Tá sé fógartha ag baill de chuid Misneach i mBaile Átha Cliath gurb iad a bhí taobh thiar den ghraifítí a scríobhadh ar an mheirge conspóideach faoi 1916 atá ar crochadh i bhFaiche an Choláiste i lár na príomhchathrach.
‘35,000′ a chuir siad ar aghaidh John Redmond, tagairt do líon na nÉireannach a fuair bás sa Chéad Chogadh Domhanda, cogadh ar impigh Redmond ar Éireannaigh páirt a ghlacadh ann.
Chuir Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, faoi threoir ó Roinn an Taoisigh, an meirge in airde ar sheantithe na parlaiminte (Banc na hÉireann anois) roinnt seachtainí ó shin ach cáineadh an cinneadh láithreach de bharr na ndaoine a bhí le feiceáil air.
Ina measc sin tá Henry Grattan, Dónall Ó Conaill agus Charles Stewart Parnell, a bhí ar fad marbh i bhfad roimh Éirí Amach na Cásca 1916, agus ansin Redmond, a cháin an tÉirí Amach go láidir agus a rinne cur síos air mar imeacht “wicked and insane”.
“Is iarracht é an meirge lochtach seo chun laghdú ar luach a dhéanamh ar ár stair réabhlóideach,” a dúirt urlabhraí de chuid Misneach ar a leathanach Facebook.
“Teastaíonn ón stát comhchéim a thabhairt do náisiúnaigh bhunreachtúla choiméadacha a bhí glan i gcoinne pholaitíocht fhorásach lucht an Éirí Amach.”
Ní hamháin nach raibh triúr ar an mheirge beo in 1916, dúirt siad, ach bhí Redmond i gcoinne na forbartha agus na réabhlóide ar go leor bealaí eile.
“Bhí sé i gcoinne vótaí do mhná, i gcoinne na gceardchumman agus i gcoinne pinsean a thabhairt do sheandaoine.”
Chríochnaigh Misneach a ráiteas le tagairt do staraí aitheanta a dúirt le déanaí gur “cacamas neamhstairiúil” é an meirge.
Níl aon rud ráite ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath faoin ghníomh díreach go fóill.