‘Is maith ann an Comhaontú – gura fada buan é’

Thugas gach aon samhradh le linn m’óige ag dul go dtí na céilithe. Pé acu an i monarcha Ghlaise nó i Halla na Muirí a bhídís. Dá bhrí san, an t-amhrán a bhíodh im’ cheann na haon oíche ná Amhrán na bhFiann. Bhínn á chanadh nó á dhuanaireacht i ngan fhios dom féin gach aon lá.

Mura mbínn ag na céilithe, bhínn i mBéal Feirste le mo mháthair, ar thuairisc m’aintín agus mo chol ceathracha. Bhínn ag duanaireacht liom ar shráideanna na cathrach agus sinn amuigh ag spaisteoireacht nó go dtabharfadh mo mháthair sonc dom agus go ndéarfadh sí liom éisteacht. Níor thuigeasa ag an am gurb é ‘Amhrán Náisiúnta na hÉireann’ é. Amhrán na gcéilithe a bhí á lua agamsa leis.

B’in timpeall idir na blianta 1995-2003, roimh agus tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta. Bhíodh na sráideanna breac le póilíní agus na bóithre breac le veaineanna na bpóilíní, na veaineanna bána gránna san, go bhfuil saghas eireaball thiar orthu agus cuma an mhionphríosúin orthu.  Bhínn sceimhlithe acu, agus níor thuigeas cad chuige iad agus mé ana-óg. Chuirinn canúint Bhéal Feirste, a bhí go maith agam toisc mo chol ceathracha, orm féin agus mé i measc ógánach eile timpeall na sráide.

Níl iontu san ach rudaí beaga a d’fhan im’ chuimhne, ach cuimhním i gcónaí ar an saol a bhí ag m’aintín, Mary. Bhí sí féin agus a fear céile, Peter, agus a mac nuabheirthe Stephen ina gcónaí in árasán i gCúirt Salisbury, nuair a phléasc buama i stáisiún Donegall Pass de chuid an RUC a bhí ar chúl an árasáin.

Chuir an phléasc scoilt i bhfallaí an árasáin agus briseadh an fhuinneog. Ní rabhadar san árasán lena linn, mar cuireadh an ruaig ar gach éinne óna n-árasáin ag an am, ar eagla na heagla, agus bhí fothain agus dídean acu in ionad do thacsaithe, cóngarach don áit ar phléasc an buama.

Is cuimhin le m’aintín go gcaitheadar áit na dtacsaithe a fhágaint; Stephen beag ina dhá láimh ag Peter, agus smionagar ag titim ó fhoirgnimh mhóra ghloine anuas orthu agus iad ag teitheadh. Bhí san níos dainséaraí ná an buama féin, a dúirt sí. Chaith Stephen dul go dtí an t-ospidéal ina dhiaidh, ar eagla go raibh díobháil déanta dá chluasa ach tháinig sé tríd, agus is é Béal Feirste an áit is fearr leis ar domhan. Níor d’fhág an buama aon seanbhlas ina bhéal.

Babhta eile, bhíodar triúr sa chairt, ag filleadh ar Bhéal Feirste tar éis a bheith i gCorca Dhuibhne, nuair a ritheadar amach as peitreal díreach ag pointe seiceála na teorann. Chaith Peter dul ag triall ar bhreosla, de shiúl na gcos, agus is cuimhin le m’aintín, (bean tufálta láidir ceanndána a dóthain!) í féin agus Stephen beag arís, a bheith á faire ag na póilíní agus gunnaí ina lámha. B’fhada léi go mbaileoidís leo abhaile. An oíche sin, tháinig an t-arm agus na póilíní an tig chucu chun iad a cheistiú, mar go lámhachadh póilín ar an dteorainn tamaillín tar éis dóibh siúd í a thrasnú.

Ní haon iontas go mbíodh daoine ar tinneall le linn na dtrioblóidí, agus an bhraistint ann go mbíodh gach corr a dheinfeadh duine á fhaire ag duine eile. Chuaigh m’aintín ag siúl ag obair lá eile, agus chaith sí dul trí eastát Protastúnach, agus scaoil fear amháin a chuid madraí ina diaidh mar bhí a fhios aige nár Phrotastúnach í féin. Ba le Protastúnach a bhí sí pósta, agus níor chuir san aon mhairg uirthi, ná ar a fear céile. Bhí síocháin uathu beirt. Throideadar ar a son, gach uile lá, agus táim mórálach as a gcuid iarrachtaí.

Tá sí fós ag troid ar son cearta daonna, seirbhísí poiblí agus sláinte agus a thuilleadh fós, i Luimneach anois má tá. Deir sí nár thóg sí puinn ceann den saol a bhí ina haice le linn na 90idí agus bhlianta na mílaoise, mar go raibh gach mac máthar ag dul tríd an saol sa tslí chéanna léi thuaidh. Tá sí buíoch nach cuimhin lena beirt mhac aon phioc don suaitheadh ná don saol mar a bhí, agus ná fuil de chuimhne ag Stephen ach ar an saighdiúir a lig dó féachaint trí scóp a raidhfil nuair a bhí sé cúig bliana. Níl aon chuimhne aige ar bhuamaí ná ar bhrúidiúlacht. D’athraigh Comhaontú Aoine an Chéasta mórán rudaí, atá neamhghnách sa lá atá inniu ann, i saol an ghnáthdhuine ag an am. Is maith ann an Comhaontú, agus gura fada buan é.

SCÉALTA EILE