Faillí á déanamh ar fhorbairt ár dtionscal dúchais féin

Sna toghcháin Eorpacha atá díreach imithe tharainn, mhaígh na páirtithe polaitiúla ar fad, nach mór, go gcloífidís leis an ráta íseal cánach corparáide atá againn in Éirinn agus go gcosnóidís é sa Bhruiséil dá dtoghfaí iad. Meallann an ráta íseal seo comhlachtaí ilnáisiúnta agus is foinse luachmhar fostaíochta iad na comhlachtaí céanna do na céadta míle oibrí in Éirinn. Ach an chun leas fadtéarmach na tíre é go bhfuilimid chomh spleách sin orthu? 

Baineann 85% de GNP na hÉireann leis an infheistíocht dhíreach ón iasacht i gcomparáid le 35% sa Spáinn, 20% san Iodáil agus meán de 25% sa chuid eile den Eoraip. Daoine óga uirbeacha a bhfuil oideachas tríú leibhéal orthu is mó a bhaineann tairbhe as polasaí seo an rialtais sodar i ndiaidh na gcomhlachtaí ilnáisiúnta trí ráta íseal corparáide a chur ar fáil dóibh.

Ar ndóigh, is maith an rud é go bhfuil poist mhaithe ann do chéimithe — sa teicneolaíocht fhaisnéiseach agus i dtionscal na cógaisíochta, cuir i gcás. Ach ag an am céanna, is cosúil go mbíonn an t-aos polaitiúil chomh dírithe sin ar na comhlachtaí ilnáisiúnta a mhealladh agus a shásamh go bhfuil faillí á déanamh acu i bhforbairt ár dtionscal dúchais féin.

Go deimhin, de réir mar atá borradh tagtha ar thionscail na gcomhlachtaí ilnáisiúnta, tá oifigí poist agus seirbhísí eile i gceantair iargúlta tar éis dúnadh agus leanann bánú agus meath an phobail tuaithe ar aghaidh.

Má scrúdaítear an cheist go mion, is léir go bhfuil dhá gheilleagar éagsúla sa tír — an geilleagar dúchasach nach bhfuil fás ná forbairt i ndán dó, agus an geilleagar atá bunaithe ar infheistíocht dhíreach na gcomhlachtaí eachtracha. 

Agus an féidir brath ar an infheistíocht dhíreach go deo chun rachmas a ghiniúint? Ní mór cuimhneamh gur cleas é an ráta íseal cánach a tugadh isteach sna 1980idí mar réiteach gearrthéarmach ar lagtrá eacnamaíochta. Ní raibh sé riamh i gceist go mbeifí ag brath chomh mór sin air is atáthar inniu. Is mór an náire é go bhfuil teipthe ar lucht polaitíochta bonn a chur faoi gheilleagar dúchais na tíre ó shin i leith agus go bhfuil easpa smaointe agus samhlaíochta acu i dtaobh conas é sin a chur ina cheart.

Seachas dua a chaitheamh le comhlachtaí Éireannacha a spreagadh, táthar tar éis dia beag a dhéanamh den infheistíocht dhíreach ón iasacht, beag beann ar impleachtaí fad-téarmacha an pholasaí seo. Ar bhealach, is saibhreas bréagach atá á ghiniúint ag na comhlachtaí eachtracha — cuirtear cuid mhaith dá mbrabús ar ais chuig a dtíortha dúchais, cé go n-áirítear an brabús sin mar chuid de GNP na hÉireann. 

Dá dtarraingeodh na comhlachtaí iasachta siar as an tír ar chúis ar bith, dá gcuirfeadh an t-Aontas Eorpach iachall orainn an ráta corparáide cánach a ardú nó dá n-ísleodh tíortha eile a rátaí féin chun na comhlachtaí ilnáisiúnta a mhealladh uainn, is dóichí ná a mhalairt go dtitfeadh an tóin as geilleagar na hÉireann. 

Ná déanaimis dearmad gur beag dílseacht atá ag na comhlachtaí seo dúinn. Imeoidh siad leo a luaithe agus is féidir leo brabús níos mó a dhéanamh áit éigin eile — go deimhin, tá cuid acu imithe chuig áiteanna ar nós Oirthear na hEorpa le déanaí toisc costais agus pá na n-oibrithe a bheith níos ísle ann agus córais oideachais na dtíortha sin a bheith ag feabhsú.

An róspleáchas seo ar chomhlachtaí eachtracha, is léiriú é ar easpa ceannaireachta níos forleithne, mar sin. Seachas tarraingt ar thobar dúchasach ár dtíre féin, idir acmhainní daonna agus nádúrtha, bíonn súil in airde ag ár n-aos polaitiúil ar chomhlachtaí eachtracha chun beart a dhéanamh ar a son agus bearna fostaíochta na tíre a líonadh. Mar chuid den mheon sclábhánta seo, tugtar cead a gcinn do chomhlachtaí agus do thíortha eile teacht i dtír ar ár n-acmhainní dúchasacha ar nós ola agus stoic éisc de cheal ceannairí a thógfadh orthu féin seilbh a ghlacadh ar na hacmhainní sin agus leas na tíre a dhéanamh leo.

Samhail amháin chun meon ár gceannairí a léiriú ná siopa a bheith fágtha in oidhreacht ag tuismitheoirí dá gclann: seachas iarracht a dhéanamh rud éigin fiúntach a dhéanamh leis an siopa agus tairbhe a bhaint as ar mhaithe leo féin, is é an rud a dhéanann an chlann ná é ligean amach ar cíos a fhad is a théann siadsan chun cónaithe sa seomra os a chionn.

Is fóirsteanach an tsamhail í — nach bhfuil an tír seo faighte le hoidhreacht againn agus é mar dhualgas orainn dá réir sin í a chaomhnú agus a fheabhsú don chéad ghlúin eile? Is cosúil nach é sin an tuiscint atá ag polaiteoirí ár linne, áfach, mar nach mbíonn ar intinn acu ach an chéad chleas eile chun airgead éasca a shaothrú in áit leas fad-téarmach na tíre a dhéanamh.

SCÉALTA EILE