Mara mbeidh slí dos na Gaeil in Éirinn Aontaithe, orainn féin – agus orainn féin amháin – a bheidh an locht

Tá cur is cúiteamh ar Éirinn Aontaithe fé lán seoil le tamall de thréimhse anois. I gceithre hairde na tíre seo, tá Éire nódh á samhlú le flosc is le fonn, nó go deimhin féinig le masmas agus le múisiam. Tá an díospóireacht ar an ábhar go tiubh sna meáin Bhéarla agus todhchaí na tíre á cur trí chéile gach aon seachtain. Ach an amhlaidh an scéal i measc na nGael? Cuirim peann le pár inniu, a léitheoir, le taom imní, áfach, agus buairt orm nach amhlaidh. Ná cuireadh an dochma úd ó dhoras tú, áfach, óir is i méid a théann an misneach san alt.

Tréimhse chinniúnach staire is ea na blianta amach romhainn agus ábhar mór dóchais is ea na blianta céanna. Tá glúin nódh ag teacht in inmhe agus ag múnlú todhchaí na hÉireann. Is diail na deiseanna romhainn, ach iad a éileamh agus a thapú. Tá ré na cinniúna agus ré na mórdheiseanna ag fáiltiú romhainn, ach is baolach go bhfuil na Gaeil ag tabhairt an eitigh di le neamhshuim agus neamhaird. 

Má tá aon chaint ar Éirinn Aontaithe i measc phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, is tearc í an díospóireacht chéanna. Is rómhinic go mbímid – ó dheas go príomha – in easnamh ar fad ar dhíospóireachtaí an Bhéarla leis, rud a fhágann go bhfuil baol nach beag anois ann go múnlófar an comhrá agus an Éire nódh so in éagmais na nGael. 

Tá traidisiún radacach réabhlóideach neamhbhriste againn mar phobal. Ós na hÉireannaigh Aontaithe, go Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta, suas chomh fada le glúin na mBlocanna H agus an Dream Dearg, throid – agus troideann – na Gaeil go craosach agus go hardghlórach d’fhonn todhchaí níos a fearr a bhaint amach. Tá dualgas na gcianta orainn, mar sin, lorg ár sinsear a leanúint agus ár rian a fhágaint ar stair agus ar chinniúint na tíre seo sna blianta beaga romhainn.  Má fhágtar fé lucht an Bhéarla in Éirinn amhlaidh a dhéanamh agus an chaint ar Éirinn Aontaithe a stiúradh, áfach, bí siúraltha gur le hanamnacha na marbh a luífidh na Gaeil feasta.  

Ní fiú paidir chapaill a dhéanamh den mbaol úd níos a mhó. Teastaíonn uaim go spreagfaidh an t-alt so pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i mbun gnímh agus gur tuar dóchais a bheidh sa chaint chéanna. Féachaimis mar sin ar conas is fearr is féidir leis na Gaeil – idir eagrais Ghaelainne agus an chosmhuintir – teacht sna sála ar lucht an Bhéarla agus páirt a ghlacadh go fonnmhar sa chomhrá.  

Tá ról agus cumhacht ar leith ag na heagrais Ghaelainne sa chur is cúiteamh ar Éirinn Aontaithe. An Piarsach féin a dúirt gur tús na réabhlóide ab ea bunú Chonradh na Gaeilge. Go deimhin is mó gaisce a chuir an t-eagras de go stairiúil agus is diail an rian a d’fhág sé ar Éirinn ar bhunú dó.

Tá dualgas ar an gConradh, mar sin, mar aon le Foras na Gaeilge agus Glór na nGael, na maidí a ghéarú agus na Gaeil a tharrac le chéile d’fhonn an cheist bhunreachtúil a phlé agus díospóireacht ar an ábhar a éascú. Níor mhiste dóibh an dualgas céanna a chomhlíonadh gan mhórmhoill, áfach, óir tá práinn anois ag baint leis an gcaint. 

Cá bhfios ach go bhféadfadh na heagrais chéanna taighde a dhéanamh ar réimse leathan ceisteanna a bhaineann le seasamh na teangan in Éirinn Aontaithe chomh maith. Cad iad na seirbhísí ar chóir a bheith ar fáil inti? Conas a chosnófar féiniúlacht na nAontachtaithe a labhrann Gaelainn inti? Conas a chuirfear le fás na Gaelscolaíochta inti? Conas is fearr is féidir linn fíorchearta teangan, fíorshaoirse chultúrtha agus fíorshochaí dhátheangach a bhaint amach nuair a chuirfear deireadh leis an gcríochdheighilt fé dheireadh is fé dheoidh? 

