Fáinne Fí Fuilteach

Agus na Francaigh i mbun cogaidh le ISIS, bí cinnte gur mhaith leo an chuid eile den Eoraip a tharraingt isteach ann chomh maith, a scríobhann Seanán Mac Aoidh. Pléann sé cuid de na himpleachtaí a bhaineann le heachtraí an deireadh seachtaine seo caite dár dtír féin agus fáinne fí an chogaidh is déanaí seo.


Níl aon dabht faoi, ba mhillteanach agus ba bhrúidiúil na hionsaithe a rinneadh ar mhuintir Pháras agus Bhéiriút seachtain ó shin.

Mar is dual do chogadh ar bith, is iad na gnáthdhaoine, lucht na cosmhuintire, a bhíonn thíos leis.

Ar fud na cruinne tá grúpaí armtha – atá faoi choimirce ag ollchumhachtaí ag fáil airgid, arm, agus in amanna treoir uathu – ag déanamh ionsaithe ar ghnáthdhaoine.

An é seo leagan amach úr na cogaíochta sa 21ú aois?

Is cosúil gurb é.

Is minic a chluineann muid an focal ‘sceimhle’ nó ‘terror’, nó ‘An Cogadh in éadan an Sceimhle’, ‘Sceimhlitheoirí’.

Tá an focail agus frásaí sin i ngach áit.

Sílim go bhfuil sé iontach tábhachtach seasamh siar ón fhadhb seo más féidir linn agus dearcadh go grinn ar an rud atá ag tarlú.

Cad is ‘Sceimhlitheoir’ ann go díreach?

Ionsaí a dhéanamh ar an ghnáthphobal, ab ea?

Más ea, tá a fhios againn go maith gurbh fhéidir an lipéad ‘Sceimhlitheoir’ a chur ar stáit agus ar rialtais ach oiread le grúpaí beaga armtha i measc an phobail Mhoslamaigh san Eoraip agus sa Mheánoirthear.

Chruthaigh na Meiriceánaigh ISIS nuair a bhí siad ag féacháil le rialtas Gaddafi a threascairt sa Libia agus le linn a gcuid iarrachtaí an ceann is fearr a fháil ar rialtas Assad sa tSiria.

Tá NATO ag ionsaí na Siria le ceithre bliana anois agus iad ag iarraidh rialtas Assad a chloí ann.

Dhoirt fórsaí NATO, ach go háirithe Stáit Aontaithe Mheiriceá, an t-uafás airgid isteach i ngrúpaí armtha a rachadh in éadan rialtas éagsúil a bhí agus atá ina mbac roimh chumhacht SAM sa Mheánoirthear.

D’éirigh leis na Meiriceánaigh le traidhfil blianta anois fáil réitithe de bhunús na rialtas sa Mheánoirthear a bhí ina n-éadan.

Tá Gaddafi i Libia, cuid mhaith den Taliban san Afganastáin, Saddam Hussein san Iaráic agus eile anois ar shlí na fírinne.

Tá an Araib Shádach agus Iosrael ar ndóigh ina ndlúthchairde ag SAM.

Níl fágtha anois le glanadh ar shiúl acu ach lucht rialaithe na Siria agus na hIaráine.

Is ansin a bheas cead a gcinn agus ‘saormhargadh’ ag na Meireacánaigh sa Mheánoirthear, dar leo féin.

Tá na Rúisigh ag tacú go tréan le rialtas Assad agus ag ruaigeadh amach a bhfuil fágtha de lucht ISIS sa tSiria.

Ba mhaith leis na Francaigh a sciar féin den phióg a fháil agus tá siad ag déanamh ionsaithe ar an tSiria fosta.

Tar éis imeachtaí brúidiúlachta an deireadh seachtaine seo caite, tá Hollande agus lucht rialaithe na Fraince ag baint leasa as an sceimhle atá ar an mhórphobal le tuilleadh ionsaithe a dhéanamh agus le fáinne fí an fhoréigin a choinneáil ag gabháil.

Bí cinnte de go mbeidh siad ag iarraidh tacaíocht na hÉireann a fháil sa chogadh fhuilteach seo.

Cheana féin tá an Fhrainc i ndiaidh an comhaontas airgeadais a rinne siad leis an Aontas Eorpach a chur ar ceal agus tá siad i ndiaidh a gcuid caiteachais ar an arm a mhéadú go mór.

Seans gurb é cogadh mór eile an rud atá de dhíobháil ar eacnamaíocht lag na Fraince anois le brí úr a chur ann.

Tá Hollande anois ag baint leasa as alt 42.7 de Chonradh Liospóin, “clásáil na dlúpháirtíochta” mar dhea, a thugann ar stáit eile san AE cuidiú leis an Fhrainc “ar dhóigh ar bith atá d’acmhainn acu”.

Mór mór an náire seo.

Níl ról ar bith le himirt ag Éirinn in iarracht eile ar na seanChrosáidí in éadan an domhain Arabaigh.

Coinneoidh mise mo chuid dlúthpháirtíochta d’íospartaigh na héagóra i ngach cearn den domhan, íospartaigh impiriúlachas na Fraince san áireamh.

Mar a dúirt an fealsamh polaitiúil Derrick Jensen:

“Tá an tsibhialtacht bunaithe ar chéimlathas follasach a ghlactar leis go coitianta ach nach minic a dhéantar cur síos air. Mórchuid an ama ní fheictear an foréigean a dhéanann siad siúd atá níos airde sa chéimlathas orthu siúd atá níos ísle, sin é le rá nach dtugtar faoi deara é. Nuair a thugtar faoi deara é, déantar é a réasúnú. Foréigean a dhéanann siad siúd atá níos ísle sa chéimlathas orthu siúd atá níos airde, tá sé doshamhlaithe, agus nuair a tharlaíonn sé leanann scanradh, sceimhle agus feitisiú na n-íospartach é.”

SCÉALTA EILE