Tá sé thar am, dar liom, an plé i dtaobh na leithghabhála cultúrtha a thabhairt chomh fada leis na meáin Ghaeilge.
Téarma Gaeilge is ea é an ‘leithghabháil chultúrtha’ go mb’fhéidir nár chuala aon duine de léitheoirí léannta na hirise seo riamh cheana, ach a mbíonn an coincheap dá dtagraíonn sé go comónta á phlé ar na meáin shóisialta i dteangacha eile.
Coincheap is ea an leithghabháil chultúrtha a fáisceadh as aeráid ollscoile SAM, agus luíonn sé le ciall más ea gur fearr cur amach a bheadh ag daoine ar an téarma i mBéarla.
Spárálfaidh mé an turas go dtí tearma.ie oraibh: ‘cultural appropriation’ atá fé thrácht agam, agus is é atá i gceist leis sin ná cineál cúisimh a dhéantar i leith daoine a bhaineann leas féinchúiseach easurramach as gnéithe de chultúir eile seachas an mórchultúr ceannasach – go mór mhór nuair is cultúir a shamhlaítear a bheith fé chois a bhíonn i gceist.
Bheadh ‘leithghabháil chultúrtha’ mar théarma ar comhchiall le ‘ciníochas’, nó gearr go maith dhó, mar sin.
Tá an téarma féin in úsáid ón mbliain 1960 ar a luaithe, tráth ar cuireadh i gcló é mar chuid d’alt a foilsíodh in imleabhar 56 den Art Journal, de chuid an College Art Association of America.
Thugas-sa spéis fé leithligh don dtéarma i rith an tsamhraidh seo a d’imigh tharainn agus mé ag machnamh os ard ar mo ghlib mhór fhada a chóiriú go néata ina dtrilseáin ghruaige.
Má bhí, is gearr an mhoill a bhí ar mo pháirtí Francach a chur in iúl dom gur leithghabháil chultúrtha a bheadh i gceist lena leithéid ar an mbonn gur le stíl ghruaige ar le daoine gorma é a bhaineann na trilseáin a theastaigh uaim a fháilt.
Ba é m’fhreagra féin ar an méid sin ná gur le barr measa ar bhunús na stíle céanna a dhéanfainn aithris uirthi, agus pé scéal é, go mbíodh trilseáin ghruaige á gcaitheamh fadó ag na Gaeil ar dhuine dílis díobh mé féin.
Freagra réasúnta, ba dhóigh leat, ach níor sásaíodh mo chéile comhrá, agus tháinig eagla mo cháinte i ndeireadh thiar orm – maithfear m’eagla dhom ach cuimhneamh ar an gciapadh idirlín a d’fhulaing gruagadóir Sasanach darb ainm cuí dó Elliot Locke mar gheall ar ghruaig shúgánach a bheith á cur mar stíl ar a gcuid cliant aige.
Is ea, gearr ar gcúl agus ar an dtaobh a fuaireas mar bhearradh cúramach gruaige roimh champas coimeádach Ollscoil Notre Dame a bhaint amach mar scoláire Fulbright Gaeilge mí Lúnasa seo caite.
Níor tháinig aon stad ar thagairtí dhon leithghabháil chultúrtha i gcaitheamh an téarma áfach.
Níorbh fhada, mar shampla, go raibh an tSamhain buailte linn, agus an campas maisithe go mánla thar oíche ag puimcíní péacacha spraoi.
Anois, féile ó Éirinn is ea an tSamhain, agus barr ó chultúr talmhaíochta bhundúchasaigh Mheiriceá atá sa phuimcín.
Is deas liom féin an métissage cultúrtha a bhaineann lena leithéid, agus leis an iliomad gnéithe eile den tsochaí Mheiriceánach.
Tá gnéithe eile dhon tSamhain nach réitíonn le cách, ámh, agus b’shin nó ag roinnt mhaith de lucht ollscoile na Stát Aontaithe mar ar tháinig ann i mbliana do dhíospóireacht theasaí i dtaobh na slí ina mbíonn daoine á ngléasadh féin mar cheiliúradh ar Oíche Shamhna.
Cuirim i gcás go mb’fhéidir go gcuirfí leithghabháil chultúrtha i leith an té a rachadh amach agus sombrero á chaitheamh aige Oíche Shamhna.
Ba í aeráid seo na díospóireachta a thug ar mhic agus ar iníonacha léinn na tíre tabhairt fé idir mheáin shóisialta agus shráideanna, agus “ní hionann ár gcultúr agus bhur gcultacha” agus manaí eile nach é acu ar fhógraí a d’fhearadar go fíochmhar.
Táim féin i bhfábhar go mbeadh gach ball den gcine daonna níos cáiréisí agus níos tuisciní ó thaobh an tsiombalachais a bhaineann le feistis ó náisiúin eile a úsáid chun cuileachtan.
N’fheadar áfach an mbaineann fimíneacht leis an tslat tomhais a bhíonn ag daoine áirithe ó thaobh na dtíortha a bhfuil cead gnéithe dá gcultúr a thógaint ar iasacht agus ó thaobh na dtíortha nach bhfuil.
Pé an olc nó maith leat é, is léir i Meiriceá Thuaidh go bhfuil Éire ar liosta na náisiún a gceadaítear a bheith ag súgradh gan teorainn le siombailí a bhféiniúlachta náisiúnta, agus leipreacháin dhiabhalta go minic mar chleas margaíochta ‘Éireannach’ a chuireann conach ormsa, fé mar a chuireann mórán dá mbíonn le feiscint i mBarra an Teampaill.
Ach fóill ort, a léitheoir, na cultúir nach bhfuil cead a thuilleadh tagairt dá laghad a dhéanamh dóibh d’fhonn cúiseamh an chiníochais a sheachaint – an bhfuil an scéal pioc níos fearr acu san?
An aontaíonn baill na gcultúr féin gur chóir cinsireacht mar é a dhéanamh orthu agus iad á bhfágaint amach as an tsúil phoiblí dá dheasca?
B’fhearr dhom éirí as ar fad fén dtráth seo.
Más léir gur fadhbach é coincheap seo na leithghabhála cultúrtha, tá sé downright dainséarach leis, agus iriseoir a cheannaigh an chiall sin go daor is ea Hal Niedzviecki.
Cuireadh iachall an tseachtain seo a d’imigh tharainn ar an gCeanadach fir ‘Write: The Magazine of Writer’s Union of Canada’ a fhágaint de bharr an choil a glacadh go forleathan le halt uaidh dar teideal ‘Winning the Appropriation Prize’.
Déarfainn, áfach, go rachadh díom fanúint i mo thost mí an Mhárta seo chughainn lena mbeidh ann de chéapar i rith Lá Fhéile Pádraig a bheith á cheiliúradh sna Stáit Aontaithe!