Léiríonn rialtas an deiscirt arís is arís eile gur politique l’autruche is dual dóibh chomh fada lena mbaineann sé leis an bpleanáil d’Éirinn Aontaithe. Tuigeann na Gaeil go rímhaith gur a leithéid de chur chuige a bhíonn acu do chúrsaí teangan leis. Go ndéana na heagrais Ghaelainne an beart iad féin mar sin, agus go réití siad an bealach don teanga in Éirinn Aontaithe. Gníomh contúirteach místuama a bheadh anois ann mara nglacfaimis chugainn armlann an eolais agus na prapála gan mhoill, agus gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil Éire Aontaithe anois ag teannadh linn go mear. 

Níos tábhachtaí ná cumhacht na n-eagras, áfach, tá cumhacht na ndaoine. Léirigh na reifrinn ba dhéanaí in Éirinn gur a bhuí leis an ngnáthdhuine, a shaothraíonn ón talamh aníos, go n-éiríonn le reifrinn ar cheisteanna móra sóisialta ár linne. 

Ná fág fés na polaiteoirí amháin an chaint seo a dhéanamh agus ár dtodhchaí a cheapadh. Glaicse an chumhacht chugat féin agus múnlaighse an tír. Cuir tús leis an gcabaireacht age baile, sa tigh tábhairne, san ollscoil, sa seomra foirne. Téir níos faide leis an scéal agus eagraigh cainteanna agus seisiúin phlé i do halla áitiúil pobail. Áitigh go fíochmhar ar stáisiún raidió do dhúthaighse nach mór deireadh a chur leis an gcríochdheighilt. Téir i mbun pinn agus roinn an fhís atá agat d’Éirinn Aontaithe. Treabh na meáin éagsúla agus pléigh na deiseanna diamhra atá amach romhainn. Cuirse síol machnaimh in intinn an phobail, agus seas an fód dos na Gaeil. Bíodh de phribhléid ag clann do chlainne a rá gur chuid de mheitheal tú a chuir deireadh leis an gcríochdheighilt in Éirinn agus a d’aontaigh an tír.

Is rómhinic cúis ghearáin ages na Gaeil go ndéantar íochtaráin dínn inár dtír féin, agus go ruaigtear sinn go fíorimeall na sochaí. Tá an baol céanna ag bagairt orainn in athuair agus lucht an bhourgeoisie sásta an Ghaelainn a ghéilleadh agus Éire nódh á samhlú acu. Dá bhfíorófaí a n-aisling dhamanta chéanna, ní bheidh mar leithscéal againn ach nár ghlacamar féin páirt ghníomhach sa díospóireacht agus i múnlú an stáit nódh seo.  Mara mbeidh slí dos na Gaeil in Éirinn Aontaithe, orainn féin – agus orainn féin amháin – a bheidh an locht.

Cuirfear le cearta na nGael in Éirinn Aontaithe. Ní bhainfear díobh. Go deimhin ba é n an Cadhnach féin a d’áitigh gurb ionann athghabháil na tíre seo agus athghabháil na teangan. Ní gan dua a chuirfear leis na cearta úd, áfach, agus is fúinn féin atá sé na cearta céanna a éileamh. 

Ar an tslí chéanna, ní féidir linn talamh slán a dhéanamh de go mbainfear Éire Aontaithe amach ach oiread. Is le dúthracht, deora agus díograis amháin a bhainfear amach í, ach is fiú an tairbhe an trioblóid. Ba phraiseach í an chríochdheighilt an chéad lá riamh, agus is i dtreise atá an fhianaise ag dul ó bhí an Breatimeacht ann. 

Tá deis ar leith anois age muintir na hÉireann, áfach, athshamhlú ó bhonn a dhéanamh ar ár dtír agus ar ár sochaí trí chéile. Níl teora leis na féidearthachtaí a bhaineann léi. Ó thaobh cúrsaí teanga go cúrsaí tithíochta, ón gcóras sláinte go bláthú na Gaeltachta, d’fhéadfaimis todhchaí agus tír níos a fhearr a chruthú leis an deis ar leith seo atá romhainn. Níl an deis úd ag tír ar bith eile san Eoraip mar a sheasann cúrsaí.  

Tréimhse ar leith staire is ea ár linnse, a chairde. Tá 800 bliain de stair ag baint a buaice amach leis an bhféidearthacht ar Éirinn nódh, Éirinn Aontaithe. Aontas daoine a bheidh i gceist léi, agus beidh fáilte Uí Cheallaigh inti roimh gach saghas duine, cuma dubh, bán, riabhach, Gall nó Gael.

Bíodh na Gaeil go glórmhar agus go glórach i lár an aonaigh sna blianta beaga romhainn, mar sin. Glacaimis páirt sa phlé. Bímis uaillmhianach lenár n-éilimh. Cloímis le traidisiún réabhlóideach ár sinsear is ná ligimis na maidí le sruth.  Múnlaímis Fódla nódh, le chéile, mar a mbeidh fáilte roim chách.  

SCÉALTA EILE