Tá an rud nach bhféadfaí a shamhlú tar éis tarlú agus an Poblachtánach conspóideach Donald Trump tofa mar an 45ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Cé nach bhfuil an ‘trumplach’ iomlán bainte amach aige go fóill, tá sé á thuairisciú gur chuir Hillary Clinton glaoch ar Trump ag thart ar 7.30rn am na hÉireann chun a rá leis gur ghéill sí dó i rás dhá chapall na hUachtaránachta.
Mar is gnáth, bhí giolcairí Gaelacha i SAM féin agus ar an taobh seo den aigéan mhór ag leanúint an scéil go géar le linn na hoíche.
Seo spléachadh ar chuid den ghéarchúis a bhí le feiceáil ar Twitter agus na torthaí ag teacht isteach.
Thosaigh sé amach agus giúmar measartha éadrom san aer…
Arsa mo mhac liom: “Mhama, má bhuann #Clinton inniu gheobhaidh muid madadh, má bhuann #Trump ní bhfaighidh.” Rogha an dá dhíogha agam…
— Sorcha Ní Mhonacháin (@sorchanimh) 8 Samhain 2016
Beidh faoiseamh orm tar éis an toghchán – FOCAL AN LAE #Gaeilge #FocalAnLae #Saotharlann #Irish pic.twitter.com/oWeEJnFeZe
— Kay Stauffer (@saotharlann) 8 Samhain 2016
Cad a thabharfaidh Daidi na Nollag go Meirica anocht? #clinton #trump pic.twitter.com/cy7fWd1MWQ
— Helen Ni Shé (@MuintirShe) 8 Samhain 2016
Bhí an tuairisceoir Ailbhe Ó Monacháin i measc na gcéad daoine chun tuar luath a dhéanamh…
Ok mar sin duine r bith sásta tuar a dhéanamh?
Má tá sé le bheith cosúil le #brexit plusplusplus déarfaidh mise TRUMP!— Ailbhe Ó Monacháin (@AilbheOM) 9 Samhain 2016
Faoi 2rn ar maidin ba léir nach mbeadh sé chomh héasca do Clinton agus a síleadh tráth.
A mhuintir Broward County, Florida, déanfaimid dearmad amárach oraibh, ach táimid ar cipíní ag fanacht ar scéal anocht uaibh… pic.twitter.com/O7pzdleHJX
— Tuairisc.ie (@tuairiscnuacht) 9 Samhain 2016
Uair an chloig ina dhiaidh agus scéal cinnte a bhí ann go raibh an t-iarrthóir Daonlathach i dtrioblóid…
@TomaiRua tá mo chroí i mo bhéal…
— Barton Creeth (@bartoncreeth) 9 Samhain 2016
Ach ar a laghad bhí iriseoirí aitheanta in ann an greann a fheiceáil…
Beidh sé deacair anois éalú ón bpósadh ar mhaithe le saoránacht Éireannach a gheall mé do 10 Meiriceánach éagsúla anois… #ElectionNight
— Maitiú Ó Coimín (@maitiuocoimin) 9 Samhain 2016
Beidh orainn tearmann ó trump a bhunadh i dToraigh le éalú uaidh seo #Trump #ElectionNight #toghchán
— Áine Ní Bhreisleáin (@AineEibhlin) 9 Samhain 2016
Rinne an giolcaire Gaelach is gníomhaí ar líne, a chónaíonn i Los Angeles, scagadh níos dáiríre ar an toradh.
4. Níor sheas Hillary d’athrú#MarAngCéanna a bheadh ann léi
Ní ceart ná cóir sin so
roghnaigh siad athrú.
Fós, ciníochas an cúis is láidre.— tuigim (@Tuigim) 9 Samhain 2016
Agus bhí príomhamhránaí Seo Linn fós ag mothú an Bern!
@LauraNiCheal …4 bliana spéisiúil ós ár gcomhair… ní fhéadfainn gan smaoineamh ar céard a tharlódh dá rithfeadh Bernie… muise..
— Stiofán Ó Fearail (@stiofanofearail) 9 Samhain 2016
Rinne Maitiú Ó Coimín tagairt shearbhasach don dúchas Gaelach atá ag Trump (ba chainteoir Gàidhlig as Leòdhas a mháthair).
Ara, ar a laghad is de shliocht na nGael é…right? #electionnight #Meiriceá
— Maitiú Ó Coimín (@maitiuocoimin) 9 Samhain 2016
Seo mar a bhris muid féin an nuacht mhór.
Tá Hillary Clinton tar éis géilleadh i dtoghchán uachtaránachta SAM. #trumplach #toghchánSAM #USElectionDay2016 pic.twitter.com/uONxu9R5RA
— NÓS (@nosmag) 9 Samhain 2016
Ach fágfaidh muid an focal deiridh ag Dáithí dána 🙂
Ár nUachtarán vs. Bhur nUachtarán. pic.twitter.com/DjdpJNDAvK
— Dáithí de Mórdha (@DDeibhinn) 9 Samhain 2016