Hasta an Bua

Tar éis bhás Hugo Chávez breathnaíonn Feargal Mac Ionnrachtaigh ar na hathruithe dearfacha a chuir an ceannaire i bhfeidhm i Veiniséala agus áitíonn sé go bhfuil sé barrthábhachtach go leanann réabhlóid na ndaoine ar aghaidh.


Ag tús mhí an Mhárta seo caite d’imigh duine de na ceannairí ba charasmataí agus ba dhaonna riamh i saol polaitiúil na linne seo.

Ba léir ó aisfhreagra mothúchánach na ngnáthdhaoine i Veiniseála i ndiaidh bhás Hugo Chávez Frías go raibh muid ag amharc ar imeacht ceannaire a raibh tacaíocht fhorleathan aige, a bhí go mór i gcroíthe a phobail féin.

Agus tá sé furasta a thuigbheáil cad chuige.

Ó thosaigh Chávez ar an réabhlóid Bholavarach – neamhspleáchas geilleagrach, cothromas, dáileadh an tsaibhris, deireadh le caimiléireacht – a tabhairt isteach sa tír, tá feabhas suntasach tagtha ar chaighdeán saoil mhuintir Veiniseála.

An rachmas ina bhun

Bhí Veiniséala in áit an-difriúil, áfach, nuair a tháinig ann do chlú Chávez an chéad uair thiar in 1992.

Chuir Uachtarán na tíre ag an am, Carlos Andrés Pérez, polasaithe eacnamaíochta nua-liobrálacha i bhfeidhm, a mhúnlaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an IMF, agus a rinne léirscrios neamhthrócaireach ar bhochtáin na tíre.

Úsáideadh an lámh láidir chun na hollchíréibeanna in aghaidh na gciorruithe ar chaiteachas sóisialta a chur faoi chois ag deireadh na 80í agus dúnmharaíodh níos mó ná 276 agóideoir i slad an El Caracazo.

D’eagraigh Chávez, agus é ina cheannfort míleata san arm ag an am, ‘coup’ teipthe in éadán an tsean-réimis, agus chríochnaigh sé ag caitheamh dhá bhliain i bpríosún dá bharr.

Ar scaoileadh saor ón phríosún dó sheol sé páirtí polaitiúil úr darbh ainm Gluaiseacht an Chúigiú Poblacht, a tháinig chun cumhachta in 1998.

Sa tréimhse seo, cuireadh córas measarthach i bhfeidhm a bhí bunaithe ar an daonlathas sóisialta mar gur chreid Chávez ag an am sa ‘Tríú Bealach’ a mhol caipitleachas le ‘haghaidh dhaonna’.

Nuair a toghadh arís é sa bhliain 2000, chuir sé leis an chlár leasuithe sóisialta le bunú comhairlí pobalda, comharchumann oibrí-bhainistithe, chomh maith le clár leasuithe ar chóras na talún a chríochnaigh le náisiúnú déanta ar roinnt tionscal áirithe.

Ach ba é an dúshlán a cuireadh roimh an tionscal ola in 2001 a spreag freasúracht fhíochmhar ón eite dheis rachmasach sa tír agus a comhghuaillithe idirnáisiúnta.

D’eagraigh siad ‘coup’ in éadan an réimis Bholavaraigh, le tacaíocht ó Rialtas Bush i Meiriceá, in Aibreán 2002.

Ghlac ceannairí frith-Chávez san arm, agus a gcomhghleacaithe polaitiúla agus gnó, seilbh ar Phálás an Rialtais agus b’éigean do Chávez seasamh síos, bíodh is gur dhiúltaigh sé éirí as mar Uachtarán.

Le Chávez faoi choimeád an airm, d’fhógair an ceannaire gnó rachmasach Pedro Carmona gur uachtarán ar rialtas sealadach a bhí ann agus cealaíodh bunreacht 1999.

D’fholmhaigh na barrios ina maireann cosmhuintir na tíre láithreach agus spreagadh na céadta míle chun agóidíochta ar son an chórais Bholavaraigh agus i dtreo Phálás an Rialtais.

Bhí Chávez ar ais i gcumhacht taobh istigh de chúpla lá.

Venezuela

Uair na cinniúna

D’éirigh polaitíocht Chávez agus an Ghluaiseacht Bholavarach ní ba radacaí mar gheall ar an eispéireas seo agus iad ag tuiscint nárbh fhéidir ‘aghaidh dhaonna’ a chur ar an chaipitleachas.

D’fhógair Chávez ag an Fhóram Sóisialta Domhanda i mí Eanáir 2005 gur shóisialach a bhí ann agus é ag moladh cur chuige úir a fhóireann don mhílaois úr; “Caithfidh muid sóisialachas a athcheapadh agus ní an cineál a bhí san Aontas Sóivéadach… ach sóisialachas úr, leagan daonna, a chuireann daoine agus ní meaisíní nó an stát os comhair gach rud eile. Beidh seo bunaithe ar chomhoibriú seachas comórtas.”

D’ardaigh luas an chláir chlaochlaithe soch- eacnamaíochta láithreach, le brabús stáit ó na tionscail náisiúnaithe ag bogadh i dtreo an oideachais, na sláinte agus cúrsaí fostaíochta.

Tháinig ísliú suntasach ar bhochtanas agus bhain Chavez bua cuimsitheach i dtoghchán 2006 le 63% de vóta an daonra iomlán.

Ó shin i leith, cuireadh acmhainní an stáit i dtreo chlár rialtais a fhorbraíonn sealúchas sóisialta, táirgeadh sóisialta agus táirgeadh ar son leasa shóisialaigh.

Tugadh cumhacht do na comhairlí pobalda agus monarchana oibrí-bhainistithe mar chuid den iarracht chun an stát sóisialach a thógáil ón bhun aníos.

Leanann an obair

Léirigh an móramh laghdaithe a bhain Rialtas Chávez ag deireadh na bliana seo caite go bhfuil an freasúra rachmasach ón eite dheis ag éirí níos eagraithe sa troid in éadan an cheartais.

Agus anois go bhfuil an fear a thiomáin an réabhlóid ón tús ar shlí na fírinne, tá dúshláin ar leith roimh an Pháirtí Sóisialach Aontaithe (PSUV) leanúint leis an obair agus a chinntiú nach n-úsáideann an freasúra an tréimhse seo mar dheis le hathghrúpáil agus neart a bhailiú arís.

Tá contúirtí áirithe inmheánacha ann fosta, ar nós na n-oifigeach rialtais buirgéiseach agus na bhfeidhmeannach páirtí atá in éadan cumhachta ón bhun aníos sna háiteanna oibre agus pobail.

D’fhéadfaí a áitiú gurbh é an cultas pearsan a tógadh timpeall ar Chávez ina bhac don mhórchuspóir chomh maith.

Cibé cinniúint atá i ndán do réabhlóid Bholavarach Veiniseála, áfach, is é an príomhthionchar atá aici ná dóchas a athmhuscailt agus léiriú go bhfuil rogha eile ann seachas an nualiobrálachas agus loighic an ‘chaipitil’.

Taispeánadh go soiléir gur féidir sochaí a phleanáil agus a reáchtáil ina bhfuil ‘forbairt dhaonna’ i gcroílár na forbartha eacnamaíochta.

Tá todhchaí an domhain agus an chine dhaonna i gcoitinne ag brath go mór ar bhua fhadtearmach an tsóisialachais úir seo.

SCÉALTA EILE