I rith na seachtaine seo caite ba chosúil nach raibh ach aon scéal amháin ag titim amach sa tír seo – cuairt Uachtaráin na Stát Aontaithe, Joe Biden. Bheifeá ag súil le clúdach ar a leithéid d’eachtra cinnte, beag beann ar an dearcadh a bheadh agat ar ról an bhoic úd i dtaca le cúrsaí polaitaíochta domhanda.
Agus ba chuimsitheach an clúdach a fuair muid: cuireadh síneadh le clár nuachta RTÉ oíche Dé Céadaoine chun cuairt an uachtaráin ar Dhún Dealgan a chuir os comhair an lucht féachana.
Ach b’easnamhach ar fad an anailís a fuarthas. Ba léir ó thús na cuairte nach raibh sé de mhisneach, nó b’fhéidir de mhian, ag na meáin chumarsáide anailís nó scagadh a dhéanamh ar a raibh le rá ag an uachtarán le linn na n-óráidí a thug sé agus é ar ais ar fhód a shinsear.
Agus i gcead do Joe, i gcaitheamh tréimhse cúpla lá, b’iomaí ábhair chainte a thug sé dúinn. D’éirigh leis na seanphoirt uilig a chasadh – rinne sé tagairt chiotach don choimhlint agus é i mBéal Feirste, mhaígh sé nach ‘fíor-Éireannach’ é siocair nach n-ólann sé, agus dúirt sé le teann iontais nach bhfuil a chuid gaolta in Éirinn sa phríosún.
Sa mhullach air sin uilig ar ndóigh, tá ráite ag Joe cheana gur Éireannach é, ach ní hé sin le rá gur bómán é. Dá gcluinfeá a leithéid i dteach tábhairne i gCill Airne is ar éigean bheifeá sásta níos mó ama a chaitheamh i gcuideachta an té a dúirt é. Is eiseamláir é an tUachtarán Biden den Phoncán aineolach, an té a dhéanann a shinsir a cheiliúradh trí cheap magaidh a dhéanamh astu.
Ba é an méid a bhí le rá aige fán tréimhse a chaith sé ag obair i bhfoisceacht cúpla céad méadar d’Ambasáid na Breataine in Washington ba mhó a thug mise suntas dó. “Tóg go bog é leis na hÉireannaigh”, ba ghnách le Joe a rá le hAmbasadóir na Breataine agus iad ag cabaireacht thar an sconsa, dar leis féin.
Is é sin bun agus barr an scéal i dtaobh tacaíocht na bPoncán do chúis na hÉireann – béalghrá báite i dtróip – agus is suarach an luach agus is féidir linne a bhaint aisti. Níl ina bhféiniúlacht Éireannach dóibh ach cleas cóisire, rud a bhíonn áisiúil chun tús a chur le comhráite. I gcás na móruaisle de shliocht na tíre seo a bhfuil poist in Washington acu, is do leas a maistrí sa Ghleann Sileacain atá siadsan ag obair, agus níl in Éirinn dóibh ach áit fhóirsteanach chun na cistí a líonadh le hairgead ba cheart a bheith i bpócaí ghnáthmuintir Mhéiriceá.
Ní raibh sé de shoineantacht agam a bheith ag súil le cur is cúiteamh ar ról na Stát Aontaithe i slad is scrios ar fud na cruinne, níor shíl mé riamh go gcloisfinn plé fán dóigh ina gcuireann na Poncáin a ladar isteach i gcúrsaí polaitaíochta thíortha Mhéiriceá Theas, nó fán dóigh ina dtacaíonn siad le réimis fhoréigeanacha i réigiúin eile.
A fhad is a bhaineann sé le cúrsaí polaitaíochta ba mhaith ab eol dúinn uilig caidé a bheadh ar na bacáin le linn na cuairte seo. Ní raibh seans na ngrást go ligfí do leithéidí Bríd Smith nó Richard Boyd Barrett teacht i ngiorracht scread asail don uachtarán ar eagla go gcuirfeadh siad isteach air. Agus leoga, fógraíodh ag tús na seachtaine go mbeadh PBP ag déanamh baghcat ar óráid an uactharáin sa Dáil, siocair nach mbeadh cead acu ceist a chur air. Chuirfeadh a raibh i láthair ann páistí beaga ag fanacht go foighdeach ar thaobh na páirce chun pictiúr a ghlacadh le David Clifford i gcuimhne duit.
Ní raibh fágtha sa bhearna bhaoil mar sin de ach lucht na meán cumarsáide, agus ar an drochuair chloígh siad lena gcur chuige ó thús na seachtaine. Ní hamháin go raibh ardán gan dúshlán ag an uachtarán, ach i dtaobh anailíse de níor chuala mé ach gur cumhachtach, corraitheach, maoithneach an óráid a thug sé.
Níl aon dallamullóg ormsa i dtaobh claontaí na meán Éireannach, agus dá bhrí sin is dócha gur chuir sé díoma seachas ionadh orm an dóigh ina ndearna siad fear cosúil le Joe Biden a cheiliúradh. Ach mar sin féin, bheinn ag súil le cur i gcoinne de shaghas inteacht in éadan díspeagadh agus aineolas ar a laghad.