Gaeil ar son an phósta chomhghnéis

Tá lá an reifrinn ar an phósadh comhgnéis ag teannadh linn, agus taobh ‘Tá’ lán dóchais go n-éireoidh leo agus go nglacfar leis an rún.

Dé Domhnaigh sheol an carthanas Amnesty International an feachtas s’acu féin ar son an phósta chomhgnéis, ach tá go leor grúpaí eile ag tacú leis an rún, agus Gaeil iad cuid mhaith acu.

Bunaíodh an leathanach Pobal na Gaeilge do Yes Equality ar Facebook le seachtain anuas, agus tá an haischlib #MakeGráTheLaw ag fás leis le tamall chomh maith.

An Siopa Leabhar, atá lonnaithe i gCeannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath, tar éis cártaí speisialta bainise a chur ar díol a léiríonn gach uile taobh den phósadh a bheidh ann má éiríonn leis an reifreann.

Mheall pictiúir de na carachtair neart tráchta ar na meáin shóisialta le déanaí agus seo iad cuid acu… cad a shíleann sibh?!

carta-2


carta-1


carta-3

SCÉALTA EILE