte rinneadh a bheag de cheist aontú na hÉireann – dúradh gurbh ionann é agus tacú leis an streachailt armtha.

Ach tá an choimhlint thart.

Nuair a ardaítear ceist an athaontaithe sa Dáil, mar a dhéanann Sinn Féin go minic, is é an freagra a fhaightear ná nach é seo an t-am cuí chun labhairt faoi.

Is ionann an cosc seo ar an díospóireacht faoin aontú is a rá go bhfuil cosc ar labhairt faoinár dtodhchaí.

Is léiriú soiléir é Brexit – ar vótáil tromlach an tuaiscirt ina n-éadan – ar nádúr neamhdhaonlathach na críochdheighilte agus ar an chaidreamh mhíchothrom idir Londain agus Béal Feirste.

Baineann todhchaí bhunreachtúil an tuaiscirt le muintir an tuaiscirt agus le muintir an deiscirt.

Tá dualgas ar rialtais na hÉireann agus na Breataine, de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, reachtú le haghaidh athaontaithe más é sin a roghnaíonn pobal na hÉireann.

eire-nua

Mar sin is í anois an uair le breathnú chun tosaigh.

Is féidir linn athmhúnlú a dhéanamh ar chaidrimh ar fud an oileáin agus idir Éire is an Bhreatain.

Is am iontach é seo inar féidir linn Éire úrnua a chruthú.

Tá i bhfad níos mó i gceist le hathaontú na hÉireann ná díreach an tuaisceart a nascadh leis an deisceart.

Baineann sé lena bheith ag tógáil ar an chuid is fearr atá ag an dá dhlínse.

Is ionann Éire Aontaithe agus Éire nua.

I Meán Fómhair luaigh an Taoiseach an fhéidearthacht go mbeadh reifreann ar aontú na hÉireann ann, agus tuairiscítear gur ardaigh sé an cheist arís an tseachtain seo caite.

D’aithin ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin chomh maith, agus é i mBéal Feirste ar na mallaibh, gur chóir go mbeadh stádas speisialta taobh istigh den AE ag an tuaisceart, mar gheall ar impleachtaí Brexit.

Ní mór don bheirt cheannaire seo beart a dhéanamh de réir a mbriathair anois agus straitéis ar son athaontú na hÉireann a chur le chéile.

Tá cóip den phlécháipéis a d’fhoilsigh Sinn Féin inné, ‘I dTreo Éire Aontaithe’, seolta agam chuig an bheirt acu.

Tá freagracht ar gach duine ar mhian leo athaontú na hÉireann a bhaint amach bheith ag comhoibriú ar an cheist.

Míníonn an cháipéis an réasúnaíocht taobh thiar den athaontú ó thaobh an gheilleagair, seirbhísí poiblí agus an athmhuintearais de.

Ach tugann an cháipéis léargas ar nithe eile seachas ar bhuntáistí an athaontaithe amháin – leagann sé amach an saghas tíre, Éire nua agus aontaithe, a chreideann muid gur féidir a chruthú.

Tá fís Shinn Féin maidir le hÉirinn nua bunaithe ar phrionsabail an chomhionannais agus na cuimsitheachta.

Dar linn go mbeadh gá le bunreacht nua agus le Bille na gCeart, mar aon le díospóireacht ar na siombailí agus na suaitheantais a léireoidh Éire chuimsitheach agus a thabharfaidh aitheantas don tsaoránacht Bhriotanach agus don fhéiniúlacht aontachtach.

Tuigeann Sinn Féin go bhfuil aontachtaithe i gcoinne athaontú na hÉireann.

Ach tá tromlach mór na n-aontachtaithe sásta le Comhaontú Aoine an Chéasta, a bhfuil reifreann ar aontú na hÉireann mar chuid de.

Tá dualgas orainne atá ag iarraidh an tír a aontú buntáistí agus éifeachtúlacht an athaontaithe a chur ina luí ar dhaoine eile.

Tá Sinn Féin in ann ag an dúshlán seo.

gerry-adams

Is féidir chomh maith go mbeidh modhanna eile bunreachtúla, seachas stát aonadach amháin, ag teastáil in Éirinn aontaithe nua chun na caighdeáin dhaonlathacha is airde a chinntiú.

Athróidh breis iolrachta agus cuimsitheachta an status quo polaitiúil ó bhonn agus tabharfaidh sé dúshlán gach páirtí polaitiúil.

Tá dualgas mar sin ar rialtas na hÉireann tús a chur le plean le haghaidh aontaithe agus páipéar glas a dhréachtú.

Tá dualgas orthu bheith ag áitiú ar son aontaithe, bheith ag tiomáint an phróisis agus bheith ag tógáil comhaontú leathan ionas go mbainfear an phobalbhreith ar cheist na teorann.

Taispeánann Brexit arís teip na críochdheighilte.

Seo an t-am le breathnú i dtreo na todhchaí agus Éire nua agus aontaithe a phlé, a phleanáil agus a bhaint amach.

Beidh Sinn Féin solúbtha ar chomhdhéanamh na hÉireann aontaithe.

Tá deis ag muintir an oileáin seo, deis nach raibh ann leis na glúnta, Éire nua a thógáil.

SCÉALTA EILE