Scóráil Lionel Messi ceann de shárchúil an tséasúir i mbua 3-1 Barcelona ar Athletic Bilbao i gcluiche ceannais La Copa del Rey (Corn an Rí) aréir ach ní hé an t-éacht sin amháin atá ag cruthú na gceannlínte inniu.
Is comórtas é an Copa atá ar aon dul le Corn FA Shasana agus bíonn rí na Spáinne i láthair ag an chluiche ceannais gach bliain chun breathnú ar chríoch an chomórtais agus chun éisteacht le hamhrán náisiúnta na Spáinne á sheinm ar fud na páirce roimh thús na himeartha.
I mbliana áfach bhí foirne ó dhá náisiún a bhfuil a bhféiniúlachtaí láidre féin – agus gluaiseachtaí beoga neamhspleáchais – acu in iomaíocht sa chluiche ceannais, agus is beag a meas ar mhonarcacht neamhdhaonlathach Mhaidrid.
Lena ndímheas a léiriú tháinig na Bascaigh ó Athletic agus Catalónaigh Barça le chéile chun faíreach agus feadaíl ollmhór a dhéanamh le linn amhrán náisiúnta na Spáinne, an ‘Marcha Real’ nach bhfuil aon liricí aige.
Is ar éigean a bhí tiúin an amhráin le cluinstin in aon chor (féach físeán thuas) agus beagnach gach duine den 100,000 sa Camp Nou ag glacadh páirte san oll-taispeántas i gcoinne riail na Spáinne.
Ní mó ná sásta a bhí na Spáinnigh ar ndóigh, go háirithe le Príomhaire na Catalóine, Artur Mas, a bhí ina sheasamh in aice an rí agus miongháire ar a aghaidh le linn an amhráin, mar atá le feiceáil sna grianghraif seo ón chraoltóir náisiúnta Catalónach:
Xiulada monumental a l’himne d’Espanya en l’estrena de Felip VI a la Copa http://t.co/FhDA8QWg3O pic.twitter.com/LajGHwllyN
— 324.cat (@324cat) May 30, 2015
Léiríodh tacaíocht tréan don bhúireach áfach ar fud Thír na mBascach agus na Catalóine, áit a mbeidh toghcháin chinniúnacha – atá á reáchtáil ag rialtas Barcelona mar vóta ar neamhspleáchas – ar siúl níos moille i mbliana.