In 2014 sheol an t-aisteoir Emma Watson feachtas nua de chuid na Náisiún Aontaithe darb ainm #HeforShe.
Thug sí óráid inspioráideach ag an ócáid sin a spreag comhrá agus díospóireacht faoi ról na bhfear i ngluaiseacht na mban.
Tá an feachtas bunaithe ar an choincheap simplí gur daoine muid uilig ar dtús agus go dtagann inscne isteach sa scéal ina dhiaidh sin.
Is é an bunsmaoineamh ná go mbíonn gach duine sa tsochaí thíos leis muna mbíonn cothromas ag mná, agus go bhfuil sé de dhualgas ar gach duine ar domhan é seo a athrú.
Díríonn an feachtas ar 6 ghné éagsúla: oideachas, sláinte, saol oibre, féiniúlacht, foiréigean agus polaitíocht.
Leis an fheachtas a cheiliúradh i mbliana, thug Emma Watson óráid eile ar an obair a rinneadh le dhá bhliain anuas.
Labhair sí faoin tionchar a imríonn eiseamláirí ar dhaoine óga, idir chailíní agus bhuachaillí.
“Cé gur céatadán beag de cheannairí polaitiúla an domhain iad mná, deir Michelle Obama gur “mar gheall ar na mná seo, beidh fíor-eiseamláirí ag cailíní agus ag buachaillí ar fud na cruinne a chuirfidh in iúl dóibh gur ceannairí iad mná”. Sa dá bhliain seo atá imithe tá mé i ndiaidh a thuiscint nach bhfuil aon rud – aon rud – dodhéanta.”
Go dtí seo, shínigh níos mó ná milliún duine lena dtacaíocht a thabhairt don ghluaiseacht seo a aithníonn go bhfuil ról le himirt ag fir i gcomhionannas inscne na mban.
Dá mbeifeá ag smaoineamh faoi thacú leis an fheachtas, bheifeá i gcomhluadar maith.
I measc na n-ainmneacha móra eile a thug gealltanas go n-oibreodh siad i dtreo domhain níos cothroime, tá Uasain Bolt, Tom Hanks agus Príomh-aire Cheanada Justin Trudeau.
Mar gheall ar HeforShe, níl aon amhras ach go bhfuil athrú á dhéanamh ar an díospóireacht maidir le comhionannas na mban agus an tábhacht a bhaineann leis do gach duine againn.
Cé go bhfuil fócas an fheachtais dírithe go príomha ar ról na bhfear, caitear spotsolas fosta ar na dúshláin atá go fóill roimh ghnáthshaol na mban fud fad an domhain.
Déantar seo trí shuile éagsúla agus leathnaítear amach an dioscúrsa maidir le réiteach na bhfadhbanna níos leithne seo.
Agus aithníonn Emma Watson go bhfuil bóthar fada le dul ag mná go fóill sula mbeidh comhionannas bainte amach againn, ach go bhfuil muid in áit níos fearr anois ná mar a bhí roimhe.
Is céim sa treo cheart é seo, céim ar ar féidir tógáil amach anseo, go háirithe má dhéanann tuilleadh daoine, fir agus mná, iarracht athruithe bunúsacha a dhéanamh leis an chothromas a thabhairt isteach inár saol féin.
“Mothaím go fírinneach go bhfuil muid níos giorra do dhomhan a bhfuil comhionannas inscne ann,” arsa Watson.
“Is cinnte go bhfuil muid níos giorra dó anois ná dhá bhliain ó shin agus tá a fhios agam go bhfuil ról imeartha ag gach ‘eisean ar son ise’ sa dul chun cinn sin.”
Ní neart go cur le chéile!
Tá breis eolais faoin fheachtas le fáil ar heforshe.org