‘Is cúis chóir cheart í cúis na bPalaistíneach – seasaimis leo!’

Is iontach liom go gcreideann aon duine beo rud ar bith a deir na meáin chumarsáide in Iarthar an domhain. Tá na mórmheáin, ar fud an Iarthair, ag iarraidh orainn leagan amháin de scéal na Palaistíne a chluinstin agus a chreidiúint. Tá ag éirí leo. 

Is cuma gur arm forghabhála iad arm Iosrael a dhiansmachtaíonn na críocha gafa le lámh róláidir. Is cuma go sáraíonn Iosrael líon rómhór rún de chuid na Náisiún Aontaithe, gan iarmhairtí ar bith. Is cuma gur coilínigh iad muintir Iosrael. Is cuma go bhfuil smacht ag Iosrael ar sholáthar bia, ar sholáthar aibhléise, ar sholáthar uisce agus ar sholáthar rud ar bith eile na bPalaistíneach agus a chasann sconna na maireachtála bealach amháin nó eile nuair is mian leo féin. 

Is cuma go bhfuil aerarm ollmhór acu, go bhfuil cabhlach cogaidh acu, is cuma sin uile agus níos mó, tá na meáin ag iarraidh orainn a chreidiúint gurb iad na Palaistínigh an dream ionsaitheach agus an pobal bagrach agus nach bhfuil Iosrael ach dá chosaint féin. Pobal nach bhfuil arm acu, nach bhfuil aon eitleán amháin acu fiú, nach bhfuil acu ach báid iascaigh. 

Ná creid nach bhfeicim na roicéid á scaoileadh isteach go cathracha Iosrael, agus aontaím go bhfuil na hionsaithe sin scéiniúil agus sceirdiúil, ach ní thig an dá thaobh a chur i gcomparáid lena chéile. Chuala mé an argóint sin le barraíocht blianta go bhfuil pobal amháin, na hIosraelaigh, á chosaint féin agus gurb é an pobal eile, na Palaistínigh, atá ar an ionsaí. 

Níl lucht Iosrael ag fulaingt mar an gcéanna. Ní mhothaíonn siadsan go bhfuil siad sa phríosún is mó ar domhan. Ní chailleann siadsan a gcuid talaimh agus a gcuid tithe lá i ndiaidh lae. Ní bhactar á soláthar uisce, ní mhúchtar an aibhléis, ní chuirtear bac ar sholáthar bia go rialta. Ná déanaimis an chomparáid sin gan na fíricí.

Is é atá ann ach gur finnéithe sinn den ghlanadh eitneach, den ghadaíocht talaimh, de na coireanna cogaidh, atá ag dul ar aghaidh le 70 bliain anuas. Ach ní hionadh é nach dtuigeann an gnáthdhuine gurb í sin an fhírinne. Cheapfá gur a mhalairt atá fíor, shílfeá gurb iad na Palaistínigh is ciontach as gach olc sa réigiún seo. Ach mharaigh fórsaí forghabhála Iosrael 80 Palaistíneach le seachtain anuas, páistí a bhí i 13 acu agus b’fhéidir níos mó anois ó scríobh mé seo. 

Maraíodh seachtar Iosraelach sa tréimhse sin chomh maith, agus beidh na teaghlaigh sin ag fulaingt chomh maith. Ní shéanaim sin, ach nuair a deirim go bhfuil ionsaithe Iosrael thar fóir agus as compás, tuigim go maith gur neamhleor an ráiteas é. Níl siad ag dul thar fóir, mar is cuid de stráitéis leathan fhada é seo. Ní gnáthchogadh é seo mar ba mhian leis na meáin go gcreidfidh muid, níl na Palaistínigh ag iarraidh tír choimhthíoch a ghabháil agus níl aon arm acu leis sin a dhéanamh. 

Tá na mílte Palaistíneach i bpríosún gan chúis, idir óg agus aosta, gan aon chuairt ceadaithe ag teaghlaigh ná lucht dlí. Pionós achomhair as seasamh in éadan Iosrael. 

Ná bíodh aon dul amú ort, is cogadh tnáite é seo go cinnte, glanadh eithneach, agus iarracht iomlán ag lucht Iosrael muintir na Palaistíne a dhíothú, as a dtír féin, le nach mbeidh iomrá ar bith orthu arís go deo ach mar sceimhlitheoirí a cuireadh síos go dlíthiúil agus go cóir. Agus mar a dúirt mé cheana féin, tá ag éirí leo. Ach cad chuige?

Agus cé hiad na dreamanna atá ag tacú leis an uafás críochnaithe seo? Na sean-amhrasaithe céanna, ar ndóighe, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus a ndrong lústrach comhcheilge, an Ríocht Aontaithe, an Eoraip agus cúpla náisiún eile nach iad, agus is iad mórmheáin na dtíortha sin an t-armlón is láidre atá acu. 

Ach creid nó ná creid é, tá go leor de phobal an domhain in éadan pholasaí Iosrael sa Phalaistín agus seasann siad leis an Phalaistín sna Náisiúin Aontaithe. Ach, tá a veto ag SAM le bac a chur ar aon rún lena dtacaítear leis an Phalaistín nó aon rún i gcoinne Iosrael.  

Dá dheasca sin, níl fágtha ag na Palaistínigh ach a dtroid féin a dhéanamh, dá laghad é. Troid nach féidir leo a bhaint leo féin. Ní mór dúinne seasamh leo, tacú leo agus a bheith páirteach sa troid sin. Níl ach aon bhealach éifeachtach amháin againne le troid ar a son – an baghcat! 

Foghlaim fán bhaghcat, labhair le grúpaí eile a thacaíonn leis an Phalaistín, nocht tú féin den domhan agus cuir in iúl dóibh nach mbeidh tú sásta éisteacht le bréaga na meán a thuilleadh.  Is cúis chóir cheart í cúis na Palaistíne. Mura seasfaidh muidne leo, glacfaidh Iosrael leis go dtacaíonn muid lena thaobh agus go bhfuil cead a chinn aige a pholasaí díothaithe a chur i bhfeidhm. 

Ná déanaimis dearmad, tá lucht díolta arm ag súil leis an neamhaird a dhéanann muid, agus nach gcuirfear smachtbhannaí na pionós orthu siúd, ná ar Iosrael féin a gcuid arm a cheannach agus a dhíol, gan iarmhairtí ná chiontacht. 

Níl aon dabht agam ach go gcaillfidh Iosrael an troid seo sa deireadh thiar thall. An t-uafás a bheas ann roimhe sin, ná go bhfaighidh barraíocht Palaistíneach neamhchiontach bás agus roinnt eile Iosraelach. An mbeidh aon náire ar an lucht cogaíochta sna rialtais san Iarthar, agus sna meáin? Ní bheidh, ach amháin má éiríonn linne sin a chur orthu. Is fúinn féin é seasamh leis an Phalaistín le crógacht agus dúthracht na bPalaistíneach a bheathú agus a chothú. Seasaimis leo!

Is bréagach iad mórmheáin an Iarthair, ná creid a dhath ar bith a deir siad.